Cá n-imrítear ‘peil na maicréal’?
Má tá tú fós croíbhriste faoi theip fhoireann na hÉireann cáiliú do Chorn an Domhain is mó rud ba mheasa a d’fhéadfá a dhéanamh ná seal a chaitheamh ag póirseáil i leabhar beag breá Tom Williams Do You Speak Football? A Glossary of Football Words from Around the World.
Meabhrú iontach atá ann ar a shaibhre is atá teanga dhomhanda an tsacair, bímis i lár an aonaigh nó díomhaoin ag baile.
Má tá an goile agat do bhlúire eile eolais faoi chumas diamhair na Seicia i mbun ciceanna pionóis, gheobhaidh tú amach i leabhar Williams cad ina thaobh go dtugtar i ngach áit seachas sa tSeicia féin Panenka ar an gcic pionóis is cáiliúla ar fad acu.
Gheobhaidh tú amach leis sa ghluais seo cad é an difríocht bheag tábhachtach idir fantasista agus funambola san Iodáil agus féadadh tú rogha a dhéanamh faoi cé acu is milse leat mar phas den scoth, café crème na Fraince nó Zuckerpass na Gearmáine.
Beidh tú ábalta a insint do do chairde gurb é Thierry Henry a thug an nath ‘fox in the box’ isteach sa chaint i Sasana. Beidh tú ábalta a mhíniú dóibh leis cad ina thaobh go dtugtar ‘Dundee United’ ar amadán sa Nigéir agus cathain go mbítear ag béicigh sa Phortaingéil ‘Trí pointe don Bhreatain Bheag!’.
Má bhíonn do chairde fós ag caint leat ina dhiaidh sin féadfaidh tú a mhíniú dóibh an difríocht idir an téarma ‘duilleog thirim’ sa Rúis agus sa Bhrasaíl agus an gaol atá ag regista na hIodáile le Primgeiger na hOstaire agus shireitó na Seapáine.
Is cén duine a thógfadh ort é dá roinnfeá leo an chúis go dtugtar makrellfotball, ‘peil na maicréal’, ar an imirt ealaíonta san Iorua?
Sea, tá an leabhar beag seo lán de ghaois. B’fhéidir go raibh a fhios agat, mar shampla, gur bhronn muintir na hÍsiltíre orainn an totaalvoetbal, ach an raibh a fhios agat gur brilstand a thugann siad ar an gcomhscór gan aon scór. ‘Scór na spéaclaí’ a thugtar air agus é ainmnithe as an gcuma atá ar 0-0.
Fágfaimid fúibh féin é bhur mbreithiúnas a thabhairt ar iontrálacha na hÉireann. I mBéarla atá siad ar fad, cé gur i mBreatnais atá iontrálacha na Breataine Bige, léiriú b’fhéidir go bhfuil teanga an tsacair níos forbartha sa Bhreatnais ná mar atá sa Ghaeilge (agus gur ón nBreatain Bheag Tom Williams). Mar sin féin, níl aon easpa téarmaí deasa spóirt nádúrtha againn sa Ghaeilge ach iad a bhailiú agus a chur chun cinn mar mhalairt ar chuid den bhrilléis chainte gan dealramh a chloistear go minic.
B’fhéidir go bhféadfaimis cúpla téarma a thógáil ar iasacht ó theangacha eile an domhain seachas an Béarla. Cad faoi thula mntwana, téarma a thagann ón IsiNdebele, teanga a labhraítear i ndeisceart na Siombáibe?
Is é atá sa thula mntwana ná cúl a scóráiltear an-dhéanach agus ar buille chomh holc sin é don bhfreasúra go bhfágann sé a lucht tacaíochta ina dtost.
‘Éist, a leanbh’ an Ghaeilge atá ar a leithéid.
Is beag ná go gcloisfeá Brian Tyers á rá.
