Ológa na Palaistíne
Grianghraif le Adam Broomberg & Rafael Gonzalez
Foilsithe ag MACK, Londain, 2024
128 lch
Toisí: 9½x11¾”
Cad a dhéanfaidh siad feasta gan crainn ológ? Seasann an ológ d’fhéiniúlacht agus do chultúr na Palaistíne: is siombail é an crann ológ de sheasamh na bPalaistíneach. Is é a n-ancaire é. Tacaíonn ológa le slí mhaireachtála breis agus 100,000 teaghlach Palaistíneach.
Ón mbliain 1967 ar aghaidh, tá 800,000 crann ológ scriosta ag údaráis Iosrael agus lonnaitheoirí Iosraelacha. Crainn an-ársa is ea cuid mhaith acu. Ní haon ionadh is dócha gur spreag crann díobh an haiku seo:
‘táim céasta!’
dá mbeadh caint
ag an gcrann ológ
Seapánach a thit i ngrá le hÉirinn
Atelier EXB
160 lch
75 grianghraf daite
ISBN: 978-2-36511-39
Is iomaí grianghrafadóir eachtrannach a tháinig go hÉirinn, chun na Trioblóidí a thaifeadadh ó thuaidh nó
chun súil a chaitheamh ar thírdhreach agus ar mhuintir na hÉireann trí chéile. Seapánach a bhí tar éis grianghraif a ghlacadh i Vítneam le linn an chogaidh ansin ab ea Akihiko Okamura (1929-1985).
Shocraigh sé síos in Éirinn. Mhair sé féin agus a chlann anseo, idir 1969 agus 1985, bliain a bháis, ar dtús i ndeisceart Átha Cliath agus ansin i mball iargúlta i gCill Mhantáin.
Ní cuimhin le héinne anois é. Deir iníon leis, Kusi, gur mhair sé mar thaibhse, sa chúlra.
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Scrios chrainn ológa na Palaistíne…'