CULTÚR: Leabhar Breac i gCorcaigh, ‘An Saol Bocht’ in An Siopa Leabhar, Clár faoi Éirí Amach 1798 ar TG4

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

CULTÚR:  Leabhar Breac i gCorcaigh, ‘An Saol Bocht’ in An Siopa Leabhar, Clár faoi Éirí Amach 1798 ar TG4

LEABHAIR

Dhá leabhar grafaice á seoladh ag Leabhar Breac i gCorcaigh

Beidh dhá leabhar grafaice nua á seoladh ag na foilsitheoirí Leabhar Breac i gCorcaigh ar an Luan an 19 Deireadh Fómhair. Is iad na leabhair ná Liadain, le hAilbhe Ní Ghearbhuigh agus Eoghan Béal le Darach Ó Scolaí.

Tá na leabhair mar chuid de shraith athinsintí ar scéalta ó luathlitríocht na hÉireann. Tá Liadain bunaithe ar scéal ón naoú haois, Comrac Liadaine ocus Cuirithir. Scéal faoi bhanfhile ó na meánaoiseanna atá sa mbunscéal agus insint nua déanta ag Ní Ghearbhuigh air. Tá an leabhar maisithe ag an ealaíontóir Chrissie Dervin as Corcaigh.

Scéal maidir le rí ar Chonnachta atá in Eoghan Béal atá sé bunaithe ar an seanscéal ‘Caithréim Cheallaigh’, agus tá na maisiúcháin déanta ag Alé Mercado, ealaíontóir as an Spáinn ó dhúchas. Rinne Mercado na maisiúcháin ar leabhar eile sa tsraith seo, Sadhbh, a bhí ainmnithe ar fhadliosta na ngradam World Illustration Awards 2026.

Seolfaidh an tOllamh Caoimhín Ó Muirí an dá leabhar ag an siopa leabhar Waterstones i gCorcaigh ag 6.30pm ar an Luan an 19 Deireadh Fómhair.

 

Seoladh An Saol Bocht i mBaile Átha Cliath

Beidh An Saol Bocht le Brian Ó Conchubhair, leabhar nua faoin scríbhneoir Brian Ó Nualláin (Flann O’Brien) á sheoladh i mBaile Átha Cliath ar an Aoine an 23 Deireadh Fómhair mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Leabhar Éireannach. Cuirfear an ócáid ar bun i Notre Dame Dublin, O’Connell House, 58 Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2, i gcomhar le An Siopa Leabhar. Níl aon táille ar an ócáid ach tá spás teoranta agus is gá clárú roimh ré. Tá an t-eolas clárúcháin ar fáil ag an nasc seo.

Saothar cuimsitheach toirtiúil atá ann ina mbreathnaíonn an t-údar go mion ar shaol agus ar shaothar Uí Nualláin. Ghnóthaigh an leabhar Gradam Flann O’Brien 2026. Is é an scríbhneoir Brian O’Nolan a sheolfaidh an leabhar ag 6pm.

Seo í an naoú bliain ag Seachtain na Leabhar Éireannach, a bheidh ar bun i mbliana ón Satharn, an 17 Deireadh Fómhair go dtí an 24 Deireadh Fómhair. Déanann an ócáid bhliantúil seo ceiliúradh ar leabhair Éireannacha, scríbhneoirí, foilsitheoirí agus siopaí leabhar.

IMEACHTAÍ SÓISIALTA

Maidin chaife trí Ghaeilge i gCorcaigh

Beidh Alchemy Coffee i gCorcaigh ag cur maidin chaife as Gaeilge ar bun an Satharn beag seo, an 17 Deireadh Fómhair, ag 10am . Tá fáilte á cur ag an gcaifé roimh chách go dtí an ócáid, idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa. Is í an aidhm atá luaite leis an ócáid ná deis a thabhairt do dhaoine comhrá a bheith acu i nGaeilge agus bualadh le daoine eile le Gaeilge a labhairt. Deir lucht eagraithe na hócáide go bhfuil sé bunaithe acu ar an ráiteas gur beatha teanga í a labhairt. Tá Alchemy Coffee (@AlchemyCoffeeCork) ar Shráid na Beairice, Corcaigh.

AMHARCLANNAÍOCHT

Ceardlann d’amharclannóirí i nGaillimh

Beidh ceardlann amharclannaíochta trí Ghaeilge á cur ar fáil ag An Taibhdhearc i gcomhar le Moonfish Theatre ar an 14 Samhain, 2026. Is í an aidhm atá leis an gceardlann ná cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil suim acu saothar amharclannaíochta a chruthú trí Ghaeilge. Beidh deis ag na daoine a bheidh ag glacadh páirt sa gceardlann foghlaim faoi na bealaí gur féidir Gaeilge, scéalaíocht, gluaiseacht agus ceol a úsáid le hamharclannaíocht nua a chruthú. Cuirfear deis ar fáil freisin do dhaoine oibriú le chéile, smaointe a roinnt agus triail a bhaint as bealaí éagsúla le cur i láthair a dhéanamh.

