Slán mar a n-insítear é, fear ag labhairt amach mar gheall ar fhoréigean in aghaidh na mban sa tír seo.
Éireannach fir ina theannta san.
Titfidh an t-aer is an talamh ar a chéile mar a dúirt an chircín rua fadó.
Táimid tugtha traochta ó bheith ag éisteacht le heagraíochtaí cosanta na mban leithéidí Women’s Aid agus ionaid Rape Crisis na Tíre, mná a bhformhór, ag díriú aird ar an uafás atá ina eipidéim anois, a deir siad.
Staitisticí agus figiúirí scanrúla i gceist.
Ag labhairt dó i mBéal Feirste cúpla lá ó shin ag comhdháil cheardchumann an ICTU, dúirt an tArd-Rúnaí Owen Reidy go raibh sé thar am ag fearaibh i ngluaiseacht na gceardchumann seasamh anairde agus labhairt amach ar son a gcuid ban.
Thar am go deimhin, a dúirt sé.
Sé a ghuí, ar sé, go mbeadh mórmheas ag a mhac féin atá ina dhéagóir, ar bhean ar nós Nikita Hand agus ní ar ‘gurriers’ ar nós Conor McGregor, mar a thug sé air.
Ní leor d’fhearaibh a bheith ag tacú le mná ‘os íseal’ ar sé ach an oiread.
Ní mór dóibh labhairt amach os ard agus a dhearbhú nach bhfuil aon ghlacadh acu leis an ndrochiompar ná an bhrúidiúlacht atá forleathan in aghaidh na mban sa tír seo, thuaidh is theas.
Nil aon dabht ar sé, ná go bhfuil méadú ar údarásacht ar fuaid an domhain, agus leis an Uachtarán Trump i réim sna Stáit Aontaithe, tá lucht na heite deise ag neartú in aghaidh an lae, an dioscúrsa poiblí ag éirí trodach tarcaisneach agus gan aon cheist, fuath ban a dul i dtreise.
Tuairiscíonn Póilín Ní Chiaráin, agus ní don gcéad uair é, gurb é Tuaisceart Éireann an dara háit is contúirtí san Eoraip do mhná is do chailíní.
Cur síos aici ar eachtra eile uafáis inar maraíodh Sarah Montgomery seacht mbliana fichead, máthair thorrach a raibh beirt chlainne aici.
Dob í an seachtú bean is fiche í a maraíodh le cúig mbliana anuas ó thuaidh.
Faigheann an PSNI tuairisc gach sé neomat déag faoi fhoréigean baile a scríobann sí. Na Gardai mar a chéile.
In alt an mhí seo caite ag an staraí Diarmaid Ferriter san Irish Times deineann sé cur síos ar an mbrúidiúlacht i gcoinne na mban a bhí forleathan i sochaí na hÉireann ó aimsir an Ghorta i leith.
I dtuairisc amháin ó chontae an Chláir, ghlac fearaibh leis go bhféadaidís a gcuid ban a lascáil mura mbeadh ar a gcumas leanbh a thabhairt ar an saol.
Cuireann sé síos ar thuairiscí ó Dorothy Macardle, Poblachtánach, ar an ndrochíde a fuair príosúnaigh bhaineanna i bpríosún Chill Mhaighneann le linn an chogaidh chathartha.
Molaimis fear aitheanta eile atá sásta labhairt amach agus aird a dhíriú ar an gcoiriúlacht mhínáireach seo.
Ní fé mhná atá sé deireadh a chur leis an iompar maraitheach seo.
Aon tseans go labhródh aon fhear eile amach.
Tá fuílleach spáis ar an ardán…
Fág freagra ar 'Tá fuílleach spáis ar an ardán d’fhir atá sásta labhairt amach faoin bhforéigean in aghaidh na mban'