Táthar ag moladh do bhaill foirne in Údarás na Gaeltachta an intleacht shaorga a úsáid le cáipéisí a bhaineann le hobair na heagraíochta a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.
De réir eolais a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tá an córas ‘Claude’, bota comhrá AI a d’fhorbair an comhlacht Anthropic, á mholadh san Údarás mar uirlis a d’fhéadfadh aistriúchán agus obair eagarthóireachta a dhéanamh ar cháipéisí a mbíonn fostaithe na heagraíochta ag plé leo.
De réir an comhfhreagrais inmheánaigh, moladh Claude go sonrach mar uirlis le conarthaí a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge don Údarás.
Tá an tsamhail mhór teanga, a forbraíodh den chéad uair in 2023, á moladh freisin mar bhealach le slacht a chur ar cháipéisí a réitíonn fostaithe an Údaráis féin.
Nuair a d’fhiafraigh ball foirne d’fheidhmeannach sinsearach de chuid an Údaráis an mbeadh Claude go maith le conarthaí a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge, dúradh go mbeadh agus go bhféadfá an t-aistriúchán a fháil i do rogha canúint dá dteastódh sé.
“Bheadh [Claude go maith]. Caithfidh tú é a léamh go cúramach ina dhiaidh. Más mian leat é a bheith scríofa i gcanúint Chonamara vs Gaeilge chaighdeánach, déanfaidh sé sin duit freisin.
“Is fiú duit beagán léamh a dhéanamh ar céard is féidir a dhéanamh leis, tá sé thar a bheith cumhachtach, go háirithe má uaslódálann tú cáipéisí chuige mar chomhthéacs. Gaeilge mhaith aige freisin!” a dúradh mar fhreagra.
Pléadh i gcomhfhreagras eile a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise an fhéidearthacht atá ann Claude a úsáid le heagarthóireacht a dhéanamh ar théacsanna Gaeilge. Dúirt an feidhmeannach céanna le fostaí eile de chuid an Údaráis gur fiú téacs a chur trí Claude “i dtaobh leagan amach agus litriú”.
“Chuir mé an doiciméad trí Claude agus tá na ceartúcháin déanta (sin uirlis iontach), bheadh sé go maith dá mbeadh muid ábalta cúrsa a dhéanamh ar úsáid AI,” a dúirt an fostaí.
Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite go raibh treoir tugtha ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí a dhéanann fógraíocht thar ceann na heagraíochta gan an intleacht shaorga (AI) a úsáid leis na fógraí sin a chruthú.
Deirtear i bplean nua de chuid an Údaráis, Uirlisí IS don Ghaeilge -Deiseanna agus Dúshláin, gur dúshlán mór roimh fhorbairt seirbhísí i nGaeilge is ea an easpa ábhair ar ardchaighdeán sa teanga ar líne.
Chun dul i ngleic leis an easpa sin, tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta corpas nua Gaeilge a chruthú a bhféadfadh innill IS [Intleacht Shaorga] foghlaim uaidh.
Deirtear sa phlean sin go bhfuil “bearna ollmhór” idir na hacmhainní teanga ar líne i nGaeilge agus “an leibhéal corpais atá ag teastáil chun freastal ar riachtanais theicneolaíocha na Gaeilge”.
“Tá impleachtaí tromchúiseacha agus fadtéarmacha ag an easnamh seo d’fhorbairt innill IS, mar is ar mhéid agus ar chaighdeán na n-ábhar atá i gcorpais phoiblí a bhraitheann éifeachtacht agus cruinneas na gcóras seo,” a deirtear.
Léirigh roinnt aistritheoirí gairmiúla ar labhair Tuairisc leo i mí na Bealtaine imní faoi úsáid na hintleachta saorga in obair aistriúcháin sa tseirbhís phoiblí. Tugadh an cháipéis Guidelines for the Responsible Use of Artificial Intelligence in the Public Service do státseirbhísigh mar threoir maidir le huirlisí AI a úsáid le hobair aistriúcháin a dhéanamh.
Dúirt Seán Hade, iarCheann Aonad na Gaeilge i gCoimisiún na hEorpa go raibh baol mór ann go mbeadh státseirbhísigh nach bhfuil aon tuiscint acu ar cheird an aistriúcháin fágtha i mbun an chúraim agus go bhfoilseofaí eolas atá míchruinn nó contúirteach dá bharr.
