Cluichí ar ardchaighdeáin romhainn i bPáirc an Chrócaigh agus i bPáirc Uí Chaoimh

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil Baile Átha Cliath agus Luimneach beagán chun tosaigh ar a gcéilí comhraic i gcluichí ceannais na gcúigí

Cluichí ar ardchaighdeáin romhainn i bPáirc an Chrócaigh agus i bPáirc Uí Chaoimh

Conor Burke (Áth Cliath) agus Darren Morrissey (Gaillimh). Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Tá deireadh seachtaine ollmhór iománaíochta ag tosnú inniu agus craobh Laighean ar siúl.

Is cluiche ceannais é seo atá tuillte go maith ag an dá chontae. Sa tsraith cluichí babhta, ba iad Baile Átha Cliath agus Gaillimh an dá fhoireann ba chothroime, agus tagann siad go Páirc an Chrócaigh anois le fíormhóiminteam acu.

Bhí taispeántais Bhaile Átha Cliath tógtha ar fhuinneamh, luas agus ar an gcumas cúil a aimsiú ag na hamanna ba thábhachtaí. Thosaigh foireann Niall Ó Ceallacháin le cluiche cothrom in aghaidh Uíbh Fhailí (déarfainn go raibh cuid mhaith den ádh leo) sula bhfuair siad buanna suntasacha ar Chill Dara agus Loch Garman. Chonaiceamar an taispeántas ba mhó go dtí seo uathu i mBóthar na Trá, áit ar bhuadar ar Ghaillimh 3-16 in aghaidh 0-21. Nocht siad laigí i gcosaint na Gaillimhe an lá sin agus léirigh siad na tréithe a bhí ina gcuid lárnach dá bhfeachtas. Dhearbhaigh siad a n-áit sa chluiche ceannais ansin le bua iontach seacht bpointe ar Chill Chainnigh i bPáirc Pharnell, toradh a chuir deireadh le greim docht Chill Chainnigh ar an gcúige le fada.

Bhí turas na Gaillimhe beagáinín difriúil. Tá foireann Micheál Donoghue tar éis teacht aniar éachtach go leor a léiriú tríd an gcraobh. Bhuaigh siad ar Chill Chainnigh go luath san fheachtas, dhéileáil siad go compordach le hUíbh Fhailí agus, i ndiaidh fíordhroch-chéad leath, le Cill Dara, agus ansin tháinig siad le ceann de mhórthéarnaimh an tséasúir in aghaidh Loch Garman. Bhí siad trí phointe dhéag chun deiridh ag pointe amháin, ach ar bhealach éigin tháinig siad ar ais chun an bua a bhaint amach agus a n-áit sa chluiche ceannais a chinntiú. Léirigh an teacht aniar sin an carachtar agus an taithí atá fós go láidir sa scuad seo. Dar ndóigh chailleadar i gcoinne Átha Cliath. Tá meascán deas den taithí agus den óige acu ach easpa leanúnachais ag baint leo.

AN POD SPÓRT: Corcaigh v Luimneach – ag súil leis an dráma mór nach bhfuil aon script scríofa dó

Ó thaobh Bhaile Átha Cliath, bhí tionchar ollmhór ag Chris Crummey, John Hetherton, Brian Hayes, Conal Ó Riain agus Liam Rushe. Chabhraigh scóráil Hetherton, gluaiseacht Hayes istigh, agus láithreacht fhisiciúil Rushe timpeall an láir le Baile Átha Cliath comhsheasmhacht a fhorbairt, rud nach raibh acu i gcónaí sna blianta roimhe seo.

Údar suime go mbeidh cuimhne ag Gaillimh ar an gcaillteanas cúig phointe sin i mBóthar na Trá. Chruthaigh Baile Átha Cliath an lá sin gur féidir leo fadhbanna móra a chruthú do chosaint na Gaillimhe, ach bíonn cluichí ceannais difriúil go minic. Tá níos mó taithí craoibhe ag Gaillimh agus b’fhéidir iad beagáinín níos suaimhní faoin mbrú. Mar sin féin, tá muinín agus creideamh aimsithe ag Baile Átha Cliath atá ag neartú leo ó chluiche go cluiche.

Gach seans go mbeidh sé ina chluiche teann ar ardchaighdeáin. Má imríonn Baile Átha Cliath leis an déine chéanna agus a bhí acu in aghaidh Chill Chainnigh agus na Gaillimhe, tá siad lán-ábalta a gcéad chraobh Laighean ó 2013 a bhaint amach.

Beidh craobhchomórtas Mhic Dhonncha ar siúl um thráthnóna roimh Chraobh Laighean idir Ceatharlach agus Laois. Chríochnaigh céad babhta an chomórtais leis an scór Ceatharlach 4-17 – Laois 1-17.

Ba mhór an ráiteas é sin ó Cheatharlach i bPáirc Netwatch Uí Chuilinn. Ba í cumhacht na gcúl a rinne an difríocht dóibh agus rinne siad a marc breá luath don chuid eile den chomórtas.

N’fheadar an mbeidh tionchar ag an gcéad choimhlint sin idir na foirne ar chluiche an lae inniu? Chruthaigh dírí agus bagairt chúil Cheatharlach fadhbanna móra do Laois an tráthnóna sin, ach braithfidh Laois gur foireann i bhfad níos géire agus níos socraithe iad anois ná mar a bhí siad i mí Aibreáin.

Tá Laois ag iarraidh an tríú cailliúint as a chéile i gcraobh Joe McDonagh a sheachaint. Chaill siad craobh 2024 in aghaidh Uíbh Fhailí tar éis am breise agus chaill siad arís in 2025 in aghaidh Chill Dara. Tá stair Cheatharlach sa chomórtas rud beag éagsúil. Bhuaigh siadsan Corn Joe McDonagh in 2018 agus arís in 2023.

Níl bheidh mórán eatarthu déarfainn.

Eoin Downey (Corcaigh) agus Kyle Hayes (Luimneach). Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Tá gach cosúlacht ar chluiche ceannais Chraobh na Mumhan i mbliana go bhfeicfimid rud éigin cosúil lena bhfacamar anuraidh. Cé a dhéanfaidh dearmad ar an gcluiche tráthnóna Dé Sathairn idir na foirne céanna, cluiche a thosaigh ag am tae agus a chríochnaigh ag am codlata, le ham breise, pionóis, réiteoir ionaid agus bua drámatúil ag Corcaigh a shéan an seachtú craobh as a chéile ar Luimneach?

Cén seans go bhfaighimid rud éigin den chineál céanna arís i mbliana? Is cinnte go bhfuil sé léirithe ag an dá fhoireann go bhfuil siad beagán chun cinn ar an gcuid eile den phaca, agus Luimneach i gceannas, roimh an gcluiche seo ar aon nós.

Tá gach cuma air go bhféadfadh eipic eile a bheith romhainn arís ach ar an lá a bheidh sé, dar ndóigh.

Tá a chuid déanta ag bainisteoir Chill Chainnigh Derek Lyng agus é ráite go bhfuil deireadh curtha lena ré mar bhainisteoir ar an fhoireann shinsir. Ba chailís nimhneach de shórt aige a bheith ag teacht i gcomharbacht ar Bhrian Cody. Rinne sé a dhícheall agus níor éirigh leis an corn is tábhachtaí a thabhairt cois Feoire agus sin an sprioc a bhíonn ag gach foireann a théann chun páirce ar son an chontae.

Fág freagra ar 'Cluichí ar ardchaighdeáin romhainn i bPáirc an Chrócaigh agus i bPáirc Uí Chaoimh'