‘An mbeifeá ar fáil le léirmheas a dhéanamh ar dhráma nua Aisteoirí Pholl an Phortaigh in Ionad Pobail Ros i bhFad i gCéin…?’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ní hionann léirmheas agus seisiún aiseolais don ealaíontóir

‘An mbeifeá ar fáil le léirmheas a dhéanamh ar dhráma nua Aisteoirí Pholl an Phortaigh in Ionad Pobail Ros i bhFad i gCéin…?’

Má tá scríobh, Gaeilge réasúnta chruinn agus péire súl agat, gach seans go n-iarrfar ort léirmheas a scríobh lá breá éigin.

Tiocfaidh glaoch ó eagarthóir irise nó suíomh nuachta. ‘An mbeifeá ar fáil chun léirmheas a dhéanamh dúinn ar dhráma nua Aisteoirí Pholl an Phortaigh, in Ionad Pobail Ros i bhFad i gCéin, oíche Mháirt seo chugainn?’

Is mar sin a thosóidh sé. An chéad rud eile beidh tú i do léirmheastóir rialta, agus beidh aiféala ort gur fhreagair tú glaoch sin an eagarthóra riamh.

Tá sé deacair léirmheas maith a scríobh.

Ceartú: tá sé deacair léirmheas meáite a scríobh.

Tá sé éasca léirmheas a scríobh a thaitneoidh le léitheoirí. Déanfaidh tú slad ar dhráma, nó ar leabhar, ar bhealach greannmhar – à la Dorothy Parker, deirimis – agus beidh na léitheoirí ag moladh do mhisnigh agus d’acmhainn grinn sa phub.

Lá amháin i bhfad ó shin nuair a bhí mé díreach tosaithe amach leis an nuachtán Foinse, scríobh mé i léirmheas faoi dhráma éigin ‘go raibh an chuma ar na haisteoirí gur faoin stáitse a bhí siad á gcoinneáil le leathchéad bliain anuas, i dteannta an troscáin a úsáideadh don seit.’ (Nílim go baileach cinnte an mar sin a bhí an abairt – tá mé féin os cionn an leathchéid anois agus tá deannach ag teacht ar na seanabairtí i spás stórála m’aigne.)

Thaitin an abairt sin le léitheoirí. Níor thaitin sí le bainisteoir na hamharclainne inar léiríodh an dráma céanna agus a casadh orm i gClub Áras an tSaoil Fhódlaigh oíche amháin go gairid ina dhiaidh sin.

‘An dtaitneodh sé leatsa,’ a d’fhiafraigh sí díom – agus arís de bharr an ama a caitheadh ó shin nílim go baileach cinnte an é sin go díreach a dúirt sí, ach ba é sin an bhrí a bhí le baint as – ‘an dtaitneodh sé leatsa dá scríobhfadh duine éigin rud mar sin fútsa, tar éis duit an t-uafás ama agus fuinnimh a chaitheamh ar léiriú ealaíne?’

Bhuel, scríobh mé cúpla leabhar ó shin agus ní raibh chuile léirmheas deas múinte, agus anois féadfaidh mé ceist bhainisteoir na hamharclainne a fhreagairt: ní thaitneodh.

Ach bímis ionraic faoi rud amháin. Ní hionann léirmheas agus seisiún aiseolais don údar nó do chliar dráma. Dírithe ar an bpobal i gcoitinne a bhíonn léirmheas: alt a chabhróidh le léitheoirí cinneadh a dhéanamh faoi leabhar a cheannach nó é a fhágáil ar an tseilf, nó freastal ar dhráma nó fanacht sa bhaile.

Ní gá, mar sin, an dá thrá a fhreastal agus léitheoir agus ealaíontóir araon a choinneáil sásta. Is leor seo a choinneáil ar chúl d’aigne: ar mhaithe leis an léitheoir an léirmheas (ach ná déan ceap magaidh den ealaíontóir d’fhonn gáire a bhaint as an léitheoir.)

Is é an feall nach mbíonn mórán foinsí aiseolais eile ar fáil d’ealaíontóirí, ach sin scéal do lá éigin eile.

Fág freagra ar '‘An mbeifeá ar fáil le léirmheas a dhéanamh ar dhráma nua Aisteoirí Pholl an Phortaigh in Ionad Pobail Ros i bhFad i gCéin…?’'