Agus é ina scaladh gréine Dé Domhnaigh seo caite déarfainn gur beag áit ar domhan ba thaitneamhaí ná Leitir Mealláin i gConamara mar ar seoladh Taispeántas Cuilteála agus ealaín láimhe ó cheithre mheitheal ban thiar i halla an cheantair. Bean de bhunadh na háite a sheol an taispeántas agus ba léir gur thuig an Feisire Eorpach Maria Walsh tábhacht is stádas cheird na gcuilteanna.
Is mór i gceist na laethanta seo an athchúrsáil agus caomhnú na hoidhreachta ceardaíochta agus is beag ceird is sine ná is dúchasaí ná an chuilteáil mar ba í a choinnigh na daoine teolaí sa leaba nuair nach raibh aon chaint ar an teas lárnach.
Múineann an riachtanas cleasa go leor agus bhain mná treallúsacha stuama leas as píosaí éadaigh is giobail le cuilteanna a dhéanamh. Amhail chuile ealaíontóir ní hamháin go mbíodh a gcuid cuilteanna fóinteach ach bhí siad slachtmhar is pearsanta freisin, an bród agus an dúil sin san áilleacht agus sa gcruthaitheacht á santú i saol a bhíodh gann is gruama go maith.
Tá a n-oidhrí fós ag cuilteáil agus tá saothar sa taispeántas seo ó mhná Leitir Mealláin, Charna, Inis Oírr agus Chois Fharraige agus na grúpaí ag cuilteáil i gcomhluadar a chéile i gcaitheamh an airneáin. Chomh maith leis na cuilteanna, tá cúisíní, mataí boird is taipéisí balla sa taispeántas cuidsúlach seo. Údar suntais ar leith an chuilt a n-insíonn a cuid paistí scéal an cheantair – muir, tír, séasúir is tírdhreach. Iontach ar fad.
Beidh an taispeántas ar siúl chuile lá go dtí an Satharn seo chugainn, an 18 Bealtaine.
Nuair a bheas áilleacht is iontais na cuilteála feicthe agat buail trasna na sráide go bhfeicfidh na seoda ar fad atá san Ionad Oidhreachta. Níor mhór duit seachtain a chaitheamh istigh sa tseodlann seo, ach a leithéid de bhailiúchán luachmhar áitiúil ní fhaca mé riamh. Tá leabhra ann a scríobh daoine as an gceantar nó faoin gceantar, tá oirnisí tís, farraige, feilme is portaigh ann.
Tá siopa ar an seandéanamh ann chomh maith le trealamh chuile cheardaí a shaothraigh sa seansaol – gréasaí, gabha, fiaclóir, dochtúir, tuíodóir, caoladóir, cócaire, bádóir, iascaire, táilliúir is maintín, chomh maith le cóipleabhair, nuachtáin is leabhair cuntais siopaí is tithe aíochta, sínithe ag aíonna mór le rá. Amhail na Lochlannaigh a bhfuil iarsmaí dá gcuid ansin, b’éigean do dhaoine dul thar sáile agus má chuaigh féin níor dhearmad siad an baile agus tá a gcosán ar pár san ionad chomh maith.
Ní hé an cuairteoir thar droichead anoir amháin a bhainfidh sásamh agus stair as an ionad oidhreachta seo. Geallaim duit má théann tú ann go mbeidh tú ar ais.
Má bhíonn tú tugtha traochta ag do thuras ceardaíochta is oidhreachta buail isteach go dtí Ionad na Feamainne agus sín siar ó chluais go drioball sa tobán feamainne agus beidh tú i do bhrín óg arís agus tú réidh le tabhairt faoi Thúr Cheann Gólaim!
Ná bíodh aon imní ort go ngabhfaidh tú amú mar tá comharthaí breátha Gaelacha crochta ag ceann bhóithríní na mbailte agus ar na droichid uilig.
CaoimhedeSain
Aon seans go nascófá patrún leis an alt?