Dúirt Sinéad Ní Ráinne, stiúrthóir an chomhlachta aistriúcháin Europus i gConamara gur “údar imní” don chomhlacht Gaeltachta agus a leithéid an méid a bhí i dtreoirlínte an rialtais.
Donncha
Níl meas an ghadhair ag Údarás na Gaeltachta ar an nGaeilge. Tá an cuir i gcéill seo ar siúl le fada.
Tá siad ag cuir muintir na Gaeltachta, daoine le ardchaighdeán Gaeilge agus scileanna proifisiúnta, agus aistritheoirí proifisiúnta as obair.
Seachas Tuairisc, tá meáin na Gaeilge ag ligean leo.Níl aon fíor iriseoireacht Ghaeilge ann níos mó ach uaidh Thuairisc, níl sa chuid eile ach ag fanacht ar phreas ráitis ó urlabhraí an Údaráis agus ag glacadh le focal Chlaude.
MOC
Ní haon iontas é seo. Tá blas na mbot le feiceáil ar ábhar margaíochta an Údaráis le fada, agus is léir ó ríomhphoist a sheolann rannóg amháin ar a laghad gur uaidh AI iad, agus nár léigh aon duine i gceart iad roimh seoladh. Ní thuigim cén fath a bhfuil an oiread poist fógraithe acu le cúpla bliain, mar is léir nach dteastaíonn san Udaras ach triúr nó ceathrar chun chuile rud a chuir tríd AI agus a chaitheamh amach ag an bpobal.
Daithí
“ Chun dul i ngleic leis an easpa sin, tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta corpas nua Gaeilge a chruthú a bhféadfadh innill IS [Intleacht Shaorga] foghlaim uaidh.”
Tá sé i gceist acu obair dhaoine eile a thabhairt saor in aisce do chomhlachtaí AI le go gcuirfear deireadh le fostaíocht do dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu.
Cén fáth a mbeadh an seirbhís phoiblí nó aon chomhlacht eile ag fostú daoine le Gaeilge más féidir bot a fháil chun an Ghaeilge a scríobh, agus seans maith gan mhoill, an Ghaeilge a labhairt ar son na comhlachta?
Cá bhfuil Roinn na Gaeltachta ar an ábhar seo?
Breandán
Molaimse go mbeadh ar chuile bhall foirne atá fostaithe san Údarás faoi láthair scrúdú TEG a dhéanamh.
Tuirseach
Ní chuireann sé seo iontas ar aon duine a raibh aon déiléil acu leis an Údarás ó thús na bliana. Faigheann tú comhfhreagras leagtha amach go proifisiúnta, le focail nua-aimseartha, casta, ach nuair a léann tú go mion é tuigeann tú go bhfuil rud eicint as cor ó thaobh na Gaeilge. Tá formhór dhó ceart, ach ansin beidh abairt nó dhó nach ndéanann aon chiall.
Ansin, má éiríonn leat labhairt le duine eicint san Údarás ar an bhfón (tá sé fíor fíor dheacair é seo a dhéanamh) is ar éigin a bhéas siad ann an comhfhreagras a mhíniú dhuit (agus má éiríonn leat duine a fháil ar an bhfón san Údarás is bean óg eicint a bhéas ann i gcónaí)!
Má leanann tú ag fiosrú an éiginteacht a bhaineann leis an chéad chomhfhreagras, éireoidh leat, tar éis roinnt míonna. Gheobhaidh tú ríomhphost gearr, gonta, uaidh bainisteoir nó ceannasaí eicint i nGaeilge gan caighdeán, ach intuigthe mar sin féin sa mhéid is go bhfuil sé scríofa i bhfocail chomh simplí. Agus beidh an litriú agus an leagan amach chomh garbh, go bhfuil a fhios agat ar an bpointe nach bot a scríobh agus nach nár leag an té seo oiread is méir, ná súil, ar an gcéad chomhfhreagras a seoladh chugat.
Déithín deB
Ba chóir do gach aistritheoir a rinne obair don Údarás riamh teagmháil a dhéanamh leo agus cead a dhiúltú aon ábhar a d’aistrigh siad a úsáid san gcorpas seo a bhfuil sé i gceist ag an Údarás a chuir ar fáil le IS a thraenáil.
