Bhí an Sasanach bocht mearaithe, ach cuireadh ar bhóthar a leasa é

Samhlaím anois gur iomaí gáire breá Sasanach a rinne an duine uasal seo agus é i gcuideachta a chairde i Londain sna blianta ina dhiaidh sin

Bhí an Sasanach bocht mearaithe, ach cuireadh ar bhóthar a leasa é

You’ll keep goin’ up…. then you’ll come to a road goin’ over, but don’t go over…then you’ll come to a crossroad and you’ll turn back

Bhí an Sasanach bocht mearaithe. ‘And why would I turn back?’

B’éigean dom a inseacht dó gur siar ansin a bhí Óstán an Zetland. Cén sórt pleidhce de dhuine a bhí ann? Bhí sé ar thaobh an bhóthair i nGlinsce agus aghaidh an chairr casta ó thuaidh. Nach n-abraítí i gcónaí gur suas ‘un Chaisil a bheifí ag dul, agus siar chuig an Zetland. Ní raibh aon ghnó agat soir Bóthar na Scrathóg.

Ar aon nós, shocraigh muid go gcoinneodh sé air i dtreo na gcnoc agus an bheirt againn ag síneadh ár gcuid méaracha ó thuaidh i dtreo na mBeanna Beola. Nach mór ab fhiú go raibh na Beanna ann?

Ní inniu ná inné é. Bhí mo dheartháir Pádraic agus mé féin ag déanamh an bhealaigh abhaile ó Scoil Náisiúnta Bharr Linnín i bhfad siar i gConamara. Stop an carr seo agus an Sasanach sa tóir ar Óstán an Zetland ar an gCaiseal. By dad? Thug mé féin iarraidh faoi.

Samhlaím anois gur iomaí gáire breá Sasanach a rinne an duine uasal seo agus é i gcuideachta a chairde i Londain sna blianta ina dhiaidh sin, ag inseacht an scéil seo. Cén dochar!

Níor chuir muid anonn ná anall é ar a chuid taistil, dá mbeadh fios a ghnó aige.

Na turasóirí a thagann anois, tá siad in ann a mbealach a dhéanamh gan a gcuid súl a oscailt. Tá chuile mhíle ní tomhaiste amach acu ar an teileafón, nó deis éigin eile ina bpócaí, agus iad amuigh faoin tuath.

Ach nach bhfuil sé ceaptha ag na saineolaithe turasóireachta gurb iad na ‘culturally curious’ ba cheart a bheith dá mealladh amach go croílár na tuaithe? An mbaineann sé cuid den mhaith, den draíocht nó den iontas as an aistear má tá an cosán réitithe roimh ré don ‘culturally curious’?

As cathair Portland i Stát Maine é an tOllamh Michael Connolly. I gConamara a bhí a ghinealas, go cinnte. Ach cén áit? Is deacair le Michael fós tuiscint a fháil ar an turas go croílár a chine. Bhí sé ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, é tagtha anall ar feadh ráithe as Harvard. Bhí barúil aige gur i gCarna a bhí a mhianach. Pébí scéal é thug sé a aghaidh siar. Lig fear an bhus as Gaillimh amach é ag crosbhóthar Shraith Salach. Bhí leathscór míle siúil roimhe go Carna ach ní raibh a fhios sin aige. Oíche dhubh.

I ndeireadh na feide, shiúil sé go leataobh ar bhóthar áitiúil. Bhí roinnt tithe anonn agus anall. Bhuail sé cnag ar an doras i gceann acu. D’inis sé do bhean a tí nach raibh a fhios aige go baileach cá raibh sé ach níorbh fhada go raibh sí in ann a mhíniú dó cérbh é féin, agus cé dár díobh é. Bean mhuinteartha a bhí inti. Ní thuigeann sé fós cén chaoi ar tharla sé. Ó shin i leith, tá cosán dearg déanta ag Michael Connolly go Caladh Mhaínse agus go Conamara, agus leabhra scríofa aige faoin imirce.

Tá fear eile, nach maireann anois, a tháinig ar thobar an dúchais de thimpiste i gConamara, agus a bhfuil lorg a chuid oibre ar an nGaeilge. B’in é Ken Nielsen as Albain Nua nó Nova Scotia. Ligeadh amach den bhus é ag crosbhóthar Bhun na gCnoc i gConamara agus gan cuireadh gan iarraidh chuaigh sé isteach chuig Máire Seoige i nDoire Bhéal an Mháma faoi scáth na mbeann, agus scríobh tráchtas tábhachtach ar Ghaeilge na gcnoc.

Cár fhága tú an Seanadóir Christopher Dodd? Tuirseach den pholaitíocht i Meiriceá thuirling sé sa tSionainn, thóg carr ar cíos agus thosaigh ag tiomáint roimhe. Isteach leis thar dhroichead Inis Ní i gConamara gan a fhios aige cá raibh sé. Cheannaigh teach ann agus rinneadh plé fíorthábhachtach faoi thrioblóidí an Tuaiscirt sa teach sin.

Pé ar bith cúrsa sa saol a thóg an Sasanach a d’iarr eolas an bhealaigh ar bheirt shéideoigíní a bhí ag teacht ón scoil, rinne muide a ndícheall dó.

Chuir muid suas agus siar é, agus níor lig muid soir é.

Fág freagra ar 'Bhí an Sasanach bocht mearaithe, ach cuireadh ar bhóthar a leasa é'

  • Peter

    Thiar sna 70í a chuaigh mé amú i gContae an Chabháin. D’iarr mé fios an bhealaigh ar sheanfhear.
    “Folley de rrroad on down, ar sé, an’ when you come to a fork on de rrroad, take it!”
    Bhuel céard eile adéarfadh sé?