An lámh in uachtar ag an Úcráin sa chogadh faisnéise…go fóill

Léirigh an raic i dTeach na nIonadaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá nach gan dua a choimeádfar le chéile comhghuaillithe na hÚcráine

An lámh in uachtar ag an Úcráin sa chogadh faisnéise…go fóill

Ardú meanman ab ea é do mhuintir na hÚcráine nuair a shínigh Joe Biden an bille chun cúnamh míleata a chur ar fáil Dé Céadaoin. Tháinig an bua tar éis sé mhí de chath fíochmhar faisnéise, cath ina raibh an dá thaobh sa choimhlint ag iarradh tionchar a imirt ar pholaiteoirí na Stát Aontaithe. Léiriú ab ea é freisin cé chomh tábhachtach agus atá an cogadh faisnéise.

Tugann an chuid is mó de thíortha an iarthair cúnamh míleata don Úcráin agus is léir go bhfuil acmhainní as cuimse acu:

  • Tá geilleagair na dtíortha sin thart ar 27 oiread níos mó ná geilleagar na Rúise
  • Tá buiséid chosanta na dtíortha 13 oiread níos mó ná buiséad cosanta na Rúise
  • Meastar go bhfuil aschur arm na dtíortha ocht n-oiread níos mó ná aschur na Rúise

Tá a fhios ag na Rúisigh dá gcuirfí sciar maith d’acmhainní míleata thíortha an iarthair ar fáil go mbeadh sé deacair acu leanúint leis an ionradh. Tá siad i mbun feachtas faisnéise chun srian a chur leis na hacmhainní a fhaigheann an Úcráin agus ar ndóigh tá na hÚcránaigh ag iarraidh a mhalairt a dhéanamh.

Nuair a bhí deacrachtaí ag na Rúisigh sa chogadh ag deireadh 2022 bhí bagairtí ionsaithe núicléacha le cloisteáil. Tuairiscíodh ag an am gur éirigh na Rúisigh as na bagairtí nuair a chuir na Sínigh brú orthu ach bhí drogall ar roinnt tíortha na hairm is cumhachtaí a chur ar fáil mar gheall ar an méid a bhí le cloisteáil faoi ionsaithe núicléacha.

Mar shampla, tá thart ar 100 córas frith-aerárthaí Patriot ag na Stáit Aontaithe ach níor aistrigh siad ach ceann amháin chuig an Úcráin. Tá níos mó ná 4,000 tanc Abrams coimeádta i dtaisce acu ach níor chuir siad ach 31 tanc ar fáil.

Níl siad sásta go fóill scairdtrodairí ná diúracáin chúrsála a chur ar fáil ach oiread. Tá drogall fós ar na Gearmánaigh diúracáin chúrsála a aistriú chuig an Úcráin chomh maith.

Bhí an bille a shínigh an tUachtarán ina chnámh spairne i dTeach na nIonadaithe ar feadh sé mhí ach in ainneoin na n-iarrachtaí dul I bhfeidhm ar ionadaithe, níor ritheadh é go dtí an deireadh seachtaine seo caite.

Sa deireadh d’éirigh leis na hÚcránaigh ach bhí tionchar nach beag ag na Rúisigh chomh maith. In 2022 ní raibh ach níos lú ná 60 Ionadaí Poblachtánach i gcoinne cúnamh don Úcráin ach ag an deireadh seachtaine vótáil níos mó ná leath na nIonadaithe Poblachtánacha, 111 ionadaí, ina choinne. Ní maith an comhartha é sin d’iarratais a dhéanfar as seo amach.

Cuireadh moill ar an reachtaíocht ach, mar a tharla, d’éirigh leis na hÚcránaigh dul i bhfeidhm ar thíortha eile chun níos mó cúnamh míleata a thabhairt. Mar shampla, gheall an Danmhairg go n-aistreodh siad gach gunna airtléire agus gach scairdtrodaire F16 atá acu chuig an Úcráin.

