Cúige Laighean ag déanamh ar an gcluiche ceannais don tríú bliain as a chéile

Ag foireann Átha Cliath atá buntáiste an bhaile agus is acu freisin a bheas tacaíocht ghlórach ó 95% den 82,300 duine a bheas i gceannáras CLG do chluiche leathcheannais Chorn na gCuradh

Cúige Laighean ag déanamh ar an gcluiche ceannais don tríú bliain as a chéile

Agus mé ag caint faoi chluiche leathcheannais Chorn na gCuradh atá á imirt i bPáirc an Chrócaigh idir Chúige Laighean agus Northampton tráthnóna inniu, caithfidh mé imirt agus torthaí thuras Laighean ar an Afraic Theas le coicís a chur as mo chuimhne agus as an áireamh.

Níl comparáid dá laghad idir an triúr fichead atá Leo Cullen ag cur chun páirce inniu agus an fhoireann a d’imir agus a chaill chomh dona sin i gcoinne na Stormers an Satharn seo caite (42-12) agus na Lions (44-12) an Satharn roimhe sin.

Mór an mhaith, a déarfadh daoine áirithe.

Bhuel, tá mise idir dhá chomhairle faoi sin.

Is cinnte gur maith an rud go bhfuil fáil ag Leo Cullen ar a chéad rogha imreoirí, seachas Garry Ringrose agus Hugo Keenan, beirt atá gortaithe le tamall anois.  Níl ach imreoir amháin, Ciarán Frawley, a bhí ar an turas go dtí an Afraic ar fhoireann Laighean inniu is é ag imirt in áit Keenan. Is fiú a mheabhrú freisin nach raibh aon choimhlint fhisiciúil ag na himreoirí atá ag imirt d’fhoireann Átha Cliath le trí seachtaine anuas. Tá súil agam nach mbeidh siad as a gcleachtadh.

Níorbh ionann an cás ag Northampton.  Bhí siadsan gnóthach sa Gallagher Premiership le coicís cé gur chaill siad (41-32) agus iad as baile i gcoinne na Harlequins an Satharn seo caite. Is fiú a lua gurb iad na Saints atá suite ar bharr a Premiership faoi láthair.

Chaill Cúige Laighean an áit sin ar thábla an URC an deireadh seachtaine seo caite, faraor. Mar sin féin is ag foireann Átha Cliath atá buntáiste an bhaile agus is acu freisin a bheas tacaíocht ghlórach ó 95% den 82,300 duine a bheas i gceannáras Chumann Lúthchleas Gael.

Fós féin níl tada bog ná lochtach ag baint le Northampton.  Imríonn siad cluiche crua agus fisiciúil agus tá neart tallainne, scile agus luais i measc a gcuid cúlaithe. Caithfidh Cúige Laighean a bheith cúramach, ach sílim go bhfuil an iomarca scile agus taithí i measc a gcuid imreoirí le Northampton a chur ó dhoras. Mar sin féin, tógfaidh sé ochtó nóiméad orthu an jab a dhéanamh agus a n-áit sa gcluiche ceannais don tríú bliain as a chéile a chinntiú.

Amárach sa gcluiche leathcheannais eile beidh buntáiste an bhaile ag Toulouse agus iad i gcoinne Harlequins Shasana. Bhuaigh Toulouse an comórtas seo cúig bhabhta roimhe seo, an t-aon fhoireann a rinne an t-éacht sin go dtí seo. Is deacair ach bua do Toulouse a thuar.

Dála an scéil, níl aon luach le fáil ó na geallghlacadóirí ar Chúige Laighean agus Toulouse a bheith ag imirt sa gcluiche ceannais i Londain ar an 25ú lá den mhí seo.

Seans go bhfuil an ceart acu.

Fág freagra ar 'Cúige Laighean ag déanamh ar an gcluiche ceannais don tríú bliain as a chéile'