Coicís ó shin gártha molta a bhí ard san aer agus áit i gcluiche ceannais rugbaí na hEorpa slánaithe ag dhá fhoireann ón tír seo, cúis lúcháire gan dabht. Ní raibh fiche nóiméad féin caite sa dá chraobh i gCorn an Dúshláin agus Corn na gCuradh an deireadh seachtaine seo caite gur léir go raibh port Chúige Uladh agus Chúige Laighean seinnte. Ní fiú mórán a rá. Ní raibh ceachtar den dá fhoireann gar ar bhealach ar bith don chaighdeán a theastaíonn ó fhoirne a bhíonn ag imirt i gcluichí ceannais.
Sea, deireadh seachtaine tubaisteach, náireach agus go deimhin, costasach do lucht leanúna an dá chúige. Mise i mbannaí duit, is fada go bhfágfaidh an fhulaingt a bhain leis na cluichí ceannais seo ár gcuimhne.
Mar sin féin, caithfidh Cúige Laighean díriú anois ar chluichí ceathrú ceannais URC na bliana seo, cluichí a bheas á n-imirt an deireadh seachtaine seo.
Beag beann ar an lagiarracht i mBilbao, caithfear a admháil go raibh mí-ádh ar Chúige Uladh nár éirigh leo áit a bhaint amach sna cluichí ceathrú ceannais, faoi mar a rinne na trí chúige eile. Seans go raibh baint ag an easpa doimhneachta i bpainéal na nUltach ag deireadh an tséasúir leis sin agus tuilleadh de na himreoirí gortaithe.
Chuir an easpa sin ó mhaith an tús maith a chuir Cúige Uladh leis an séasúr.
Sin mar atá, tá séasúr na nUltach thart ach tá na trí chúige eile fós sa rás do chraobh an URC agus iad ag imirt sna babhtaí ceathrú ceannais an deireadh seachtaine seo.
Cúige Chonnacht is túisce a bheas ag dul chun páirce anocht agus iad i nGlaschú i gcoinne fhoireann na cathrach sin. Is iad Glaschú mór-rogha na coitiantachta don choimhlint seo. Cuimhnigh gurb iad a bhí ar bharr thábla an URC ag deireadh na réamhbhabhtaí.
Bhí Cúige Chonnacht san ochtú háit. Is acu atá buntáiste an bhaile inniu, mar a bheas sa gcluiche leathcheannais agus ceannais freisin, sin má leanann siad ag buachtáil. Is cinnte gur spreagadh mór é sin dóibh.
Mar sin féin, seans gurbh fhearr le Glaschú a bheith ag imirt i gcoinne leithéidí Chaerdydd, Chúige Mumhan nó na Leon, na trí fhoireann eile a chríochaigh idir an cúigiú agus an t-ochtú háit ar an tábla, mar aon le Cúige Chonnacht. Tá an domhan rugbaí ag caint faoi shárimirt, cur chuige agus meon Chonnacht ó aimsir na Nollag i leith faoi stiúir Stuart Lancaster. Caithfidh Glaschú a bheith an-chúramach. Tá mise ag tabhairt leathsheans d’fhoireann na Gaillimhe fiú agus iad ag imirt as baile.
San Afraic Theas ag imirt ar thalamh ard i gcoinne na mBulls a bheas Cúige Mumhan amárach. Tá dúshlán damanta roimh Chúige Mumhan. Is deacair cás dearfach dóibh, seachas stair agus meon na Mumhan nuair a bhíonn siad i sáinn a lua agus is cinnte gur mar sin atá siad faoi láthair. Bua do na Bulls, faraor.
Ina dhiaidh sin cuirfidh curaidh reatha an URC, Cúige Laighean chun páirce i Staid Aviva i gcoinne na Lions. Is fiú a mheabhrú gur chas na foirne seo ar a chéile sa staid chéanna i mBabhta 17 den URC, cúpla seachtain ó shin. Bhí farasbarr de cheithre phointe fhichead ag Cúige Laighean ag deireadh an chluiche sin. Ní fheicim go mbeidh aon athrú ar an toradh sin amárach.
Bua do Chúige Laighean agus leanfaidh siad lena gcuid iarrachtaí greim a choinneáil ar an URC. Níl an dara rogha acu anois tar éis thubaiste Bhilbao.
Fág freagra ar 'Leathsheans ag Cúige Connacht as baile i nGlaschú'