Is minic a tugtaí Domhnach na n-ubh air. Garsúin óga go mbíodh goile sláintiúil acu a thugadh é seo air mar bhí sé de nós ann a ndóthain ubh a d’ithe.
Do dh’ith fear a bhí i mBaile na Rátha i nDún Chaoin deich gcinn fhichead d’uíbhe lá acu seo agus muga nó ciota maothaile agus arán ina dteannta. D’ith fear eile, tá sé marbh anois, Diarmuid Ó Conchúir a b’ea é a bhí in aimsir i bhFán, i bparóiste Fhionntrá, dhá cheann déag d’uíbhe cearc, dhá mhuga maothaile agus luach leathréal d’arán bán.
Chun bricfeast a bhíodh na huíbhe acu agus an maothal agus an t-arán bán. Bhíodh feoil ansan chun dinnéir agus sa tseanaimsir bhí laofheoil ana-choitianta i gcomhair dinnéar Dhomhnach Cásca mar ní choimeádtaí ach an gamhain baineann i gcónaí agus maraítí an gamhain fireann. Díoltaí é ar leathchoróin nó trí scilling, agus bhí scilling an cheathrú air don té a bheadh á cheannach agus toistiún ar a cheann agus an croí agus an méid a leanadh é. A’ róstadh a cuirtí é.
Ní raibh an féasta so go léir age gach éinne áfach agus d’fhiafraíodh a máthair díobh, dos na leanaí, cé acu a b’fhearr leo uíbhe cearc nó arán bán i gcomhair bricfeast maidin Dhomhnach Cásca. An té a loirgeodh arán bán rachadh a chuid ubh sin a’ ceannach an aráin agus ní bheadh aon ubh le n-ithe aige.
Chreideadh na daoine go mbíodh an ghrian a’ rince le háthas maidin Dhomhnach Cásca mar chomharthaí áthais ar éirí an tSlánaitheora.
Máire (Ruiséal) Bean Uí Lúbhaing, 81 bliain,
Baile Ícín, Arda Mór, Corca Dhuibhne.
Bailithe ag Seosamh Ó Dálaigh 1936-38
Domhnach Cásca
Dheinidís an tigh a ní agus a ghlanadh i gcomhair Dhomhnach Cásca fé mar a dheinidís i gcomhair na Nollag agus théadh duine ó gach tigh dtí’n gcnoc a’ triall ar ‘brosna’ ar an Satharn. Bhíodh an brosna uathu chun na huibheacha a bheiriú Domhnach Cásca is ní dhéanfadh aon rud eile an gnó chun iad a bheiriú ach an ‘brosna’ ón gcnoc. Dheineadh fear an tí spúnóg adhmaid dos na páistí chun na huibheacha a ithe maidin Dhomhnach Cásca.
Ar maidin chuiridís oigheann ar an dtine agus an brosna fé is líonaidís an t-oigheann le huibheacha. Nuair a bheidís beirithe chuiridís na huibheacha go léir i mias ar an mbord is ligint do na héinne a bheith ag tarrac astu. Bhídís go léir ag iomaíocht lena chéile féachaint cé acu is mó a d’íosfadh uibheacha agus ba mhinic páiste breoite tar éis béile na maidine sin.
Bhíodh feoil acu i gcomhair dinnéir agus cístí milse agus braiceacha i gcomhair an tae is geallaimse dhuit go mbaineadh na páistí sásamh as na rudaí sin.
Deirtear an mhaidin a d’éirigh an Slánaitheoir as an uaigh go raibh coileach dá bheiriú ag na Giúdaigh i gcorcán agus gur phreab an coileach aníos chucu nuair a mheasadar go raibh sé beirithe is go ndúirt sé ‘Mac na hÓighe Slán’ agus gurb é sin a deireann an coileach ó shin nuair a ghlaonn sé.
Máire Bean Uí Ghríbhthín, 74 bliain
Cinn Aird, Corca Dhuibhne, 30 Iúil 1936
Jacko
‘An mhaothal’
Carraig
Thugtaí fuíollach slí don bhfear céanna (fear na n-ubh agus na maothaile) ag an aifreann, geallaimse dhuit!