Ní haon mhaith trua a bheith agat duit féin nuair a fhaigheann tú diúltú ó na foilsitheoirí

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Má chreideann tú féin sa scéal atá á insint agat, coinnigh ort ag cur barr feabhais air

Ní haon mhaith trua a bheith agat duit féin nuair a fhaigheann tú diúltú ó na foilsitheoirí

Céard a dhéanann tú má dhiúltaíonn leath de na foilsitheoirí ar chuir tú d’úrscéal chucu don saothar sin, agus mura mbíonn freagra ar bith ón gcuid eile acu tar éis leathbhliana?

Ar dtús, tugann tú amach do do chairde faoin lag trá i saol na foilsitheoireachta i gcoitinne agus i margadh an fhicsin go háirithe. Bíonn trua agat duit féin nach bhfuil tú, ar chúiseanna margaíochta, sách du jour le go mbeadh suim ag foilsitheoirí ionat.

Ansin, má chreideann tú fós i do shaothar féin agus más rud é go ndearbhaíonn aiseolas a fuair tú ó léitheoirí cabhracha nach bhfuil seachmall ort maidir le fiúntas an togra a scríobh tú, ní chailleann tú do mhisneach agus cuireann tú an saothar amach chuig an gcéad dornán eile foilsitheoirí.

Ach ní dhéanfaidh tú sin sula dtabharfaidh tú faoi bhabhta eagarthóireachta eile.

Más rud é gur dhiúltaigh trí nó ceithre dhream do shaothar éigin cheana féin, ní bheadh sé ciallmhar an saothar céanna a chur amach arís gan iarracht a dhéanamh barr feabhais a chur air.

Ach cá dtosóidh tú?

‘Tá dul amú ort,’ a deir cara de mo chuid ar cumadóir ceoil tráchtála é agus a ndiúltaítear do na traiceanna a chumann sé d’fhógraí teilifíse agus araile ó am go chéile freisin, ‘tá dul amú ort má cheapann tú go ndéanfaidh dornán athruithe cosmaideacha difear ar bith.’

Aontaím leis. Ar ndóigh ní lia duine ná tuairim, ach má dhiúltaigh níos mó ná duine nó beirt don saothar céanna, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach leor cúpla athrú ar mhaithe leis an athrú.

Tosóidh tú ag an tús.

Gan dabht is ag an tús a thosóidh pé foilsitheoir a gcuirfidh tú do shaothar chuige ag léamh, agus má chuireann tú feabhas ar thosach an tsaothair is lú an seans go gcaithfear sa bhruscar é tar éis an chéad chúpla leathanach.

Ach ní stopfaidh tú ansin. Treabhfaidh tú tríd an saothar ó thús deireadh agus cuirfidh tú feabhas ar chuile abairt nach mbíonn tú sásta léi. Bainfidh tú amach aidiachtaí agus dobhriathra nach raibh gá leo, cuirfidh tú caoi ar phoncaíocht lochtach, agus thar aon rud eile, ar chomhrá mínádúrtha (bíonn sé de cháil ar fhoilsitheoirí áirithe nach ag an tús a thosaíonn siad ag léamh ach go dtéann siad ar thóir phíosa cainte sa téacs, agus mura mbíonn aon mhaith leis an gcaint, isteach sa bhruscar leis an saothar ar an bpointe boise.)

Déanfaidh tú athscríobh ar shleachta iomlána más gá.

Tógfaidh sé am. Beidh fonn ort an trioblóid a shábháil ar an bhfoilsitheoir agus do shaothar a chaitheamh sa bhruscar tú féin. Ná déan sin. Má chreideann tú féin sa scéal atá á insint agat, coinnigh ort ag cur barr feabhais air go dtí nach mbeifear in ann diúltú dó.

Fág freagra ar 'Ní haon mhaith trua a bheith agat duit féin nuair a fhaigheann tú diúltú ó na foilsitheoirí'

  • Maitiú

    Nó déanfaidh tú mar a dhéanann Gaeil áirithe agus bunóidh tú do chomhlacht foilsitheoireachta féin 😆

  • Seosamh Ó Beirgin

    Ar shéan comhlacht foilsitheoireachta Gaeilge leabhar ar bith riamh?