Ní hé scéala Longfoirt amháin a léiríonn cosán casta, corrach, carraigeach na hiomána

I spórtanna go leor, na Cluichí Gaelacha ina measc, ní fhaigheann siadsan nach mbíonn suite chun boird le hais na lánúine nuaphósta an t-ómós ná an urraim atá dlite dóibh

Ní hé scéala Longfoirt amháin a léiríonn cosán casta, corrach, carraigeach na hiomána

Johnny Casey, Reuben Murray agus Ronan Courtney ag ceiliúradh bua Longfoirt i gcluiche ceannais Chraobh Lory Meaghar an tseachtain seo caite. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Anois nó ariamh é ag na foirne a bheas fanta san iomaíocht ar Chraobh Iomána na hÉireann tar éis an lae seo. Beidh siadsan ag neartú ar na maidí sna seachtainí atá romhainn. An scian is géire a fheannfaidh nó go mbeidh Corn Mhic Cárthaigh á cheiliúradh, pé contae ina mbeidh an gabhar á róstadh 6 seachtaine ón lá inniu.

Go dtiocfaidh sin ní bheidh aon ábhar cainte eile acu siúd ar suim leo cluiche na fuinseoige.

Ach sula meallfaidh sin go huile agus go haer muid, feictear dom nach mbeadh sé cóir neamhaird a dhéanamh ar na gaiscí atá déanta ag imreoirí, bainisteoirí, coistí agus lucht leanta na bhfoirne a rinne saothrú sna grádanna faoi bhun na craoibhe sinsir i mbliana.

Tá a gcuid réamhbhabhtaí, babhtaí cáilithe agus ceannais acu siúd ag teacht chun críche inniu. Ní mba ag an bpríomhbhord a bhíodar suite le linn an tséasúir ach ní hin le rá nach raibh ríméad na mbuaiteoirí agus briseadh croí na gcaillteoirí chomh dáiríre agus a bheas sé ag an dream a thiocfaidh suas céimeanna Ardán Uí Ógáin ar an 19 Iúil agus an dream a sheasfaidh go brónach i lár na páirce ag breathnú suas orthu.

I spórtanna go leor ní fhaigheann siadsan nach mbíonn suite chun boird le hais na lánúine nuaphósta an t-ómós ná an urraim atá dlite dóibh. I gcás na gCluichí Gaelacha freisin is minic faillí déanta orthu agus an bláth bainte dá gcuid gaiscí ainneoin a ndíchill.

Sampla maith is ea iománaithe Longfoirt a bhuaigh Craobh Lory Meagher an deireadh seachtaine seo caite agus a thuill an t-ardú céime sa tSraith Náisiúnta Iomána cúpla mí ó shin.

Ba é an craoladh a rinne TG4 ar an mbabhta ceannais idir iad féin agus Liatroim a thug an chéad seans dom fhéin agus do go leor eile, déarfainn, ceachtar acu a fheiceáil beo ar an teilifís.

Johnny Casey agus a mhac, Coinneach, curtha aige ina shuí i gCorn Lory Meaghar. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ní hé scéala Longfoirt amháin a léiríonn an cosán casta, corrach, carraigeach atá siúlta le hos cionn 100 bliain ag contaetha mar é. Scéal laochais agus crógachta, scéal dílseachta agus díograise, scéal snámha in aghaidh easa atá ann ar chuile bhealach.

Go minic ag dul thar láithreacha tógála dom, feicim leoraithe lán de choincréit á bhfolmhú ag píopaí atá ag síneadh 100 troigh san aer agus 100 eile ó bhaile.

Tá cóir na gaoithe leosan, mar a bheas leo siúd atá ag díriú ar Chorn Mhic Cárthaigh.

Cuimhním ansin ar an dáréag fear as an gceantar a thug ábhar séipéil go Barr Chruach Phadraig i 1906 lena gcuid asal – clocha, cláracha adhmaid, rataí agus slinn – gur thógadar aireagal ansiúd.

Ar aon dul le Longfort agus a leithéidí, ba ag snámh in aghaidh easa a bhí siadsan. Fós mar a thuigeann sibhse a bhain barr na Cruaiche amach ariamh, is fiú an tairbhe an trioblóid.

