Ag cuartú uaighe a bhí mé arís. Tá an chosúlacht orm le tamall go bhfuil suim mhíshláintiúil agam i reiligí.
Shíl mé go raibh gach rud ina cheart nuair a d’aimsigh mé plean na reilige agus é greamaithe don gheata ar an mbealach isteach. Uimhir ar gach uaigh agus ainm ag dul leis. Bhí liom.
Ach ba léir gur chlis ar an bplean sin, ar nós gach rud eile ar tháinig deireadh tobann leis, nuair a tháinig an phaindéim, i mí na Márta 2020.
Ní raibh aon mhaith ann, ní éireodh liom an geábh seo.
Bhí mé féin, mo dheirfiúr agus m’aint ag Reilig an Chreagaigh, gar do Bhéal Easa, i gcontae Mhaigh Eo. Bhí suim agam i scéal an Ambasadóra ón Airgintín, Laura Bernal a cuireadh sa reilig seo. Ach cén chaoi a n-aimseoinn an uaigh?
Thriail mé glaoch ar uimhir an té a rinne plean na reilige. Bhí a uimhir scríofa go soiléir ag bun an leathanaigh ar an ngeata. Fón soghluaiste a bhí ann. Fuair mé freagra, ceart go leor.
“Tá mé ar mo bhealach isteach ag an dinnéar, an bhfeadfá glaoch maidin Dé Luain?” a d’fhiafraigh an fear díom. Ní fhéadfadh.
Bhíomar ar cuairt dhá lá ar ár n-aintín Phyllis – an bhean ar scríobh mé fúithi cheana anseo.
Agus muid ag spaisteoireacht in aice Abhainn na Muaidhe an lá roimhe sin, thug mé faoi deara na cuimhneacháin ar fad a bhí leagtha amach ansin in ómós don Aimiréal de Brún.
Bhí scéal a bheatha leagtha amach ar phlaiceanna miotail – ceann i ndiaidh ceann eile, ón lá ar fhág sé Éire agus é ina ghasúr óg go dtí an lá ar éag sé san Airgintín, an fear a throid an iliomad cathanna thar lear agus a bhunaigh Cabhlach na hAirgintíne.
Bhí ancaire mór loinge leagtha ansin freisin – a thug cabhlach na hAirgintíne mar bhronntanas do mhuintir Bhéal Easa. Agus ar ndóigh, ag breathnú anuas go maorga air seo ar fad, dealbh den Aimiréal é féin in áit fheiceálach gar don abhainn.
Is laoch den chéad ghrád é William Brown, nó Guillermo Brown, as Béal Easa, san Airgintín. Ní hé amháin gur bhunaigh sé an cabhlach, ach throid sé go cróga ar son neamhspleáchas na tíre ins an iliomad cath cáiliúil. Bhí an laoch Garibaldi, an tIodálach a luaitear le hathaontú na hIodáile, i measc na ndaoine a throid ina choinne.
Thug mé faoi deara freisin go bhfuil tagairt ar cheann de na plaiceanna don fhear gnó áitiúil, JJ O’Hara. Ba é JJ an ceann feadhna san obair ar fad a rinneadh thar na mblianta chun an tAimiréal a thabhairt chun cuimhne i gceart agus na ceangail idir an baile beag seo i Maigh Eo agus an Airgintín a neartú agus a bhuanú.
Ag caitheamh súil ar an bplaic, chuimhnigh mé ar laethanta a chaith mé i mbun cláir teilifíse Iris ar an mbaile seo, nuair a bhí JJ i mbarr a mhaitheasa. Lá amháin, sheas sé amach i lár na habhann chun radharc iascaireachta bradán a scannánú dúinn.
Ní féidir a bheith ag déanamh talamh slán de go gceapfaidh tú bradán, díreach ag an nóiméad a dteastaíonn sé ón stiúrthóir. Mar sin, le bheith siúráilte, bhí bradán deas úr ceannaithe againn ón siopa éisc ar an mbaile.