Sorcha
Cá as a bhfuil an tÚdarás ag fáil an ábhar don “corpas nua Gaeilge” seo? An bhfuil siad ag úsáid ábhar atá aistrithe dóibh thar na mblianta ag aistritheoirí cáilithe? An bhfuil siad ag fostú aistritheoirí gairmiúla faoi láthair chun an corpas seo a chuir ar fáil? Agus má tá an dtuigeann na haistritheoirí gur beidh seo atá ar siúl? Ar lorgaíodh cead, sonrach, uaidh na haistritheoirí ar fad go mbainfidh úsáid as a gcuid saothair chun IS a thraenáil agus iad a chuir as obair amach anseo?
Antain Mac Lochlainn
Bhí an Ghaeilge rófhada i gcruachás
de réir mar a tuigeadh don Údarás
bhí na Feidhmeannaigh spíonta
ag tuisil s’ díochlaonta
ach tá deireadh anois le gach uafás.
Nuair a bheas an Gaeilgeoir deiridh faoin fhód,
beidh Gaeilgis á spalpadh ag Claude;
caint fhileata mhaorga
na hintleacht’ saorga
taisce na séad is na seod.
The Gaeltacht Authority
Cé mhéid duine fostaithe le bliain le bheith i mbun an phleanáil teanga san Údarás? Beidh seo an phlean mór – ná bac le Gaeilge a chothú i measc na ndaoine, mar beidh AI in ann chuile rud a dhéanamh i nGaeilge go dtí go mbeidh deireadh le pobal na Gaeilge?
Simon Ó Faoláin
Is beag an chailliúint iad: an uair dheireanach a d’iarr an t-údarás orm praghas a thabhairt dóibh do phíosa oibre, bhíodar ag iarraidh go ndéanfainn thart ar aon trian de mar ‘obair shamplach’ roimh ré chun go bhféadfaidis’measúnú’ a dhéanamh air. Dúras leo ná raibh baol ann go ndéanfainn a leithéid. B’shin tamall siar agus ní raibh faic agam uathu ó shin.
Ach faraor, is léir ón dtitim ar shaor-obair go bhfuil gach aon mhac máthar i mbun an chleasa chéanna…
- - -
Thriall siad an cleas céanna ar chara liom, is atá luaite ag Simon – ag lorg “obair shamplach” saor in aisce. Aistritheoir gairmiúil a bhfuil an séala aici agus a rinne obair dóibh cheana.
Áine Ní G
Cuireann sé seo díomá orm. Ní léir go dtuigeann an tÚdarás na himpleachtaí fadtéarmach a bhaineann leis na nósanna seo a chothú agus an plean seo le corpus Gaeilge a chuir ar fáil le go bhfoghlaimeoidh IS conas daoine le Gaeilge líofa a chuir as obair.
Aontaím leis an méid atá ráite ag daoine eile go bhfuil sé fíor dheacair teagmháil a dhéanamh le feidhmeannaigh an Údaráis. Naoi nuaire as deich, mar a dúirt Tuirseach thuas, is bean óg gan taithí a chuirfear ag déileáil leat. Níl mé ag iarraidh a bheith anuas ar na mná óga seo, caithfidh chuile dhuine seans a bheith acu foghlaim, ach bíonn siad curtha ag déanamh obair ar chóir do dhuine níos sinsirigh a bheith ag plé leis. Agus tá an caighdeán Gaeilge labhartha ag titim bliain ar bhliain i measc baill foirne nua an Údaráis de réir mo thaithí.
De réir cosúlachta, tá treoir agus anam cáillte ag Údarás na Gaeltachta.
Ó C
Tá an-obair á dhéanamh ag Tuairisc ag tarringt aird ar Údarás na Gaeltachta, ach faraor, tá a fhios againn uilig nach mbeidh éifeacht ar bith aige seo ar an chaoi a fheidhmíonn an Údarás. Is cuma leo! Go dtí go mbeidh na meáin Bhéarla ag bualadh ar an doras acu leanfaidh siad ar aghaidh ag seoladh comhfhreagras nó conarthaí scríofa ag Claude nó mac léinn éigin agus tabharfaidh siad bualadh bos dóibh féin gur chaith deichniúr súil ar an Tik Tok is déanaí a rinne siad. Níl tada atá muid in ann a dhéanamh faoi.