Seán Tadhg Ó Gairbhí
Úd Dudes – podchraoladh Gaeilge nua
Measadh Craobh Sé Náisiún na bliana seo ar cheann de na comórtais ab fhearr riamh agus greim faighte ag na cluichí den scoth agus na torthaí gan choinne ar lucht leanta an rugbaí agus ar an ngnáthphobal araon.
Níor éirigh le foireann na hÉireann sa deireadh ach beidh súil ag leantóirí na gcúigí go mbeidh an chríoch mhaith a chuir foireann Andy Farrell leis an gcomórtas ina ábhar spreagtha ag na himreoirí agus iad ag filleadh ar na clubanna.
Is ag dul chun páirce i gcomórtais na hEorpa a bheidh na cúigí ar fad an deireadh seachtaine seo, Cúige Laighean i gCorn na gCuradh agus na trí chúige eile i gCorn an Dúshláin, agus tá podchraoladh nua Gaeilge ann dóibh siúd atá ag iarraidh tuilleadh plé agus anailíse a chloisteáil ar na cluichí.
Ní hí an teanga an t-aon rud neamhghnách faoi ‘Úd Dudes’, atá anois ar fáil ar Spotify, áfach. Cé go mbíonn cúrsaí rugbaí go ginearálta á bplé gach seachtain, murab ionann is beagnach na meáin uile eile sa tír seo, is claonadh i dtreo Chúige Chonnacht atá ag na láithreoirí, an tÁrannach Ciarán Ó Flaithearta agus Seán Ó Ciardha, Baile Átha Cliathach atá ag cur faoi i nGaillimh.
Is beag podchraoladh eile a thabharfadh tús áite do chluiche ar an mBóthar Beag agus bheadh an t-ádh leat go minic tagairt fhánach a fháil do na Connachtaigh sa 30 soicind deireanach.
Bhí neart le plé ag na ‘Úd Dudes’ le tamall agus na Connachtaigh ag iarraidh a séú cluiche as a chéile a bhuachan anocht, gaisce nach bhfuil déanta ag an bhfoireann ó 2016, an bhliain gur bhuaigh siad an PRO 14.
– Ar mhaithe na trédhearcachta, is gá a lua go bhfuil gaol ag an scríbhneoir seo le duine de na láithreoirí. Tabhair buille faoi thuairim cé acu…
Cluiche an deireadh seachtaine – Corcaigh v Luimneach (Dé Domhnaigh, 16:00 – Beo ar TG4)
D’fhág an bua gan choinne a bhí ag Áth Cliath ar Luimneach i mbabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann anuraidh nach bhfuair muid an cluiche cinniúnach a rabhthas ag súil leis ag deireadh na craoibhe. Tar éis do Luimneach stánáil a thabhairt do Chorcaigh sa ngrúpa i gCraobh na Mumhan, tháinig na Corcaígh ar ais chun an cluiche ceannais a bhuachan ar phocanna éirice. Níor casadh ar a chéile iad an tríú huair, faraor.
Ní hé cluiche ceannais na sraithe an deireadh seachtaine seo an cloch is mó ar a bpaidrín ag ceachtar fhoireann ach deis atá ann buille a bhualadh ar an gcéile comhraic roimh thús na craoibhe.
Is ag Luimneach a bhí an bua nuair a chas na foirne ar a chéile mí ó shin nuaír a fuair buachaillí John Kiely cúpla cúl cinniúnach sa gceathrú uaire deireanach.
Ní fios go fóill an buntáiste nó míbhuntáiste a bhí ann do Chorcaigh go raibh bua thar a bheith bog acu i gcoinne Uíbh Fhailí sa t-aon chluiche a d’imir siad ó shin. Thug Gaillimh dúshlán níos mó do Luimneach sa gcluiche a bhí acu siúd agus shamhlófá, agus coicís ann ó imríodh an cluiche céanna, go mbeadh an fhoireann baile lán d’fhuinnimh do chluiche an lae inniu.
Fág freagra ar '‘Peil na maicréal’, Dudes na n-úd agus fuinneamh úr Luimnigh'