Tá géarghá le freagra níos éifeachtaí ar ghearáin faoi iarrthóirí tearmainn 

Ní féidir doirse an stáit a dhúnadh faoi mar a mhaíonn antoiscigh ach teastaíonn polasaí níos éifeachtaí d’iarrthóirí tearmainn

Tá géarghá le freagra níos éifeachtaí ar ghearáin faoi iarrthóirí tearmainn 

D’fhiafraigh an Teachta Dála Michael McNamara den Tánaiste trí huaire Déardaoin an raibh muinín aige as an Roinn Dlí agus Cirt. Ní muinín ach míshásamh a léirigh an freagra a thug Micheál Martin air faoi dheireadh.

Dúirt an Tánaiste gur cosúil ón bhfaisnéis a cuireadh ar fáil dó go ndearnadh “botún an-tromchúiseach” sa chás a phléigh an bheirt sa Dáil. Bhí athbhreithniú ar láimhseáil an cháis iarrtha ag an Aire Helen McEntee, a dúirt an Tánaiste.

Ní foláir a rá ag an bpointe seo gur athbhreithniú atá iarrtha ag McEntee ar a ndearna a roinn féin. Pé scéal é, fillimis ar scéal an cheistiúcháin Dála.

Bhain sé le cás ag iarrthóir tearmainn ón Iaráic a ciontaíodh i gcoir ghnéasach a rinne sé sa Bhreatain. Sular tháinig sé go hÉirinn, cuireadh ar chlár ciontóirí gnéis na Breataine é.

Dúradh i mbreithiúnas san Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath go raibh faisnéis faoin gcoir ghnéasach a rinne an fear i seilbh na Roinne Dlí agus Cirt ó mhí Dheireadh Fómhair 2021. Níor dúradh leis an bhfear, áfach, go raibh dualgas de réir dlí air clárú mar chiontóir gnéis abhus.

Dúirt an Breitheamh Siobhán Phelan i mí an Mhárta go raibh sí buartha, mar gheall ar thábhacht an chláir ciontóirí gnéis mar bheartas sábháilteachta, nár tháinig scéal an fhir chun solais níos luaithe.

D’aontaigh sí le maíomh an fhir nár chóir é a aistriú chun na Breataine toisc go raibh láimhseáil a cháis lochtach. Níor bhunaigh sí a breithiúnas ar a thuairim nár chóir é a chur chun na Breataine toisc go raibh baol ann go n-aistreofaí é go Ruanda.

Tá leasú ar an dlí á dhréachtú faoi láthair ionas go mbeifear ábalta, dar le Helen McEntee, iarrthóirí tearmainn ón mBreatain a sheoladh ar ais ón tír seo. Ar mhórán cúiseanna a bhaineann le dlí agus le polaitíocht na hÉireann agus na Breataine, ní féidir críoch an scéil sin a thuar ag an bpointe seo.

Is léir, áfach, an chúis imní sa Roinn Dlí agus Cirt, mar a d’admhaigh Micheál Martin sa Dáil Déardaoin. Theip ar an Roinn déileáil mar ba chóir le ciontóir gnéis a chaith breis agus dhá bhliain sa stát gan na Gardaí ná áisíneacht stáit ar bith a bheith curtha ar an eolas faoi – ainneoin faisnéis faoin gcoir a rinne sé sa Bhreatain a bheith curtha ar fáil don Roinn ag na húdaráis thall.

Ní deacair an leas a bhainfidh grúpaí a shíleann go bhfuil Éire ‘lán’, agus gur féidir imircigh den uile chineál a choinneáil amach, as an drochriar a léirigh cás dá leithéid.

Tá forbairt ar sholáthar dídine d’iarrthóirí tearmainn beartaithe ag an rialtas. Bunófar an fhorbairt, a deirtear, ar ionaid nua a bheidh níos mó ná na hionaid a úsáideadh go dtí seo. Níl sonraí ná amchlár fógartha, ach níl duine ar bith ag súil le haon amharc ar an bhforbairt i mbliana.

