Is deacair a shamhlú go mbeidh Corcaigh láidir go leor do Luimneach an uair seo

Is í an choimhlint idir Corcaigh agus Luimneach i gcluiche ceannais Roinn 1A na sraithe cluiche mór an deireadh seachtaine agus cluiche ceannais Roinn 1B idir an Clár agus Áth Cliath ann freisin

Is deacair a shamhlú go mbeidh Corcaigh láidir go leor do Luimneach an uair seo

Tá lá mór romhainn amárach agus cluichí ceannais sraithe an-suimiúil le himirt i bPáirc na nGael i Luimneach.

Tá mé ag súil go mór leis an gcluiche ceannais i Roinn 1A idir Corcaigh agus Luimneach mar tá a fhios agam ón aithne atá agam ar an mbeirt bhainisteoirí go mbeidh an dá fhoireann ar a míle dícheall ag iarraidh an cluiche a bhaint. Beidh Ben O’Connor agus John Kiely ag iarraidh go dtabharfaidh a gcuid imreoirí taispeántas maith pé toradh a bheidh ann ach is cinnte go mbeidh béim mhór ar an mbua a fháil sa chluiche ceannais seo.

Nuair a chas Corcaigh agus Luimneach ar a chéile go luath i mí an Mhárta, ba ag Luimneach a bhí an lámh in uachtar, agus bua 3-19 in aghaidh 0-20 acu.

Is sa cheathrú uaire dheireanach a d’éirigh le Luimneach bearna a chur idir na foirne agus cruinneas den scoth léirithe acu. D’aimsigh Cathal O’Neill, fear atá ag imirt ar fheabhas i láthair na huaire, cúl ón imirt, chuir Aidan O’Connor poc éirice leis agus ghlac an fhoireann bhaile smacht ar an gcluiche chun é a thabhairt leo go láidir sa deireadh.

Is deacair dom a shamhlú go mbeidh Corcaigh láidir go leor do Luimneach an uair seo. Tá a fhios againn go maith cé chomh láidir is atá foireann John Kiely le hocht nó naoi mbliana anuas agus leithéidí Chathal O’Neill agus Aidan O’Connor tagtha tríd anois. Foireann an-chumhachtach atá acu.

Mura mbíonn dóthain den sliotar ag Corcaigh agus mura n-éiríonn leo é a chur díreach isteach chuig an líne lántosaithe, is deacair cás a dhéanamh faoi conas go mbuafaidh siad an cath áirithe seo.

Tá an chéad chluiche amárach, cluiche ceannais Roinn 1B, thar a bheith tábhachtach don Chlár agus d’Áth Cliath araon, agus an dá fhoireann ag iarraidh é a úsáid mar ullmhúchán dá gcéad chluiche craoibhe.

Tá an cluiche ceannais bainte amach ag an gClár gan aon chluiche a chailliúint go dtí seo sa tsraith agus chríochnaigh Áth Cliath an feachtas go láidir agus iad ag éirí níos muiníní de réir mar a chuaigh an tsraith ar aghaidh.

Tugann an cluiche a d’imir an dá chontae i gcoinne a chéile níos luaithe le fios nach mbeidh mórán eatarthu. Bhuaigh an Clár ar Áth Cliath, 3-18 go 1-22, in Inis i mí Eanáir, ach ba chluiche dian, cothrom é ó thús deireadh. Bhí Áth Cliath cúig phointe chun tosaigh sa chéad leath ach chuir trí chúl an Chláir solas an lae idir na foirne. Léirigh an lá sin go soiléir go bhfuil luas agus cumas scórála ag Áth Cliath a d’fhéadfadh trioblóid a chruthú d’fhoireann an Chláir arís má fhanann siad sa tóir go dtí deireadh an chluiche.

Is iad na cluichí féin a mheallfaidh slua chuig Páirc na nGael agus lucht féachana don teilifís amárach ach díol suime a bheidh sa chúpla riail nua a bheidh i bhfeidhm chomh maith.

Roimhe seo, nuair a d’easaontaigh imreoir le cinneadh réiteora, is é sin le rá nuair a rinne sé argóint nó gearán, d’fhéadfadh an réiteoir an liathróid a bhogadh 13 méadar níos gaire do chúl na foirne eile. Anois, féadfaidh an réiteoir an liathróid a bhogadh 30 méadar chun chinn. Ní féidir é seo a dhéanamh ach uair amháin don eachtra chéanna. Má leanann an t-easaontas ar aghaidh, áfach, bíodh sé ón imreoir céanna nó ó imreoir eile ar an bhfoireann chéanna, tabharfaidh an réiteoir cárta buí don imreoir atá ciontach.

Athrú eile é gur féidir anois pionós a ghearradh ar dhuine den fhoireann bainistíochta i gcásanna áirithe: má cheistítear údarás an réiteora nó aon oifigeach eile, má dhéantar bagairt ar imreoir nó oifigeach de chuid an fhreasúra, nó má úsáidtear caint mhaslach nó ghríosaitheach faoin réiteoir nó a nó a chuid oifigeach. Is féidir pionós a ghearradh freisin ar aon duine ón bhfoireann bainistíochta a dhéanann iarracht cur isteach ar an gcluiche, moill a chur ar chúrsaí mar shampla, nó lámh a leagan ar oifigeach.

Má dhéanann ball de bhainistíocht foirne aon cheann de na rudaí sin le linn na himeartha, bronnfar poc saor ar an bhfoireann eile ar líne 20 méadar na foirne ciontaí, díreach os comhair an chúil.

Tá súil agam go mbeidh na rialacha nua seo foghlamtha ag na réiteoirí Thomas Walsh agus Shane Hynes mar táim ag súil le cluichí lán de thine, faobhar agus díograis. Tá súil agam nach mbeimid ag caint faoi na rialacha nó na réiteoirí i ndiaidh na gcluichí.

Fág freagra ar 'Is deacair a shamhlú go mbeidh Corcaigh láidir go leor do Luimneach an uair seo'