Fanacht bliana nó níos faide do Choimisinéir Teanga don Ghaeilge ó thuaidh

100 lá ó athbhunaíodh feidhmeannas Stormont, tá éileamh déanta ag gníomhaithe teanga go gcuirfí tús láithreach bonn leis an phróiseas ceapacháin, próiseas a thógfaidh bliain ar a laghad

Fanacht bliana nó níos faide do Choimisinéir Teanga don Ghaeilge ó thuaidh

Ní bheidh Coimisinéir Teanga don Ghaeilge ag feidhmiú ó thuaidh go ceann bliana eile ar a laghad, cúig bliana ó gealladh a leithéid sa chomhaontú New Decade New Approach.

Thug an tAire Stáit Aisling Reilly le fios i bhFeidhmeannas Stormont go dtógfaidh sé “bliain nó níos faide” chun Coimisinéir Teanga a cheapadh, próiseas nach bhfuil tús curtha leis go fóill.

Tá éileamh déanta ag Conradh na Gaeilge agus an Dream Dearg go gcuirfí tús láithreach bonn leis an phróiseas ceapacháin agus go léireofaí an “toil pholaitiúil” atá de dhíth chun Coimisinéir a cheapadh chomh luath agus is féidir.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge agus gníomhaí teanga leis An Dream Dearg, nach bhféadfadh pobal na Gaeilge glacadh leis an mhoill a bhaineann le ceapadh an Choimisinéara Teanga.

“Tá 100 lá caite anois ó tháinig an Feidhmeannas ar ais le chéile. Go deimhin, tá bliain go leith caite ó tháinig an tAcht nua i bhfeidhm, ceithre bliana caite ó foilsíodh an reachtaíocht an chéad uair in 2020.

“Arís eile, tá muid ag fanacht le comhthoil pholaitiúil, beannacht ón Chéad agus an LeasChéad-Aire chun tús a chur leis an phróiseas ceapacháin. Ní féidir linn aon dul chun cinn a dhéanamh nó go síníonn an bheirt acu an píosa páipéir sin. Ní bheidh caighdeáin Ghaeilge againn gan Coimisinéir Gaeilge, agus ní bheidh Coimisinéir againn gan údarú na beirte sin,” a dúirt sé.

Ag labhairt di san Fheidhmeannas, dúirt an tAire Stáit Aisling Reilly gurb é taithí a roinne go nglacann an próiseas ceapacháin phoiblí “thart ar bhliain iomlán” ón uair a dhéanann na hairí cinntí tús a chur leis.

“Ós rud é go gcaithfear trí chomórtas a reáchtáil ag an aon am amháin, le suas le hocht gceapachán poiblí, d’fhéadfadh sé go mbeadh níos mó ama de dhíth,” a dúirt sí.

Dúirt an tAire Stáit Reilly gur thuig sí go raibh pobal na Gaeilge ó thuaidh “ag fanacht le blianta fada” ar Choimisinéir Teanga.

“Ag caint go pearsanta, mar Ghaeilgeoir, beidh mise ag déanamh mo sheacht ndícheall agus ag obair i gcomhar leis na hoifigí ina bhfuil na feidhmeannaigh seo bunaithe. Tá an tAcht, mar is eol duit, tá sé i bhfeidhm le breis agus bliain.

“Tá pobal na Gaeilge ag fanacht le blianta fada leis na Coimisinéirí, ionas gur féidir leis an obair tosú agus dul chun cinn a dhéanamh ar chearta, ar chomhionannas agus ar fhéiniúlacht,” a dúirt Reilly.

Dúirt Ó Tiarnaigh go raibh samplaí ann de choimisinéirí eile a ceapadh i dtréimhse 9 mí agus go chóir dlús a chur leis an phróiseas.

“Creideann muid, ag amharc siar ar shamplaí eile, ar nós ceapachán Choimisinéir na nIarshaighdiúirí, a thóg 9 mí, gur féidir seo a dhéanamh níos gasta.

“Chuige sin, tá muid ag éileamh ar an Chéad agus an LeasChéad-Aire tús an phróisis a thoiseacht anois agus an próiseas sin a bhogadh go mear, gan aon mhoill eile.”

Fág freagra ar 'Fanacht bliana nó níos faide do Choimisinéir Teanga don Ghaeilge ó thuaidh'