Is mar chuid de thréimhse chónaitheach Moonfish Theatre sa Taibhdhearc atá an cheardlann á rith. Ceann de na haidhmeanna a luaitear leis an gceardlann ná deiseanna sa mbreis a chur ar fáil d’ealaíontóirí atá ag obair trí Ghaeilge cheana féin, chomh maith le healaíontóirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid ina gcuid oibre. Ní mór do rannpháirtithe bunleibhéal Gaeilge a bheith acu. Líon spásanna teoranta atá ar fáil agus is é Dé Luain an 26 Deireadh Fómhair an sprioclá d’iarratais.

Tuilleadh eolais anseo.

TEILIFÍS

Stephen Rea

Clár nua a fhiosraíonn traidisiún amhránaíochta Éirí Amach 1798

Déanfar iniúchadh ar na hamhráin agus na scéalta a bhaineann le hÉirí Amach 1798 i sraith nua ar TG4, Ceol 1798. Breathnaítear sa tsraith ar na bealaí ar thug amhráin cúnamh do dhaoine cuimhneamh ar an éirí amach sa 200 bliain ó tharla sé. Sa tsraith seo gheofar ceol beo, íomhánna ón stair, agallaimh agus cuairteanna ar láithreacha inar tharla eachtraí suntasacha i 1798.

I measc na gceoltóirí, aisteoirí agus cainteoirí atá le feiceáil sa tsraith, tá Stephen Rea agus Neil Martin, Ríoghnach Connolly agus Steve Cooney, John Spillane, The Rapparees, Onóir, Reevah agus Seán Keane. Beidh The Shankill Road Defenders Flute Band páirteach sa tsraith freisin.

Díríonn gach clár ar ghné amháin den scéal, Cúige Uladh, Baile Átha Cliath, Loch Garman, Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht.  Breathnófar sa tsraith freisin ar amhráin a thagann ó thraidisiún na ndílseoirí, nach bhfuil an oiread céanna eolais orthu sa lá atá inniu ann. Beidh amhráin ar nós ‘Boolavogue’, ‘The Boys of Wexford’, agus ‘Rody McCorley’ le cloisteáil, chomh maith le go leor eile.

Craolfar an chéad eagrán ar TG4 ar an Domhnach an 18 Deireadh Fómhair ag 9pm.

COMHDHÁIL

Dr John Walsh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge

Beidh Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge á reáchtáil ag Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimheinniu agus amárach, an 16 agus 17 Deireadh Fómhair. Déanfar comóradh, cur agus cúiteamh i mbliana ar ‘Forbairt na Gaeilge’, leabhrán tábhachtach ar nádúr, ar fhoirm, agus ar chultúr na Gaeilge a scríobh Niall Ó Dónaill 75 bliain ó shin (1951). Is iad Peadar Ó Muircheartaigh (Ollscoil Dhún Éideann), Nóirín Ní Ghrádaigh agus Mícheál Ó Mainnín (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste) aoichainteoirí na comhdhála i mbliana.

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun i rith na comhdhála, beidh an leabhar Ár Lámh Sábhála: Coimisiún na Gaeltachta 1926, leis an Dr John Walsh, á sheoladh. Beidh an t-údar faoi agallamh ag Gormfhlaith Ní Thuairisg sa Téatar in Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe Dé hAoine an 16 Deireadh Fómhair, ag tosú ag 6pm.

Tuilleadh eolais agus clár na comhdhála ar fáil anseo.

DRÁMA

Pygmalion 26 ar camchuairt ag Aisling Ghéar

Beidh an dráma Pygmalion 26 ar camchuairt ag an gcomhlacht amharclannaíochta Aisling Ghéar an mhí seo ag tosú ar an 19 Deireadh Fómhair san Everyman Theatre i gCorcaigh. Is é an gníomhaí teanga agus scríbhneoir aitheanta Gearóid Ó Cairealláin, a bhásaigh sa mbliain 2023, a rinne an cóiriú nua seo ar dhráma aitheanta George Bernard Shaw. Tá an dráma á stiúradh ag a bhean, Bríd Ní Ghallchóir, stiúrthóir ealaíne Aisling Ghéar, agus is í Nuala Ní Néill a scríobh. Is í Eithne Carson atá sa bpríomhpháirt.

Déanann Pygmalion 26 iniúchadh ar an bhféiniúlacht i gcomhthéacs cúrsaí teanga, canúna agus muintearais agus é suite i gcathair Bhéal Feirste i rith Oireachtas na Samhna.

Beidh Pygmalion 26 ar camchuairt náisiúnta ag tosú i gCorcaigh ar an 19 Deireadh Fómhair. Beidh sé sa Taibhdhearc i nGaillimh ón 21-24 Deireadh Fómhair, agus ina dhiaidh sin beidh sé san Ionad Cultúrtha in An Muileann gCearr, in Amharclann Garter Lane i bPort Láirge, in Amharclann Ghaoth Dobhair, san Axis i mBaile Munna agus i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Leabhar Breac i gCorcaigh, ‘An Saol Bocht’ in An Siopa Leabhar, Clár faoi Éirí Amach 1798 ar TG4'

  • An Siopa Leabhar

    Ní in An Siopa Leabhar féin a sheolfar An Saol Bocht ach ar láthair Notre Dame Bhaile Átha Cliath ar Chearnóg Mhuirfean!