RAIDIÓ

Machnamh ar an mbeatha agus ar an mbás le Gabriel Rosenstock
Craolfar clár speisialta leis an bhfile Gabriel Rosenstock agus a mhac Tristan ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Luan Cásca ag 5.05pm. Machnamh ar an mbeatha agus ar na mbás le duine de mhórfhilí na hÉireann is ea an clár Gabriel Rosenstock – An fear nár saolaíodh riamh.
Agus é ag dul i ngleic le ceithre cinn d’ailsí, bheartaigh an file agus smaointeoir Gabriel Rosenstock dialann ailse a choinneáil inar bhreac sé síos smaointe fánacha a rith leis faoin mbeatha agus faoin mbás. Sa chlár faisnéise seo, cloisimid sleachta ón dialann sin, agus tugann Rosenstock a léargas sainiúil féin dúinn ar an méid atá foghlamtha aige ón ngalar míthrócaireach sin.
Adhmhaidin ag ceiliúradh 40 bliain
Beidh Adhmhaidin dhá scór bliain ar an aer ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Luan Cásca, an 6 Aibreán. Chun comóradh a dhéanamh ar an gcloch mhíle seo, caithfidh láithreoir an chláir, Gormfhlaith Ní Thuairisg, chomh maith le roinnt aoichainteoirí, súil siar ar an mbliain 1986. Beidh Alan Dukes, an chéad aoi a bhí ar an gcéad eagrán sin ar an 6 Aibreán 1986, ar ais sa stiúideo.
Tabharfaidh Seán Ó Cuirreáin agus Máirtín Ó Catháin, beirt de na léiritheoirí a d’ullmhaigh an chéad eagrán, éisteoirí siar ar bhóithrín na smaointe. Pléifidh siad na hathruithe móra atá tagtha ar an tír agus ar an domhan mór ó shin.
Beidh Adhmhaidin ag dul ar an mbóthar, agus cláracha speisialta á gcraoladh ag Gormfhlaith Ní Thuairisg agus an fhoireann ar fud na tíre sna míonna amach romhainn.
EALAÍN
Táirgí ealaíne Éireannacha ag tacú le páistí sa Phalaistín
Tá ionad nua tacaíochta do pháistí sa Phalaistín bunaithe le tacaíocht ó ealaíontóir as Éirinn. Bunaíodh an t-ionad nua, Ionad Hind Rajab, in Gaza i mí Eanáir 2026 agus táthar anois ag tacú le hos cionn 80 páiste ann.
Thosaigh Adam Doyle (an t-ealaíontóir ‘Spicebag’) ag dearadh táirgí ar son na Palaistíne nuair a chonaic sé an chogaíocht atá ar bun sa tír ó mhí Dheireadh Fómhair 2023. Thosaigh sé ag dearadh scaifeanna glas agus oráiste agus an mana ‘Spicebag’ agus ‘An Phalaistín’ scríofa ort.
Bhailigh sé os cionn €10,000 agus tá an t-airgead tugtha d’ionad Hind Rajab aige. Ainmníodh an t-ionad in ómós do Hind Rajab, cailín sé bliana d’aois a maraíodh sa chogadh in Gaza i mí Eanáir na bliana 2024 agus ar insíodh a scéal sa scannán The Voice of Hind Rajab.
Tá tuilleadh eolais faoin ionad ar fáil ag anseo.
Tá feachtas tiomsaithe airgid ar siúl anois leis an dara seomra ranga a chur leis an ionad. Tá geansaithe peile deartha mar chuid den fheachtas agus iad ar fáil anseo.
TEILIFÍS
Mamó agus Mise gearrscannán as Múscraí
Insíonn an gearrscannán Gaeilge Mamó agus Mise scéal Fhinn, buachaill 10 mbliana d’aois, agus é ag caitheamh an lá deiridh lena mhamó i nGaeltacht Mhúscraí i gcontae Chorcaí. Rinneadh an scannánú ar fad ar an láthair agus is é seo an chéad ról scannáin ag Dylan Ó Céilleachair, a bhfuil tacaíocht aige ó aisteoirí amhail Máire Ní Mháille agus Mícheál Ó Dubhghaill.
Ba iad na deartháireacha Jack agus Cian Desmond a stiúir an scannán. Jack a chum an script agus Seán Óg Ó Duinnín a d’aistrigh go Gaeilge Mhúscraí. Taispeánadh an scannán den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2025.
Beidh Mamó agus Mise á chraoladh ar TG4 Domhnach Cásca an 5 Aibreán ag 7pm.
Bluey as Gaeilge ar RTÉjr
Tá Bluey ag teacht go RTÉ KIDSjr agus seinnteoir RTÉ ar an Luan an 6 Aibreán. Leanann an tsraith do pháistí eachtraí an ghadhairín bhig, Bluey, atá ina cónaí lena Mama, Deaide agus a deirfiúirín óg, Bingo. Tá éileamh mór millteach ar an gclár seo do pháistí óga ó thosaigh sé san Astráil sa mbliain 2018. Is é an clár is mó féachana é ar sheinnteoir RTÉ agus tá an spota ar bharr an liosta aige ar CBeebies agus ar Disney sna Ríocht Aontaithe.
Tá aistriúchán déanta ar 26 eipeasóid den chéad sraith agus beidh eipeasóid ar fáil le sruthlú ar líne ón Luan an 6 Aibreán. Cuirfear tuilleadh eagrán ar fáil i nGaeilge níos deireanaí i mbliana.
Aisteoirí as Gaillimh a chuir na glórtha ar fáil don leagan Gaeilge. Is í Gráinne Bleasdale atá ag déanamh Bluey agus tá Laoise Ní Nualláin, Meadhbh Ní Eidhin agus Pól Ó Gríofa le cloisteáil freisin.
LEABHAIR

‘Lá i gCathú’ le Club Leabhar Chois Fharraige
Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag ceiliúradh an úrscéil Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir agus imeacht speisialta, ‘Lá i gCathú’, á reáchtáil acu Dé Sathairn, 18 Aibreán, ag tosú ag meán lae i gCearnóg Ollscoil na Gaillimhe.
Le roinnt blianta anuas, eagraíonn an club siúlóid liteartha bhliantúil a thugann cuairteoirí thart go dtí na háiteanna ina dtarlaíonn eachtraí an leabhair. Gléasann daoine in éadaí a bhaineann leis na 1940idí agus tugtar cuairt ar na hionaid (nó an áit atá anois ann) atá luaite sa leabhar agus óltar deoch agus léitear sleachta ar an mbealach.
Tá comóradh ar leith i gceist i mbliana agus caoga bliain ann ó foilsíodh an leabhar den chéad uair i 1976. Deirtear faoin leabhar gurb é an t-aon leabhar Gaeilge é a chuaigh go barr an liosta de na leabhair is fearr díol.
Suite le linn Sheachtain na Cásca 1949, leanann an scéal Máirtín Ó Méalóid, mac léinn ollscoile. Cé go bhfuil an scéal lonnaithe i mBaile an Chaisil, baile bréige, tuigtear gurb í cathair na Gaillimhe atá i gceist ann dháiríre.
Tá tuilleadh eolais agus mapa den tsiúlóid ar fáil anseo.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Machnamh ar an mbeatha le Gabriel Rosenstock, ‘Adhmhaidin’ @ 40, ealaín don Phalaistín, Mamó agus Mise ar TG4, Bluey as Gaeilge'