Seán Lemass – a scéal féin ina fhocail féin

Chonaic Seán Lemass go raibh gá le hathrú treo - go gcaithfeadh muid breathnú amach agus romhainn

Seán Lemass – a scéal féin ina fhocail féin

Nuair a chuaigh tiománaí an Taoisigh chun tús a chur lena lá oibre, ní raibh a fhios aige cad a bhí roimhe. Ansin gan aon choinne aigesean leis, dúradh leis go mbeadh sé ag triall ar Stormont i dTuaisceart Éireann. Bheadh cruinniú ag an Taoiseach Seán Lemass leis an bPríomh-Aire ansin, an Captaen Terence O’Neill.

D’inis an t-iarthiománaí Henry Sheridan an scéal dom an lá cheana nuair a seoladh an leabhar Seán Lemass, a Memoir, leis an iriseoir Ronan McGreevy.

Tharla an cruinniú stairiúil sin, an chéad cheann ariamh idir Taoiseach agus Príomh-Aire ó thuaidh, i 1965. Ceapadh ag an am go mbeadh sé ina thús úrnua i stair chráite na tíre. Ach mar atá a fhios againn anois, ní mar sin a tharla.

Bhí Henry, tiománaí Lemass an lá úd 61 bliain ó shin i láthair ag an seoladh sa Leabharlann Náisiúnta an oíche cheana. Chuir mé in aithne é do Shéamus Deasy, an fear ceamara a rinne an taifeadadh nuair a d’éirigh Lemass as mar Thaoiseach bliain ina dhiaidh sin i 1966.

Cúpla uair a’ chloig roimhe sin agus mé ag fáil réidh don ócáid, casadh duine de na comharsana orm. D’fhiafraigh sí díom an raibh mé ag bualadh amach don oíche. ‘Tá,’ arsa mé féin. ‘Táimid ag dul chuig seoladh leabhair faoin iarThaoiseach Seán Lemass.’

Seans go bhfuil sí fós ag tochas a cinn, agus í ag iarraidh a dhéanamh amach cé faoi a raibh mé ag caint.

Tá postanna maithe aici féin agus ag a fear céile. Tá teach breá acu agus dhá charr chumhachtacha páirceáilte taobh amuigh. Mar a chéile do na lánúineacha óga ar fad atá ina gcónaí ar an eastát. Tá cuid mhaith acu ag obair san earnáil ‘teic’ nó i ngnó éigin atá bainteach le hearnáil an airgeadais.

Tá gach seans ann nach bhfuil cliú na ngrást ag éinne acu cérbh é Seán Lemass. Ach murach é agus an fhís a bhí aige féin agus ag an dream a d’oibrigh in éindí leis – (státseirbhísigh mar Ken Whitaker mar shampla), ní ghlacfaí na céimeanna a tógadh sna seascaidí chun an tír seo a chur ar athrú treo. Gach seans go mbeadh na comharsana ar imirce i Sasana nó i Meiriceá agus bheadh mise thiar i mBealach a’Doirín, ag baint lá amach.

Is cuimhin liom féin nuair nach raibh de chur síos ar an tír seo ach tír a bhí ag brath ar an bhfeirmeoireacht. Chonaic Lemass go raibh gá le hathrú treo – go gcaithfeadh muid breathnú amach agus romhainn, agus go raibh gá le hinfheistíocht ón taobh amuigh. Chuir sé tús le ré nua eacnamaíochta a leag an bhunsraith don réabhlóid eacnamaíochta agus fostaíochta atá tarlaithe sa tír le leathchéad bliain anuas.

Tá scéal an pholaiteora seo inste go minic cheana ach seo é an chéad uair ar insíodh an scéal ina chuid focal féin. Ba dhlúthchara dá chuid an fear gnó Dermot Ryan. Tá a ainm siúd imithe as an nuacht le fada an lá ach leis an bhfírinne a insint, níl sé an fhad sin ó bhásaigh sé.

Fear gnó ab ea Ryan a bhunaigh comhlachtaí híreála carr, óstán agus go leor eile. D’éirigh thar cionn leis. Is cuimhin liom féin an t-óstán de chuid Ryan a bhí ar imeall thoir chathair na Gaillimhe ar bhóthar Bhaile Átha Cliath. Bhain a chuid gnóthaí leis an ré nua sin sna seascaidí agus na seachtóidí nuair a bhí méadú mór ar thionscal na turasóireachta in Éirinn. Bhí ráchairt ar óstáin mhóra nua agus a leithéidí.

