Samhradh idileach na ngasúr
Samhradh idileach aoibhinn atá á chaitheamh ag na gasúir faoi láthair. Tá an aimsir go hálainn agus ghéill mé ar na campaí ar deireadh agus shocraigh campa cadhcála dóibh. Rinne siad ceann cúpla bliain ó shin agus bhí sé ina ghleadhradh chuile lá. Laethanta fliucha ina mbeadh údar agat ceisteanna diana a chur ort féin théis iad a fhágáil ann ar maidin agus an spéir ar an talamh, “an bhfuil sé ceart iad a fhágáil ansin inniu?” D’fhág mé ann iad, ach d’airigh mé go dona faoi, más aon leithscéal é sin.
I mbliana is geall le flaithis Dé an cuan agus an ghrian ag scaladh agus an fharraige ina clár. An t-aon imní atá ann anois ná go dtiocfaidís abhaile agus iad dóite ag an ngrian. Is iomaí bua a thug muid linn ónár sinsir, ach níl ach duine amháin sa gclann atá in ann an ghrian a sheasamh. Níl a fhios agam an bhfuil an dá bhraon meilinine féin idir an chuid eile againn.
Ag an aois a bhfuil mise anois, ní chuirim aon suim ann agus glacaim leis go gcaithfidh mé dul ar an bhfoscadh agus buidéal uachtar gréine a smearadh orm féin sula gcuirfidh mé cos amach. Chaith mé mo dhóthain oícheanta rósta ag an ngrian agus dóite go gcuimhneoidh mé ar an uachtar gréine.
Níl a fhios agam céard a dhéanfaidh tú leis an té nach bhfuil in ann ag an ngrian ná ag an uachtar gréine. ‘Beidh muid togha,’ a deir siad liom ar maidin agus iad loiscthe ón lá roimhe. Caithfidh mé na scéalta uafáis a tharraingt anuas gach maidin ag caint ar chontúirtí an UV agus mé ag troid leo ag iarraidh smeadar éigin uachtair a chur orthu. “Cuirfidh tú hata ort, mar sin, as ucht Dé ort!” Ach ní chuirfidh.
Tá gach duine a chasfar ort ar an tsráid ag caint ar an tonn teasa atá ar an mbealach. Má tá sé tada níos teocha ná mar a bhí le seachtain anuas, níl a fhios agam céard a dhéanfaidh muid. Céard a thabharfá ar dhuine nach bhfuil ar thóir na gréine? Bhuel, tá ruainnín gréine togha, ach ná gabh thar fóir leis an scéal.
Camscéimeanna…is dócha…
Seans go bhfaca tú téacsanna ag teacht isteach ar do ghuthán le seachtain anuas agus iad marcáilte ‘Likely Scam’. Tá tús curtha ag ComReg le scéim nua ina bhfuil iarracht á déanamh scéiméireacht ghutháin a aithint agus fógra a thabhairt do dhaoine sula gcliceálfaidh siad isteach ar an téacs. Bíonn gach tús lag ar ndóigh agus tá roinnt deacrachtaí tagtha chun cinn ó thosaigh an togra an tseachtain seo caite.
Is é an chaoi a n-oibríonn sé ná go gcaithfidh comhlachtaí clárú le liosta atá ag ComReg agus bíonn uimhir nó cód aitheantais ag an gcomhlacht bunaithe ar an liosta sin a insíonn don chóras gur téacs bailí atá ann. Is cosúil go bhfuil 8,000 comhlacht tar éis clárú leis an gcóras go dtí seo.
Faoin gcóras nua, má thagann téacs isteach ag maíomh gur ó An Post é, mar shampla, caithfidh an uimhir aitheantais cheart a bheith ag an seoltóir. An fhadhb atá tagtha chun cinn ná má bhaineann an comhlacht úsáid as aip nó córas seachtrach eile leis na téacsanna a sheoladh, ní aithneoidh an córas iad agus marcálfar é mar ‘Likely Scam’.
Tá roinnt deacrachtaí tagtha chun cinn d’oifigí dochtúra agus eagraíochtaí beaga eile a bhíonn ag úsáid seirbhísí eile leis na téacsanna a sheoladh amach. Leanfaidh an fógra ‘likely scam’ ar aghaidh go dtí mí Dheireadh Fómhair agus tabharfaidh sé sin deis dóibh na fadhbanna beaga a réiteach.
