Tá leithscéal tuillte anseo ag an bhfile Antaine Ó Raifteirí toisc mí-úsáid a bheith bainte arís as an dán is cáiliúla dar scríobh sé:
Anois teacht an earraigh, beidh ‘n lá dul chun síneadh
‘S tar éis na Féil’ Bríde ardóidh mé mo sheol,
Ó chuir mé i mo cheann é ní stopfaidh mé choíche.
Go mbuafar vótaí i nGaillimh ‘s i lár chathair Bhleá Cliath
Ní ‘tar éis na Féil’ Bríde’ go deimhin ach cúpla lá roimhe a chuir roinnt iarrthóirí agus a ndíograiseoirí is dílse tús lena stocaireacht i gcomhair na bhfothoghchán i ndáilcheantair Ghaillimh Thiar agus Bhaile Átha Cliath Láir.
Mí ó shin a shroich an stocaireacht luath tairseach an scríbhneora seo i mBaile Átha Cliath Láir agus idir iarrthóirí agus a lucht leanúna i mbun canbhasála in ainneoin na drochaimsire in oirthear na tíre.
Níl dáta vótála na bhfothoghchán socraithe fós ach, de réir dlí, caithfear vótáil roimh dheireadh na Bealtaine chun Teachtaí Dála a thoghadh i gcomharbacht ar an Uachtarán Catherine Connolly agus ar an iar-aire Paschal Donohoe.
Ní bheidh tionchar díreach ag torthaí na bhfothoghchán ar sheasmhacht an rialtais mar gheall ar an móramh 14 vóta atá ag Fianna Fáil, Fine Gael agus na Neamhspleáigh Réigiúnacha sa Dáil. Ní chaillfear ach suíochán rialtais amháin ar a mhéid, i mBaile Átha Cliath Láir, de bharr na vótála. Cailliúint a bheadh ansin nach dtiocfadh idir ceannairí an rialtais agus codladh na hoíche.
Ní hionann sin agus a rá nach dtabharfaidh na fothoghcháin cúis imní, cúis dóchais nó cúis sóláis do cheannairí na bpáirtithe go léir. Más iarrthóirí ó pháirtí a thoghfar, tabharfaidh a mbua údar misnigh do lucht leanúna pháirtí na mbuaiteoirí ar fud na tíre.
Bíonn tionchar chomh láidir ag an ngné áitiúil agus ag cáil áitiúil na n-iarrthóirí ar thoradh fothoghcháin gur doiligh go minic ciall níos leithne a bhaint as na torthaí. Ach ar ndóigh, baintear.
Mura dtoghtar iarrthóirí Fhianna Fáil nó Fine Gael cloisfear an gnáthleithscéal – ní thoghtar iarrthóir ó pháirtí rialtais i bhfothoghchán ach go hannamh. Tá fianaise ann a thacaíonn leis an leithscéal céanna.
Bhí 21 fothoghchán Dála ann ó thús an chéid. Níor toghadh ach triúr iarrthóirí ó pháirtithe an rialtais sna fothoghcháin sin agus b’eisceachtúil a mbua ar chúiseanna éagsúla.
Bhuaigh Helen McEntee ó Fhine Gael fothoghchán sa Mhí Thoir in 2013 tar éis bhás a hathar Shane a bhí ina Theachta Dála go dtí sin. Bhuaigh Gabrielle McFadden ón bpáirtí céanna suíochán i bhfothoghchán i Longfort-an Iarmhí an bhliain dár gcionn tar éis bhás a deirféar Nicky a bhí ina Teachta Dála.
Má fhágtar an dá chás speisialta seo as an áireamh, níor éirigh le hiarrthóir ó pháirtí rialtais ach fothoghchán amháin as 21 a ghnóthú ó 2000 go nuige seo. Ní mórúdar misnigh do pháirtí rialtais a bhua ach oiread, áfach. Toghadh Patrick McNulty ó Pháirtí an Lucht Oibre i mBaile Átha Cliath Thiar in 2011, go gairid tar éis dá pháirtí, i gcomhar le Fine Gael, léasadh stairiúil a thabhairt d’Fhianna Fáil in olltoghchán na bliana sin.