Bhí an iománaíocht ag dul i laige i Longfort nuair a tógadh an séipéilín sin 764 méadar san aer. Bhí an contae taobh le 3 chumann – Meathas Troim, Leo Casey’s (baile Longfoirt) agus Cill Eo.

I dtús na bliana 1903 d’imir na Cathasaigh i gcomórtas a raibh Corn Laighean mar ainm air agus le teacht an tsamhraidh bhí siad le Loch Garman a imirt i gCraobh an Chúige.

Cúpla lá sula raibh sin le tarlú, chuir siad scéala ó dheas á rá nach mbeadh ar a gcumas foireann iomána a chur chun páirce agus thairg cluiche peile a imirt ina áit sin. Bhí néal dorcha sa spéir.

D’imir siad i gCraobh Shinsir Iomána Laighean na bliana dár gcionn ceart go leor, ach b’in an chéad uair agus an uair dheireanach ag Longfort sin a dhéanamh.

Níor imríodh craobh chontae féin beag ná mór ansiúd idir 1917 agus 1929. Ní raibh fanta faoin am sin ach cumann an bhaile mhóir.

I dtús na 1930idí tháinig borradh faoin gcluiche. Ar feadh tamall gairid bhí foirne freisin ar an nGranárd, i mBéal Átha Liag agus i Lios Riain. Faoin am a dtáinig 1940 ní raibh fanta arís ach aon fhoireann amháin.

Cé is moite de chorrchumann a thagadh chun cinn agus a d’imíodh chomh scafánta céanna, b’amhlaidh cás gur bunaíodh Coiste Iomána na nÓg i 1966. Sna blianta a lean, rinneadh obair mhór sna scoileanna agus faoi aois – faoin mbliain 1980 bhí 7 bhfoireann iomána faoi aois sa gcontae.

Agus na hiománaithe óga a tháinig faoina thionchar sin tagtha in aois, sa mbliain 1982 imríodh Craobh Shinsir Iomána Longfoirt den chéad uair le dhá scór bliain. An bhliain sin freisin ghlac siad páirt den chéad uair sa Sraithchomórtas Náisiúnta Iomána.

Bhíodar ina seaimpíní i Roinn 4 cúpla uair agus chruthaigh a bhfoirne faoi aois go maith sna comórtais faoi leith a eagraíodh ar bhonn cúige agus go náisiúnta do chontaetha a bhí ar comhchaighdeán leo.

Ach faoi 1994, ní raibh arís sa gcontae ach dhá chlub iomána do dhaoine fásta – Flipeadóirí Longfoirt agus Wolfe Tone as Meathas Trim. Ceann lena chois sin (Cluain Geise) a bhí ann deich mbliana dár gcionn

Bainisteoir Longoirt Diarmuid Cahill. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Táthar ag brath ar na Cumainn Shinsearacha sin go dtí an lá atá inniu ann, ach tá foireann Longfoirt na linne seo treisithe ag riail a tugadh isteach cúpla bliain ó shin ar mhaithe leis na háiteacha ina bhfuil an iománaíocht lag.

Tugann sin a chead do leithéidí Longfoirt iománaithe thar teorainn a roghnú fad is gur de bhunadh an chontae iad nó go bhfuileadar ag obair ansiúd.

Leathdhosaen díobh a bhí ar an bpainéal a bhuaigh i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo caite agus a bhain Roinn 3 na Sraithe amach. Ina gceannas tá Diarmuid Cahill as Tiobraid Árann agus mar chóitseálaí a athair Dinny a d’imir leis an gcontae sin agus a bhí i mbun bainistíochta é féin ar fhoirne sinsearacha Aontroma agus Laoise.

Ní hiad muintir Longfoirt amháin ba chóir a bheith mórtasach as a ngaiscí.

Fág freagra ar 'Ní hé scéala Longfoirt amháin a léiríonn cosán casta, corrach, carraigeach na hiomána'

  • Mait Ó Brádaigh

    Mhúin mé féin is John Boland (foireann na Gaillimhe sna 80í) i Mels is thug muid aire do na fóirne iomána. Mise ann ó 97 go 2000. Bhuaigh an scoil Craobh Iomána Sóisear D Thuaisceart Laighean i 2000 (iarmhí, uíbh fháilí, etc). Clanna as Tiobraid Árann a bhain le roinnt scoláirí ach muintir Bhéal Átha Liag, Mheathas Troim is Ghort Leitreach i Liatroim i gceist go mór.