Thuas seal thíos seal a bhíonn Cúige Laighean maidir le cluichí ceannais Chorn na gCuradh. D’imir siad sa chluiche ceannais ocht mbabhta ó thús an chomórtais i 1996. D’ardaigh siad an corn ceithre bhabhta, in 2009, 2011, 2012 agus 2018. I mBilbao a imríodh an cluiche in 2018, nuair a fuair foireann Átha Cliath an ceann is fearr ar Racing 92 na Fraince, ach idir sin agus seo d’imir siad i gceithre chluiche ceannais eile, in 2019, 2022, 2023, agus arís i 2024. agus theip orthu an bua a fháil i gceann ar bith acu.
Ní éiríonn ach leis na foirne is fearr an babhta craoibhe a bhaint amach in aon chomórtas, is cuma cén spórt atá faoi chaibidil agat. Is cúis mhórtais d’aon fhoireann imirt sa gcluiche ceannais chomh minic agus atá déanta ag Cúige Laighean. Mar sin féin, ní dóigh gur mórán sóláis an ráiteas sin do lucht leanúna dílis Chúige Laighean atá ag dul domhain sna pócaí arís agus iad ar thóir toradh dearfach a ceileadh orthu le hocht mbliana.
B’fhéidir gur dea-thuar do Chúige Laighean é gur i bpríomhchathair na mBascach a bheas siad ag imirt amárach i gcluiche ceannais Chorn na gCuradh don naoú babhta. Cuimhnigh gur imir siad i Staid San Mamés uair amháin roimhe seo, in 2018, agus bhí an bua acu ann. Is ansin a stopann na comharthaí dóchais, faraor. Tá liosta fada de phointí diúltacha ann. Ina measc tá an freasúra, Bordeaux Bégles, curaidh reatha an chomórtais, foireann atá lán d’imreoirí a bhfuil taithí idirnáisiúnta acu agus iad ag imirt d’fhoireann na Fraince, den chuid is mó.
Tá lear mór imreoirí idirnáisiúnta á gcur chun páirce ag Leo Cullen freisin ach cuimhnigh ar an ngreadadh (36-14) a thug na Francaigh dúinn sa gcéad chluiche den chomórtas Sé Náisiún atá thart.
Níl fáil ag Cúige Laighean ach oiread ar leithéidí RG Syman, imreoir a bhuaigh dhá chorn domhanda agus tá Harry Byrne, leathchúl amuigh an chúige, i bhfad ó ardchaighdeán Matthieu Jalibert, uimhir a 10 Bordeaux. Is fiú tagairt ar leith a dhéanamh don chliathánach óg, Louis Bielle-Biarrey atá ag aimsiú úd le cúl a chéile, dá chlub agus don Fhrainc.
Ní haon ábhar iontais mar sin gurb iad na Francaigh rogha na coitiantachta don choimhlint seo.
Ach is rás dhá chapall a bheas againn amárach. Is ar na curaidh atá an brú ar fad. An féidir leo an beart a dhéanamh don dara bliain as a chéile? Sin rud nach bhfuil déanta ach ag cúig fhoireann go dtí seo agus tá Cúige Laighean ina measc siúd (2011 agus 2012). Is cinnte go bhfuil brú ar leith ar Leo Cullen. In ainneoin gur threoraigh sé a fhoireann chuig an mbua sin in 2018, chlis air ó shin. Caithfidh sé a chuid imreoirí a chosaint ón mbrú a bhí lucht na meán agus a lucht leanúna a chur orthu i rith na seachtaine.
Beidh go leor ag brath ar mheon imreoirí Chúige Laighean. Má thugann siad an fhéinmhuinín atá á léiriú acu le cúpla seachtain chun páirce, ní bheidh siad gan seans.
Tá súil agam nach gcuirfidh cinneadh réiteora nó cárta buí as don chluiche seo agus beidh géarghá le cúpla paidir freisin.
Roimhe sin anocht, imreoidh Cúige Uladh i gcluiche ceannais an dara comórtas, Corn an Dúshláin, i mBilbao agus iad i gcoinne Montpellier na Fraince. Má tá dúshlán roimh na Laighnigh amárach, ní tada é i gcomparáid leis an gceann atá roimh na hUltaigh anocht. Tá foireann Richie Murphy cráite ag imreoirí céad-rogha atá gortaithe. Níl fáil ag Cúige Uladh ar leithéidí Stuart McCloskey, Jacob Stockdale ná cúpla imreoir eile atá gortaithe.
Tá croílár na foirne, Ian Henderson, an captaen, ar fionraí. Ní haon iontas gur chaill siad cúpla cluiche URC le gairid, agus gur theip orthu cáiliú do bhabhtaí cáilithe an chomórtais sin. Tá mé cinnte go ndéanfaidh Cúige Uladh a míle dícheall ach sílim go bhfuil an iomarca imreoirí céad-rogha in easnamh orthu.
Dála an scéil, ní dóigh go mbeidh mórán tacaíochta ná dea-thola ag teacht i dtreo na nUltach ó Chúige Chonnacht.
Cuimhnigh, má bhíonn an bua ag Cúige Uladh anocht caithfidh Cúige Chonnacht, foireann a chríochnaigh san ochtú háit ar thábla an URC, a n-áit i gcomórtas Chorn na gCuradh an chéad séasúr eile a thabhairt do bhuaiteoirí Chorn an Dúshláin. Feall tubaisteach a bheadh ann do Chúige Chonnacht dá dtarlódh sé sin, gan dabht ar bith.
Fág freagra ar 'Cúige Laighean ag súil gur thuas seal a bheidh siad i gcluiche ceannais Chorn na gCuradh'