B’ionann an fothoghchán sin dáiríre agus iarfhocal leis an mbreith a thug vótálaithe san olltoghchán. Tuigeann na hiarrthóirí go léir go mbeidh tionchar nach beag ar fhothoghcháin na Bealtaine ag a ndearna an rialtas ó toghadh iad i mí na Samhna 2024 – go háirithe maidir leis an ardú ar an gcostas maireachtála agus, le mí anuas, ar an gcostas fuinnimh.
Níor baineadh ciall ródháiríre mar sin as ráiteas Dara Calleary go mbeadh cinneadh an rialtais maidir le costas breosla (a chaithfear a dhéanamh roimh an 31 Bealtaine) ag brath ar chúrsaí náisiúnta agus idirnáisiúnta seachas ar chúrsaí fothoghcháin. Ní bheidh tionchar ag na fothoghcháin ar rogha an rialtais, a dúirt an t-aire coimirce sóisialta agus Gaeltachta i nGaillimh.
Más léir an riachtanas, bí cinnte mar sin féin nach gceilfear leid, ar a laghad, ar vótálaithe Bhaile Átha Cliath agus na Gaillimhe faoin socrú atá beartaithe.
Is tábhachtaí torthaí na bhfothoghchán ar go leor bealaí do cheannairí pháirtithe an fhreasúra ná do cheannairí an rialtais. Tá dianchoimhlint ar bun sa dá rás idir iarrthóirí páirtí agus iarrthóirí neamhspleácha gan fianaise i dtorthaí an olltoghcháin a thabharfadh le fios go bhfuil údar láidir misnigh ag iarrthóir ar bith.
Bhí Teachtaí Dála Shinn Féin Mary Lou McDonald agus Mairéad Farrell chun cinn ar an gcéad chomhaireamh sa dá dáilcheantar. Is mór an bhearna, áfach, idir a sciar de na vótaí céadrogha (23.3% i mBaile Átha Cliath Láir agus 13.5% i nGaillimh Thiar) agus sn cuóta (50% + 1) a chinnteodh bua d’iarrthóirí Shinn Féin sna fothoghcháin.
Dá mbeadh fonn mór aistriúcháin i measc vótálaithe pháirtithe na heite clé, d’athródh sé an léargas dá n-iarrthóirí agus d’iarrthóirí Shinn Féin go háirithe. Má chuirtear le chéile na céatadáin den vóta céadrogha a ghnóthaigh Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, Páirtí an Lucht Oibre, an Comhaontas Glas agus Pobal Roimh Bhrabach in olltoghchán 2024, thug 36.9% de vótálaithe Ghaillimh Thiar tacaíocht dóibh agus 53.4% a thug tacaíocht dóibh i mBaile Átha Cliath Láir.
Dá gcuirfeadh na páirtithe sin agus a vótálaithe comhoibriú éifeachtach i bhfeidhm ó thaobh aistriúcháin de – ‘dá’ nach beag – bheadh seans réasúnta maith acu buachan i nGaillimh Thiar agus bheadh rith an ráis leo i ndáilcheantar cheannaire Shinn Féin.
Is léir láithreach, áfach, dúshlán an pháirtí agus comhoibriú á phlé. Dá mbeadh rath ar chur chuige dá leithéid bheadh mórúdar dóchais ag iarrthóirí Shinn Féin – an chúis thar aon chúis eile go mbeidh drogall ar iarrthóirí comhréiteach foirmiúil aistriúcháin a chur i bhfeidhm.
Eoin Ó Murchú
Nach bhfuil comhréiteach foirmiúil fógartha cheana i nGaillimh Thiar?
Cathal Mac Coille
Tá an ceart agat a Eoin agus seisear iarrthóirí ar an eite chlé i nGaillimh Thiar ag moladh go vótálfaí d’iarrthóirí na h-eite clé.
Rud amháin é ar ndóigh comh-thacaíocht a mholadh. Rud eile ar fad é moladh a bheith curtha i bhfeidhm go h-éifeachtach ag iarrthóirí agus ag vótálaithe.
Dá nach beag, mar a scríobh me.
Neosfaidh an aimsir.