Tá feabhas geallta freisin ar chumarsáid an rialtais maidir lena pholasaí ginearálta agus áitiúil i leith iarrthóirí tearmainn. Cé go bhfuiltear ag caint ar a leithéid le sé mhí, ní léir aon toradh fós.

Ní cóir faillí iomlán a chur i leith an rialtais, fiú má chuirtear san áireamh an fhainic a chuir a státseirbhísigh ar Helen McEntee dhá bhliain ó shin. Bhí baol ann, a dúirt siad léi, go dtiocfadh breis iarrthóirí tearmainn go hÉirinn de réir mar a léireofaí go raibh aslonnú go Ruanda le cur i bhfeidhm sa Bhreatain.

Déanta na fírinne, tháinig an méadú ar theacht na n-iarrthóirí tearmainn aniar aduaidh ar gach páirtí. Maíonn páirtithe an fhreasúra gur chóir go mbeadh ‘plean’ ag an rialtas faoin am seo chun fóirithint orthu ach seachnaíonn siad caint ar ionaid, ar mhaoiniú agus ar aimsiú foirne. Is fusa ‘plean’ a mholadh ná a chur i bhfeidhm.

Idir an dá linn tá míshásamh réasúnta agus míréasúnta ann a chothaíonn doiléire i gcur chuige an rialtais ag dul i dtreise. Seachnaíonn airí oscailteacht maidir le lonnú iarrthóirí tearmainn, toisc go gcothóidh oscailteacht feachtas ina choinne, toisc go gcothaíonn neamh-oscailteacht na n-údarás amhras. Agus mar sin de.

Bhí baint ag Helen McEntee le dhá eachtra a tharla an tseachtain seo caite a léiríonn idir chontúirt agus éagumas. Ag cruinniú de choiste Oireachtais, ní raibh sí féin ná a státseirbhísigh ábalta ceisteanna a chuir Michael McNamara faoi dhíbirt iarrthóirí tearmainn ar theip ar a n-iarratais a fhreagairt.

Cúpla lá ina dhiaidh sin b’éigean dá fear céile agus a páistí óga teitheadh óna dteach cónaithe (ní raibh sí féin sa bhaile) nuair a dúradh i nglaoch teileafóin go raibh buama sa teach. Níor aimsíodh buama. Níl ann ach mí ó ciontaíodh príosúnach i bPríosún Phort Laoise i mbagairt den sórt céanna ar an aire.

Tá gach cosúlacht ar scéal na n-iarrthóirí tearmainn go rachaidh sé chun donais sara rachaidh sé i bhfeabhas, go háirithe agus na toghcháin áitiúla agus Eorpacha romhainn ar an 7 Meitheamh.

Dhéanfadh an rialtas a leas féin dá mbeadh ráitis na n-airí níos oscailte agus dá mbeadh a gcur chuige maidir le hiarrthóirí níos éifeachtaí.

Ní féidir doirse an stáit a dhúnadh faoi mar a mhaíonn antoiscigh na heite deise. Is féidir, áfach, breithniú cásanna a bhrostú gan cearta daonna a shárú. Ba chóir go bhféadfaí níos mó daoine nach dtuilleann stádas mar theifigh a dhíbirt. Ba chóir go bhféadfaí a dheimhniú nach ndéanfaidh éagumas ceap magaidh arís de chur chuige an stáit. Tiocfaidh stuaim i réim arís sa chaidreamh Angla-Éireannach, ar ball.

Roimhe sin áfach ba chóir don Taoiseach súil ghéar á choinneáil ar gach gné de chur chuige an rialtais, idir lochtach agus fiúntach.

Tá cáil ar Simon Harris mar fhear cumarsáide. Ní foláir dó cúis na cáile sin a léiriú maidir le hiarrthóirí tearmainn.

Fág freagra ar 'Tá géarghá le freagra níos éifeachtaí ar ghearáin faoi iarrthóirí tearmainn '