Chuaigh JJ ag ‘iascach’ ach ba chuma cén iarracht dhrámatúil a rinne sé ba bheag an tairbhe dúinne é. Má bhíonn iasc marbh, breathnóidh sé marbh.
Ach is maith is cuimhin liom an chraic a bhí againn leis an lá sin. Ní raibh sé féin agus Coiste Cuimhneacháin Admiral Brown ach tosaithe ar an bhfeachtas le laoch na hAirgintíne a chomóradh i gceart ar an mbaile.
Agus mé ag léamh faoi JJ an tseachtain seo, meabhraíodh dom go raibh plean ina raibh 20 ‘aidhmeanna’ aige chun a aisling maidir le Brown a chur i gcrích. Ní raibh fágtha ar an liosta aidhmeanna sin ach trí cinn nuair a fuair JJ bás go tobann, i bhfad roimh a am, sa mbliain 2008.
Ocht mbliana ina dhiaidh sin, in 2016 a ceapadh Laura Bernal ina hAmbasadóir ón Airgintín chun na tíre seo. Bhí tuairiscí nuachta fúithi sna nuachtáin agus sna meáin eile, agus í ag tabhairt cuairt ar Bhéal Easa.
Thug Cabhlach na hAirgintíne iad féin cuairt ar an mbaile sa mbliain 2019 agus mháirseáil baill an chabhlaigh síos trí lár an bhaile. Bhí an tAmbasadóir lárnach sna himeachtaí. Ócáid mhór spleodrach a bhí ann. Chas banna práis Bhéal Easa ag an ócáid freisin.
Chuala mé iad ag cleachtadh an oíche cheana. B’álainn an rud é a bheith ag éisteacht leis an mbanna ceoil agus muid taobh leis an abhainn. Bhí an ghrian fós ag scaladh agus é beagnach a deich a’ chlog san oíche.
‘Seans go bhfuil siad ag cleachtadh taobh amuigh i ngeall ar an phaindéim,’ arsa an aintín. Nílimid réidh leis sin go fóill, is cosúil.
Ní raibh an phaindéim ach ina tús nuair a fuair Ambasadóir na hAirgintíne chun na tíre seo Laura Bernal bás go tobann i mí Aibreáin 2020 – cúpla mí tar éis a cuairte ar an mbaile. Ba i ndiaidh a báis a fuarthas amach go raibh an CoVid uirthi.
Níorbh fhéidir a corp a thabhairt abhaile de bharr rialacha a bhain leis an éigeandáil sláinte agus d’iarr a clann go gcuirfí sa reilig i mBéal Easa í. Dúirt siad go raibh an-cheangal aici leis an áit agus an-chion aici ar mhuintir Bhéal Easa. Ba ghearr go bhfuair mé amach céard is brí le ‘cion’ agus ‘meas,’ sa gcúinne seo de chontae Mhaigh Eo.
Agus mé ag tóraíocht gan toradh sa reilig, tháinig mé ar lánúin mheánaosta a bhí díreach tar éis teacht amach as carr agus bláthfhleascanna acu. An raibh aon tuairim acu cá raibh Laura Bernal curtha?
‘Tá muid díreach tar éis an uaigh sin a fhágáil,’ a dúirt an fear liom agus é do mo threorú chuig an áit a bhfuil sí curtha.
‘Tagann muide anseo go minic,’ a dúirt sé liom. ‘Tá iníon linn, a bhásaigh trí bliana ó shin, curtha anseo. Ach seasann muid i gcónaí ag uaigh na mná sin agus abraíonn muid paidir. Cé eile atá aici,’ arsa seisean, ‘le paidir a rá ar a son?’
An tsr. Phyllis
A Mhairéad, fad saoil agat! Is deas a nascann tú stair áite le chéile idir daoine, áiteanna, imeachtaí ama agus uile. Bhain mé aoibhneas as do chuid scríobheoireachta is déanaí. Buíochas!
Pádraig
Scéal an-suimiúil é.