Deir an t-iar-aire agus iarTheachta Dála do Ghaillimh Thiar Éamon Ó Cuív go bhfuil an-seans go n-éireoidh le hiarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta san fhothoghchán a bheidh ar siúl sa Dáilcheantar an mhí seo chugainn toisc gur Gaeilgeoir í ó dheisceart Chonamara.
Dúirt Éamon Ó Cuív go bhféadfadh a líofacht sa teanga buntáiste a thabhairt do Mhíde Nic Fhionnlaoich thar na hiarrthóirí eile ón eite chlé atá ag seasamh sa bhfothoghchán a bheidh ann an mhí seo chugainn.
Ceathrar cainteoirí Gaeilge atá i measc na n-iarrthóirí i nGaillimh Thiar, Míde Nic Fhionnlaoich, an Seanadóir Seán Kyne (Fine Gael), Cillian Keane (Fianna Fáil) agus Orla Nugent (Aontú).
Agus é ag labhairt ar An Pod Gaeilge, podchraoladh de chuid Tuairisc, dúirt Ó Cuív nach bhfuil aon dáilcheantar eile sa tír ina mbíonn an tábhacht chéanna le ceist na Gaeilge is a bhíonn i nGaillimh Thiar. Bhí Ó Cuív ina Theachta Dála ag Fianna Fáil sa Dáilcheantar idir 1992-2024, nuair a d’éirigh sé as.
Cé go bhfuil Noel Thomas, comhairleoir contae de chuid Independent Ireland a chaill amach ar an suíochán deireanach i nGaillimh Thiar in olltoghchán 2024 ag seasamh arís, dúirt Ó Cuív gur “éacht aisteach” a bheadh ann dá n-éireodh leis an uair seo. Dúirt sé gur i gcathair na Gaillimhe a bhí formhór na vótaí ach go raibh sciar suntasach i gConamara agus go raibh an-chuid daoine de bhunadh Chonamara sa gcathair freisin.
Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta go raibh tuairim ann go raibh iarrthóir Shinn Féin, Mark Lohan, chun tosaigh ar Mhíde Nic Fhionnlaoich agus na hiarrthóirí eile ar an eite chlé toisc gurb í Mairéad Farrell a bhí i mbarr an chomhairimh sa Dáilcheantar in olltoghchán 2024. Dúirt Ó Cuív nach raibh ceist na Gaeilge á cur san áireamh sa tuairimíocht sin, áfach.
“I nGaillimh Thiar, tá siad ag rá go bhfuil Mark Lohan chun cinn ar Mhíde Nic Fhionnlaoich ach tá dearmad amháin ansin. Fuair Mairéad Farrell go leor, leor vótaí i gConamara. Fuair sí go leor vótaí i nGaeltacht Chonamara.
“Níl Gaeilge ag Mark, tá ag Míde. Is ón nGaeltacht í, is í an t-aon duine gurb as Gaeltacht Dheisceart Chonamara í. Mar sin, shílfeá go mbeadh sé i bhfad, i bhfad níos deacra ag Sinn Féin an vóta sin a thabhairt leo,” a dúirt Ó Cuív.
“Má ghlacann tú leis an teoiric atá agam, go bhfuil bloc mór vótála ag an tonn nua [‘Tonn’ na heite clé], cé acu sin a thiocfaidh chun tosaigh? Mark Lohan, Míde, Ogbu [Helen Ogbu, comhairleoir cathrach agus iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre]? An cheist atá ann ná an bhfuil aon duine acu in ann vóta Chonamara nó sciar réasúnta de vóta Chonamara a fháil.
“Duine an-bhreá í Helen Ogbu, tá an-mheas agam uirthi ach níl aon cheangal aici le Conamara ar chor ar bith. Mark Lohan, ní dóigh liom go bhfuil aon cheangal aige le Conamara. Tá buntáiste [ag Nic Fhionnlaoich] ar an mbonn sin agus tá vóta réasúnta mór i gConamara. Is as an áit í agus tógadh san áit í.”
Dúirt Ó Cuív gur buntáiste mór é d’iarrthóirí le Gaeilge go bhfuil siad in ann labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 chomh maith.
“Beidh páirt nach beag ag na meáin. Sé sin le rá go mbeidh deis ag na Gaeilgeoirí agus na Gaeilgeoirí is líofa, tá buntáiste acu i gcónaí. Beidh deis acu a bheith ag speáráil ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4. Is gné mhór é sin i dtoghchán i nGaillimh Thiar nach bhfuil i ndáilcheantair eile. Déanann sé difríocht agus an-difríocht.”
Dúirt Ó Cuív go bhféadfadh go mbeadh “lá iontach” ag na Daonlathaithe Sóisialta lá na bhfothoghchán i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Láir an mhí seo chugainn agus é den tuairim go bhféadfadh Daniel Ennis an suíochán eile a bhuachan don pháirtí chomh maith.
“I mBaile Átha Cliath, tá siad ag rá gurb iad na Soc Dems atá chun cinn. D’fhéadfadh lá iontach a bheith ag na Soc Dems. Is fothoghchán atá i gceist. Is dream nua iad, má thuigeann tú mé. Más féidir leo gob a choinneáil chun cinn ar Pháirtí an Lucht Oibre, PBP agus mar sin de, agus coinneáil ag cruinniú, d’fhéadfadh sé go dtarlódh sé go mbuafadh siad an dá shuíochán.”
AN POD GAEILGE: ‘Déanann an Ghaeilge difríocht, agus an-difríocht, i dtoghcháin i nGaillimh Thiar’
Maidir le hiarrthóir Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar, dúirt Ó Cuív go raibh an-chuid oibre déanta ag Cillian Keane sular roghnaíodh é ag coinbhinsiún Fhianna Fáil an deireadh seachtaine seo caite.
“Bhí bua sách cuimsitheach ag Cillian ach bhí obair déanta aige, níl aon amhras faoi sin. Bhí go leor stocaireachta déanta aige. Is maith le daoine go bhfiafraítear a vóta agus thosaigh sé an-luath, i bhfad chun cinn ar chuile dhuine eile, go bhfeictear domsa.”
Dúirt Ó Cuív go ndearnadh plé ar an dara hiarrthóir ó Fhianna Fáil a chur chun cinn don bhfothoghchán ach gur measadh “go mbeadh sé sin áirid” nuair nach raibh ach suíochán amháin ar fáil.
Fág freagra ar '‘Tá an-seans ag na Daonlathaithe Sóisialta i nGaillimh Thiar mar go bhfuil Gaeilge ag a n-iarrthóir’ – Ó Cuív'