An tsáinn briste

Mar gheall ar an moill d’éirigh leis na Rúisigh an tsáinn ar an talamh a bhriseadh toisc nach raibh a ndóthain sliogán airtléire nó diúracán frith-aerárthaí ag na hÚcránaigh.

Tar éis dóibh Avdiivka a ghabháil dhá mhí ó shin, bhog siad níos faide siar agus tá siad ar tí céad líne chosanta na nÚcránach a thrasnú. Toisc nach bhfuil mórán sliogán airtléire acu, tá na hÚcránaigh ag brath níos mó ná riamh ar dhróin ar a dtugtar FPV, dróin bheaga ar féidir a eilit go díreach chuig hargaidí, chun an Rúisigh a stopadh.

Siar ó Bakhmut tá na Rúisigh ar tí an baile Chasiv Yar a thimpeallú chomh maith. Má éiríonn leo an baile seo a ghabháil agus briseadh tríd a dhéanamh siar ó Avdiivka beidh cuid de na réamhullmhúcháin déanta acu chun a n-aghaidh a thabhairt ar Kramatorsk agus Slovyansk agus an chuid eile de Chúige Donetsk a ghabháil. Tá na hÚcránaigh ag rá go bhfuil siad ag súil le feachtas nua ó na Rúisigh chun an sprioc sin a bhaint amach go luath.

Tá cúrsaí san aer chomh dúshlánach is atá siad ar an talamh. Mar gheall ar ionsaithe drón agus beagnach míle go leith diúracán ó thús na bliana tá cuid mhaith de dhiúracáin frith-aerárthaí fadraoin na hÚcráine ídithe agus níl mórán fágtha chun na háiseanna is tábhachtaí sa tír a chosaint. Toisc nach bhfuil diúracáin ghearr-raoin acu gar don líne thosaigh ach oiread tá ceannas san aer bainte amach ag na Rúisigh den chéad uair sa chogadh.

Mura ndéanann na Rúisigh mórán dul chun cinn eile agus má fhaigheann na hÚcránaigh cúnamh míleata go luath, seans go mbeidh siad in ann stop a chur leis an dul chun cinn ar an talamh sa ghearrthéarma. Seans freisin go mbeidh siad in ann ceannas san aer a shéanadh ar na Rúisigh má fhaigheann siad na diúracáin fhrith-aerárthaí atá de dhíth orthu. Beidh siad ag iarraidh go mbeadh an cogadh i sáinn arís a luaithe is féidir.

Cathanna faisnéise eile

Ach ní dhá arm atá ina gcéilí comhraic a thuilleadh, is dhá thír a fhaigheann tacaíocht ó chomhghuaillíochtaí atá i mbun coimhlinte. Cé go bhfuil acmhainní as cuimse ag comhghuaillithe na hÚcráine tá earnáil déantúsaíocht arm na Rúise agus a comhghuaillithe chun tosaigh faoi láthair, go háirithe ó thaobh déantús sliogán airtléire de agus ní bheidh monaróirí an iarthair in ann breith suas leo go dtí 2025 ar a luaithe.

Beidh toradh an chogaidh ag brath ar cé acu taobh a mbeidh fonn orthu leanúint leis an troid. Léirigh an raic i dTeach na nIonadaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá nach gan dua a choimeádfar le chéile comhghuaillithe na hÚcráine

Níl an fhadhb chéanna ag na Rúisigh.

Agus olltoghcháin thábhachtacha ar na bacáin san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe níos déanaí sa bhliain, beidh na Rúisigh ag déanamh iarrachtaí tionchar a imirt chun cur isteach ar an tacaíocht a fhaigheann an Úcráin. Beidh na hÚcránaigh ag iarraidh na deacrachtaí a bhaineann leis an tacaíocht sin a fháil, a shárú.

Chuige sin ní hamháin go leanfaidh an cogadh dearg ar aghaidh ach cuirfear an lasair sa bharrach sa chogadh faisnéise chomh maith.

Fág freagra ar 'An lámh in uachtar ag an Úcráin sa chogadh faisnéise…go fóill'

  • Colm

    Achoimre íontach faisnéisach, mar is gnáth.