O’Sullivan ar iarraidh ar Éirinn agus fáilte á cur roimh na hÍsiltírigh cois Laoi

Tabharfaidh an dá bhua a bhí ag Éirinn ar an bPolainn níos luaithe i mbliana misneach d’fhoireann Carla Ward ach aireoidh sí uaithi Denise O’Sullivan agus Emily Murphy atá ar fionraí do chluiche na hoíche anocht

O’Sullivan ar iarraidh ar Éirinn agus fáilte á cur roimh na hÍsiltírigh cois Laoi

Abbie Larkin agus foireann na hÉireann ag traenáil i bPáirc Uí Chaoimh. Pictiúr: INPHO/Tom Maher

Éire v An Ísiltír – Páirc Uí Chaoimh, 7.30pm (Beo ar RTÉ2)

Fillfidh foireann sacair ban na hÉireann ar Pháirc Uí Chaoimh anocht agus An Ísiltír ar cuairt do chluiche i mbabhtaí cáilithe Chorn an Domhain. Údar díomá do mhuintir na háite é nach mbeidh an Corcaíoch Denise O’Sullivan orthusan a bheidh ag dul chun páirce anocht, áfach, agus imreoir Liverpool ar fionraí.

Is mór a aireoidh foireann na hÉireann uaithi O’Sullivan agus Emily Murphy, bean eile atá ar fionraí tar éis cártaí buí a bheith taispeánta di féin agus do O’Sullivan sa gcluiche deireanach a bhí ag Éirinn thall sa bPolainn. Bhuaigh Éire an oíche sin i Gdansk, ceann den dá bhua as a chéile a bhí ag foireann Carla Ward i gcoinne na Polainne a fhágann anois go bhfuil Éire nach mór cinnte d’áit sna babhtaí réitigh do Chorn an Domhain.

D’fhéadfadh Éire críochnú ar bharr ghrúpa A2 go fóill dá mbuafadh sí ar an Ísiltír anocht agus ar an bhFrainc an tseachtain seo chugainn. Chaithfeadh an dá fhoireann eile sin gan na cluichí atá fós le himirt acu i gcoinne na Polainne a bhuachan chomh maith.

Níor cheart a bheith ag súil go bhfeicfear na torthaí sin ach ní bheadh sé míréadúil ag lucht tacaíochta na hÉireann a bheith ag súil le taispeántas maith i gCorcaigh anocht. Bua 2-1 a bhí ag an Ísiltír ar Éirinn thall in Utrecht mí an Mhárta. Lineth Beerensteyn a d’aimsigh an dá chúl don Ísiltír an uair sin, an cúl cinniúnach ag teacht sa 82ú nóiméad tar éis do Katie McCabe na foirne a chur ar comhscór le cic éirice níos luaithe sa dara leath.

Cur chuige cosantach go maith a bhí ag Éirinn an oíche sin agus i gcoinne na Fraince cúpla lá roimhe sin agus bheadh tú ag súil go mbeadh stíl níos uaillmhianaí acu sa mbaile anocht. Buille mór é, áfach, nach mbeidh O’Sullivan agus Murphy, beirt de na himreoirí is fearr chun deiseanna a chruthú, ar fáil.

Bhí O’Sullivan gortaithe don chéad chluiche i gcoinne na hÍsiltíre agus Lucy Quinn tagtha isteach ina háit agus seans go bhfeicfear an t-athrú céanna anocht. Tá cúpla rogha ag Ward maidir le cé a chuirfidh sí in ionad Murphy ach meastar gurb í Abbie Larkin a roghnófar. Scóráil Larkin ocht gcúl do Crystal Palace sa dara roinn thall i Sasana an séasúr seo agus cúl cinniúnach scóráilte aici sa mbua ar an mBeilg anuraidh.

Beidh Éire ag brath go mór ar Katie McCabe arís mar sin. Fógraíodh an tseachtain seo go bhfuil conradh sínithe ag captaen na hÉireann le Chelsea agus slán fágtha aici ag Arsenal théis breis is deich mbliana a chaitheamh leis an gcumann.

Ní ar Éirinn amháin a bheidh imreoirí tábhachtacha in easnamh áfach agus an tosach Vivianne Miedema ar iarraidh ar an Ísiltír, bean a bhfuil 104 cúl scóráilte aici i 134 cluiche don Ísiltír. Beidh a fhios ag Éirinn díreach cé chomh maith is atá Lineth Beerensteyn agus beidh Esmee Brugts, a bhí mar chuid d’fhoireann Barcelona a bhuaigh Sraith na gCuradh an mhí seo caite, i measc na dtosaithe ag an Ísiltír chomh maith.

Fág freagra ar 'O’Sullivan ar iarraidh ar Éirinn agus fáilte á cur roimh na hÍsiltírigh cois Laoi'