Thug Ryan an-tacaíocht d’Fhianna Fáil – go deimhin bhí sé ina bhall den dream ar tugadh ‘Taca’ orthu, i bhFianna Fáil. Ar aon nós ar bhonn pearsanta ba chairde móra iad Lemass agus Ryan. D’iarr Ryan ar Lemass agallaimh a dhéanamh leis, tar éis dó éirí as oifig, a chlúdódh tréimhsí móra a shaoil pholaitiúil, agus go scríobhfaí síos iad díreach mar a d’inis seisean a scéal. Bhí sé mar bhunsmaoineamh ag Ryan go ndéanfadh sé dianobair ar na hagallaimh agus go mb’fhéidir go mbeadh ábhar leabhair agus scannán faisnéise iontu amach ansin.

An t-aon choinníoll a leag Lemass síos ná nach labhródh sé faoi Chogadh na Saoirse ná ar na scoilteanna ar fad a tharla thart ar an tréimhse sin. B’in rún a choinnigh sé i gcaitheamh a shaoil. Cé gur throid sé in Éirí Amach 1916 agus sna cogaí a lean é, focal níor labhair sé fúthu. Ní raibh sé ach 17 mbliana nuair a d’iompair sé James Connolly amach as Ardoifig an Phoist ar shínteoir agus é gonta.

I dtús 1916, roimh an Éirí Amach agus é ag plé le gunna sa mbaile, gunna a raibh piléar ann, scaoil sé piléar marfach lena dhearthóir óg, Herbert, dhá bhliain d’aois.

Ceaptar go ndeachaigh an eachtra sin, chomh maith le feallmharú a dhearthár Noel agus Cogadh na gCarad díreach thart i 1923, i bhfeidhm go mór air agus go raibh buairt agus brón ar an bhfear i gcaitheamh a shaoil ina dhiaidh sin.

Bhí sé de cháil air go raibh sé cineál borb agus nach raibh féith an chineáltais ann. Ach ní mar sin a chuimhníonn a chlann air. Bhí roinnt mhaith dá gharchlann i láthair ag an ócáid seolta – clann Mhic Eachaidh mar shampla, a raibh a máthair Maureen Haughey, ina hiníon ag Sean Lemass. Labhair Sean Haughey faoina sheanathair agus ba léir go raibh an-chion ag an seanfhear ar an gclann óg. Labhair iníonacha an fhir ghnó Dermot Ryan freisin. Thug mé suntas don chanúint Shasanach a bhí orthu.

Tiománaí Shean Lemass, Henry Sheridan

Fuair mé amach ina dhiaidh sin gur thit gnó Dermot Ryan as a chéile nuair a bhí an ghéarchéim ola ann sna seachtóidí. B’fhéidir gurbh é sin an fáth gur éirigh sé as an obair ar na hagallaimh le Lemass. D’imigh sé go Londain áit ar fhan sé. Ach bhí an bhunobair déanta aige. Ina dhiaidh sin, cuireadh na téipeanna i dtaisce go dtí gur thoiligh an chlann iad a thabhairt ar láimh do Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Le blianta beaga anuas tugadh cead do Ronan McGreevy, an t-iriseoir leis an Irish Times, dul ag obair orthu, agus iad a fhoilsiú i bhfoirm leabhair ‘A Memoir’. Níl sa leabhar ach an tríú cuid den ábhar a phléigh Sean Lemass lena sheanchara Dermot Ryan.

Is cosúil nár chuir sé fiacail ann nuair bhí sé ag déanamh cur síos ar a chomhghleacaithe sa rialtas agus ar dhaoine eile a raibh tuairimí láidre aige fúthu.

Agus é ag labhairt ar ócáid an tseolta, thagair an Taoiseach Micheál Martin don mhéid a bhíodh le rá ag Lemass faoi lucht agóide a bhíodh go minic taobh amuigh d’Ard-Fheis Fhianna Fáil. ‘Mura bhfuil picéad taobh amuigh den chruinniú, tá rud éigin mícheart.’ Bhí ar a laghad dhá agóid ar siúl taobh amuigh den Dáil, in aice láimhe, an oíche chéanna.

Fág freagra ar 'Seán Lemass – a scéal féin ina fhocail féin'