Ag fanacht ar fhreagra Iosrael agus doras na hiaróige oscailte acu

Le mí anuas tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil iompar na nIosraelach sa chogadh ag athrú

Ag fanacht ar fhreagra Iosrael agus doras na hiaróige oscailte acu

Tar éis do na hIosraelaigh ionsaí a dhéanamh ar fhoirgneamh consalachta na hIaráine sa tSiria coicís ó shin, ionsaí inar mharaigh siad seachtar oifigeach sinsearach, beirt ghinearál san áireamh, bhíothas ag súil le freagra ón Iaráin.

Tugadh an freagra ag an deireadh seachtaine nuair a scaoil siad níos mó ná 300 drón agus diúracán le hIosrael.

Sheol na hIaránaigh thart ar 200 drón, roinnt diúracán cúrsála agus níos mó ná 100 diúracán balaistíoch agus tuairiscítear gur tugadh gach ceann acu go talamh seachas sé nó seacht ndiúracán.

De ghnáth seoltar na dróin ar dtús ionas nach mbeadh an córas frithdhiúracán in ann plé le líon na ndiúracán, ach tá sé sách éasca drón a thabhairt go talamh.

Tá sé níos deacra diúracáin cúrsála a leagan toisc go gcloíonn siad le luí na talún agus eitlíonn siad ar luas níos tapa.

Ach tá sé thar a bheith deacair diúracáin bhalaistíocha a thabhairt go talamh toisc go n-eitlíonn siad níos airde sa spéir agus go dtagann siad anuas ar ardluas.

Cé gur aimsigh diúracáin bhalaistíocha aerbhunáit i ndeisceart Iosrael, tuairiscítear nach raibh mórán damáiste déanta. B’fhéidir nach raibh sé ar intinn na nIaránach mórán damáiste a dhéanamh, ach is í an cheist is mó anois ná cad a dhéanfaidh na hIosraelaigh.

Osclaíodh doras na hiaróige sa mheánoirthear tar éis ionsaithe an 7 Deireadh Fómhair, d’oscail na hIosraelaigh an doras céanna ní ba leithne nuair a d’ionsaigh siad an foirgneamh consalachta ach an bhfuil siad ar tí é a oscailt níos leithne fós anois mar gheall ar fhreagra na hIaráine?

Iompar athraithe

Le mí anuas tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil iompar na nIosaelach sa chogadh ag athrú. Le linn mhí an Mhárta thosaigh siad ag déanamh ionsaithe ón aer ar bhunáiteanna Hezbollah níos faide isteach sa Liobáin, lena n-áirítear ionsaithe ar bhunáiteanna i ngleann Bekaa, áit ina bhfuil aonaid shuntasacha de chuid Hezbollah lonnaithe.

Tuairiscítear gur bhog siad trealamh míleata breise, lena n-áirítear tancanna agus airtléire, chuig tuaisceart na tíre níos gaire don teorainn leis an Liobáin. Cé nach raibh trúpaí breise le feiceáil gar don teorainn chéanna, tharraing siad sciar maith de thrúpaí amach ó Gaza. Meastar go raibh thart ar 90,000 trúpaí lonnaithe i nGaza ag tús na bliana agus nach bhfuil ach níos lú ná 10,000 fágtha ansin anois.

Léamh amháin a tairgeadh ar na forbairtí sin agus ar an ionsaí ar an bhfoirgneamh consalachta ag tús mhí Aibreáin ná go raibh na hIosraelaigh ag déanamh iarrachtaí an Iaráin a mhealladh chun díoltas a bhaint amach ionas go mbeadh siadsan in ann ionsaí a dhéanamh ar Hezbollah. Ó thús na n-ionsaithe ar an 7 Deireadh Fómhair, tá comhairle le cloisteáil in Iosrael gur chóir dóibh an deis a thapú agus Hezbollah a ionsaí.

Freagra na nIosraelach

Tar éis an ionsaithe in Gaza inar mharaigh na hIosraelaigh seachtar oibrithe carthanacha de chuid World Central Kitchen bhí siad faoi bhrú taidhleoireachta idirnáisiúnta glacadh le sos cogadh. Ach mar gheall ar ionsaí na nIaránach gheobhaidh siad faoiseamh ón mbrú sin agus seans go mbeidh an deis acu an t-ionsaí, atá geallta acu, a dhéanamh ar Rafah i ndeisceart Gaza. Má ionsaíonn siad Rafah, ní mar fhreagra ar ionsaithe na hIaráine é ach chun an deis seo a thapú leis an daingean deireanach ag Hamas a scriosadh.

Gan amhras tá leithscéal acu anois ionsaithe níos leithne a dhéanamh ar Hezbollah ach de réir tráchtairí slándála in Iosrael níl na hullmhúcháin déanta acu chun ionradh a sheoladh ar an talamh thar an teorainn go fóill.

Toisc go ndearna an Iaráin ionsaí díreach ar Iosrael is dóiche ná a mhalairt go ndéanfaidh na hIosraelaigh ionsaí go díreach ar an Iaráin mar fhreagra. Suas go dtí 2022 ní raibh sé ar chumas na nIosraelach ionsaí díreach a dhéanamh ar an Iaráin toisc go mbeadh orthu brath ar na Meiriceánaigh chun a gcuid scairdtrodaire téaltaitheacha a athbhreoslú san aer.

Ach in 2022 d’fhógair siad go raibh uasghrádú déanta acu ar an scairdtrodaire téaltaitheach F35 ionas go mbeadh sé in ann eitilt chuig an Iaráin gan athbhreoslú a bheith riachtanach. An bhliain chéanna d’fhógair siad freisin go raibh siad tar éis cleachtaí míleata a chríochnú ina ndearna siad cleachtadh ar ionsaí díreach ar an Iaráin.

Fuair na hIosraelaigh cúnamh ó thíortha eile le linn na n-ionsaithe ag an deireadh seachtaine agus beidh na tíortha céanna ag súil, mar gheall ar an gcúnamh sin, go mbeidh siad in ann tionchar a imirt ar na hIosraelaigh sula ndéanfaidh siad cinneadh faoi cén cineál freagra a thabharfaidh siad don Iaráin.

Ach níl sé léirithe go dtí seo go bhfuil fonn ar na hIosraelaigh éisteacht le comhairle óna gcomhghuaillithe.

Má dhéanann siad ionsaithe, abair ar áiseanna míleata na hIaráine sa tSiria, nó fiú ionsaithe teoranta san Iaráin féin, léiriú a bheadh ann gur éirigh leis na comhghuaillithe dul i bhfeidhm orthu.

Ach má dhéanann siad ionsaithe ar áiseanna núicléacha na hIaráine, léiriú a bheadh ansin go bhfuil Iosrael sásta dul sa seans go n-osclófaí doras an hiaróige go hiomlán sa mheánoirthear.

Fág freagra ar 'Ag fanacht ar fhreagra Iosrael agus doras na hiaróige oscailte acu'

  • JP

    ‘Ná hoscail doras na hiaróige!’
    LSeanrá & comhairle ár leasa.