Beidh na Laighnigh rómhaith d’fhoireann na Stormers atá cráite ag gortuithe agus turas fada

Is iad na Laighnigh an t-aon cheann de na ceithre chúige atá fágtha i gcomótas an URC

Beidh na Laighnigh rómhaith d’fhoireann na Stormers atá cráite ag gortuithe agus turas fada

Alex Usanov, Andrew Porter and Andrew Sparrow. Pictiúr: INPHO/Tom O’Hanlon

Seachtain ó shin bhí trí fhoireann ón tír seo i measc na n-ocht bhfoireann a chuaigh chun páirce i mbabhtaí leathcheannais URC na bliana seo. Níl ach ceann amháin acu fágtha sa gcomórtas anois.

In ainneoin shár-iarracht na gConnachtach i nGlaschú i gcoinne fhoireann na cathrach sin, bhí an freasúra róláidir dóibh. Cé go raibh díomá ar lucht leanúna an chúige ní raibh aon náire ag baint lena gcuid iarrachtaí. A mhalairt go deimhin, rud a fhágann lán dóchais iad don séasúr atá le teacht.

Is port eile faraor atá le tuairisciú agam maidir leis na Muimhnigh, foireann a thaistil chomh fada leis an Afraic Theas chun léasadh 45-14 a fháil ó na Bulls. Is furasta cúpla leithscéal a chur chun cinn maidir le toradh agus le hiarracht Chúige Mumhan ach is leor a rá go bhfuil go leor deacrachtaí le sárú acu roimh thús an chéad séasúir eile. Ní ar an bpáirc amháin atá na deacrachtaí céanna!

Bhí neart ceisteanna maidir le meon Chúige Laighean roimh thús an chluiche i gcoinne na Lions an Satharn seo caite. Bhí go leor den tuairim go mbeadh tionchar diúltach ag an léasadh a fuair siad i gcluiche ceannais Chorn na gCuradh i mBilbao an tseachtain roimhe sin ar a gcuid imeartha. Bhuel, thug Leo Cullen agus a chuid imreoirí freagra dearfach agus cuimsitheach orthu siúd a raibh amhras, leis an ngreadadh 59-10 a thug siad do na Lions.

Shílfeá nach raibh siad i mBilbao ariamh!

Fágann sin gurb iadsan amháin a bheas mar ionadaithe againn i mbabhtaí leathcheannais an URC, cluichí a bheas á n-imirt inniu. Tá buntáiste an bhaile acu freisin agus iad ag dul chun páirce i Staid Aviva i gcoinne Stormers na hAfraice Theas. Ní dóigh gurb aon tairbhe ná réiteach ceart do na Stormers an turas fada ón Afraic a rinne siad cúpla lá ó shin. Ní hamháin sin ach tá gortuithe imreoirí céad rogha á gcrá. Tá Sacha Feinberg-Mngomezulu, ina measc sin, fear a imríonn mar leathchúlaí amuigh dóibh féin agus do na Springboks. Seans gurb é Sacha an t-imreoir is fearr atá i gcampa na Stormers.

Tá dóthain deacrachtaí ag Cúige Laighean freisin maidir le himreoirí a bheith gortaithe ach mar sin féin, beidh an cluiche iomaíoch, fisiciúil agus trodach. Ach má imríonn Cúige Laighean fiú leath chomh maith agus a d’imir siad an Satharn seo caite, is deacair a shamhlú nach mbeidh siad ag imirt sa gcluiche ceannais coicís ón lá inniu.

Tiocfaidh an freasúra sa gcraobh ón gcoimhlint idir Glaschú agus na Bulls, foirne a bheas ag imirt i nDún Éideann. Is iad Glaschú rogha na coitiantachta. Is iad a bhí ar bharr thábla an URC agus is acu atá buntáiste an bhaile. Fós féin, tá mise idir dhá chomhairle. Níl fonn orm seans na mBulls a chur de leataobh fós.

Fág freagra ar 'Beidh na Laighnigh rómhaith d’fhoireann na Stormers atá cráite ag gortuithe agus turas fada'