Pictiúrleabhar Gaeilge a sheasann amach ó phictiúrleabhair eile

Scéal tuisceanach é Ní Chreidfeá É Seo Ach a bhreathnaíonn ar an saol trí shúile buachaill scoile atá ag streachailt leis an bhfoghlaim agus le cairde a dhéanamh

Pictiúrleabhar Gaeilge a sheasann amach ó phictiúrleabhair eile

Ní Chreidfeá É Seo Ach
Údar: Jairaj Singh
Maisitheoir: Bhargavi Rudraraju
Gabriel Rosenstock a chóirigh

Scéal tuisceanach agus samhlaíoch atá sa bpictiúrleabhar Ní Chreidfeá É Seo Ach le Gabriel Rosenstock. Insítear scéal an leabhair ó dhearcadh buachaill scoile atá ag streachailt leis an scoil, leis an bhfoghlaim agus le cairde a dhéanamh.

Is cóiriú Gaeilge atá ann ar bhunleabhar le Jairaj Singh agus é maisithe ag Bhargavi Rudraraju.

Seasann an leabhar seo amach ó phictiúrleabhair eile mar nach leanann sé an gnáthleagan amach ná struchtúr na scéalta a fheictear go minic i bpictiúrleabhair.

Cé gur seánra é ina mbíonn go leor éagsúlachta agus cruthaitheachta, leanann pictiúrleabhair struchtúr docht daingean go minic. Ina áit sin gluaiseann an scéal seo ar aghaidh ar bhealach aislingeach, fileata a airíonn ar nós turais trí shaol inmheánach an bhuachalla seachas insint dhíreach ar scéal.

Tá dathanna séimhe agus stíl lámhdhéanta ar na léaráidí cosúil le pictiúir a tharraingíonn páistí scoile ina mbíonn marcanna na gcrián fós le feiceáil. Cuireann na léaráidí saol an bhuachalla i láthair go cruthaitheach agus léiríonn siad an chodarsnacht idir doichte an tseomra ranga agus saoirse na n-aislingí a bhíonn aige ina shamhlaíocht.

Feicimid criáin ag déanamh an ‘can-can’, bioróir agus peann luaidhe ar éill aige agus féileacáin chailce ag eitilt thart ar an seomra ranga. Tá pictiúr ann den bhuachaill scoile ag breathnú uaidh agus é ina shuí ag a dheasc, agus tá dalta eile le feiceáil taobh thiar de agus imní uirthi ag breathnú air, ag léiriú na difríochtaí idir é féin is na daltaí eile sa rang.

I gcroí an scéil, tá buachaill cruthaitheach, íogair a aimsíonn sólás sa leabharlann agus ag an lochán beag atá ar thalamh na scoile áit a bhfuil ‘éisc shíodúla’ ag snámh.

Insítear an scéal sa chéad phearsa agus airíonn sé beagnach faoistiniúil in amanna. Pléann an scéal leis an mbulaíocht a dhéantar air agus tugann sé insint shoineanta ar na heachtraí sin gan aon ghangaid in aghaidh na ngasúr a rinne an bhulaíocht air. Ceistíonn sé é féin go minic agus é ag iarraidh a dhéanamh amach cén fáth a bhfuil sé éagsúil ó na gasúir eile.

Cé go bhfuil saol saibhir inmheánach aige, bíonn deacrachtaí aige é féin a chur in iúl agus seasamh suas dó féin. Nuair atá sé in am aige labhairt amach, ní thagann na focail amach as a bhéal. Ní thuigeann sé cén fáth. Tá na míreanna sa scéal ina labhraíonn an buachaill faoi seo an-tochtmhar agus ionraic.

Lá amháin tagann athrú ar a shaol nuair a fheiceann sé buachaill eile cosúil leis féin agus bulaíocht á déanamh air. Cé go mbíonn faitíos ar an mbuachaill eile freisin, éiríonn leis cúpla focal a rá agus seasamh suas dó féin, más go ciúin féin é. Nuair a fheiceann an príomhcharachtar é sin, tuigeann sé nach bhfuil sé ina aonar agus tugann sé seo sólás dó.

Is dóigh go leanann sé an gnáth-phictiúrleabhar sa mhéid sin agus go bhfuil críoch shona ar an scéal. Leabhar an-taitneamhach, machnamhach atá sa gceann seo agus tá píosa spraoi agus gáire ann freisin in ainneoin gur téamaí móra atá idir lámha ann.

Fág freagra ar 'Pictiúrleabhar Gaeilge a sheasann amach ó phictiúrleabhair eile'