Ina dhiaidh sin, ní thiocfaidh an téacs isteach chugat ar chor ar bith, gabhfaidh sé díreach sa mbosca bruscair. Baineann sé le téacsanna ‘SMS’ amháin faoi láthair, is níl aon tagairt do sheirbhísí ar nós WhatsApp.
Ba bhreá an rud é dá mbeadh fógra eile ar théacsanna, go háirithe i WhatsApp, seachas don scéiméireacht amháin. Cuimhnigh ar na grúpaí WhatsApp uilig ina bhfuil tú, na cinn scoile, na grúpaí spóirt, na clubanna, nár bhreá é dá mbeadh fógraí éigin ansin le cúnamh a thabhairt duit.
Fógra ar nós ‘Má osclaíonn tú é seo, beidh tráthnóntaí Dé Máirt agus Déardaoin imithe ort go ceann trí bliana’, nó ‘Fainic! Tá siad ag iarraidh duine éigin le dul ar an gcoiste!’ Rudaí mar sin. Níl teidil chliste gonta agam dóibh fós.
***
Árasáin bheaga agus fadhbanna móra
Bhí dalladh, rabharta agus tuile ceisteanna ag an gcoiste ar chúrsaí tithíochta don Aire Tithíochta James Browne i rith na seachtaine agus é os comhair an choiste den chéad uair. Níl aon amhras ann ach nach dtógfar an 40,000 aonad a bhí geallta ag an Rialtas i mbliana agus go mbeidh siad ag déanamh go maith má éiríonn leo 30,000 aonad a chríochnú amach.
Thug an chomh-aireacht cead an tseachtain seo le híosmhéid árasáin aon seomra a laghdú ó 37m² go 32m². Gheofar réidh freisin leis na srianta maidir le meascán méideanna i mbloc árasáin, ciallaíonn sé sin nár ghá feasta go mbeadh meascán idir árasáin mhóra agus beaga i bhforbairtí nua.
Is beag nach mbeadh trua agat don Aire murach nach bhfuil aon dul chun cinn déanta agus an chuma orthu nach bhfuil sé de chumas iontu tionchar dearfach a bheith acu ar an ngéarchéim thithíochta. Ní raibh aon tagairt don scéal a tháinig amach ó fhigiúirí na Roinne Airgeadais ag deireadh na bliana seo caite a thug le fios gur cistí infheistíochta a cheannaigh suas le 50% de na hárasáin a tógadh sa tír ón mbliain 2017.
Ciallaíonn sé sin nach raibh ach leath na n-árasán a tógadh ar fáil don ghnáthdhuine. Sa mbliain 2021, thug Cónaidhm Thionscal Foirgníochta na hÉireann le fios gur cistí a cheannaigh 90% de na hárasáin nua a tógadh sa tír seo.
Sa mbuiséad deireanach, chuir an rialtas ardú ar an dleacht stampála go 15% ar cheannaitheoirí a cheannaíonn níos mó ná 10 n-aonad in imeacht bliana agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis seo. Ach go dtí seo, is cosúil nach bhfuil sé sin ag cur aon bhac orthu. Tuairiscíodh sa nuachtán The Guardian an tseachtain seo go bhfuil an fhadhb chéanna le feiceáil ar fud na hEorpa, ach gur in Éirinn is géire atá sí.
Tá neart fadhbanna san earnáil tithíochta in Éirinn, agus tá a chuid oibre roimhe ag an Aire Browne, ach níor foláir dó súil mhaith a choinneáil ar cheist na gcistí infheistíochta. Má éiríonn leo na tithe is na hárasáin a thógáil, nó cuid acu, beidh an chuid is mó acu scuabtha leo ag eagraíochtaí móra airgeadais sula mbeidh deis ag an ngnáthdhuine iad a fheiceáil.
***
Ag éisteacht le…
Closleabhar Madame Lazare
Tá leagan closleabhair den úrscéal Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin foilsithe ag Barzaz agus ar fáil ar Spotify agus roinnt ardán eile. Is é an t-údar féin atá á léamh amach go healaíonta. Seo an chéad uair a bhfuil úrscéal i nGaeilge ar fáil ar na hardáin mhóra agus ba dheas tuilleadh a fheiceáil, nó a chloisteáil is dóigh, amach anseo.
Fág freagra ar 'Likely scams, tithíocht agus cistí infheistíochta, samhradh idileach agus closleabhar ‘Madame Lazare’'