An Fhéile Bheag Filíochta, Mórléamh Gala IMRAM, Albam nua ag Caitlín Nic Gabhann, Lá na bPíobairí Uilleann

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

An Fhéile Bheag Filíochta, Mórléamh Gala IMRAM, Albam nua ag Caitlín Nic Gabhann, Lá na bPíobairí Uilleann

FÉILTE

An Fhéile Bheag Filíochta

Cuireadh tús tráthnóna inné le himeachtaí ag An Fhéile Bheag Filíochta i mBaile an Fheirtéaraigh agus leanfaidh an fhéile ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh an 8 Samhain. Tá ceardlanna, seoltaí leabhar, léamha agus ceolchoirm i measc na n-imeachtaí atá leagtha amach ar chlár na bliana seo.

Tráthnóna inniu, Dé hAoine an 6 Samhain, beidh oscailt oifigiúil na féile ar bun in Áras Bhréanainn ag a 7pm agus Boscó Ó Conchúir agus Mícheál Ó hUanacháin ag cur tús le imeachtaí. Seolfar an leabhar Ag Dreapadh na Spéire / Climbing the Sky le Ceaití Ní Bheildiúin agus é á chur i láthair ag Bríd Ní Mhóráin agus beidh ceol beo le Ruairí Ó hUanacháin agus Deiric de Galli. Beidh Léacht na Féile ann ina dhiaidh sin agus beidh Oíche Bhothántaíochta i dTigh Bhric ag 9.30pm.

I measc na n-imeachtaí ar an Satharn, beidh ceardlanna filíochta ar bun ar maidin le Ciara Ní É agus Declan Collinge in Áras Bhréanainn. Ag brath ar an aimsir, cuirfidh Maidhc Ó Mainnín siúlóid oidhreachta ar bun ag am lóin. ag tosú ag Músaem Chorca Dhuibhne. Beidh Seisiún ar an bhFilíocht Bhéil ar siúl ag a 3pm in Áras Bhréanainn, agus beidh béile le chéile á reáchtáil i dTigh Mhurchú ag a 6pm.

Clár na féile agus tuilleadh eolais faoi na himeachtaí ar fáil ar leathanach Instagram An Fhéile Bheag Filíochta @feile_bheag

Micheál Ó Conghaile

Mórléamh Gala IMRAM i Books Upstairs

Cuirfidh Féile IMRAM Mórléamh Gala Ficsin ar bun mar chuid d’imeachtaí na féile i mbliana i siopa leabhar Books Upstairs, 17 Sráid D’Olier i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach an 15 Samhain ón 3-4pm. Beidh na scríbhneoirí Micheál Ó Conghaile, Seán Ó Muireagáin agus Anna Heussaff ag léamh óna saothar.

Tá úrscéal nua díreach foilsithe ag Micheál Ó Conghaile, Faraor Géar Nár Cailleadh Mé, atá bunaithe ar scéal Bhríd Ní Mháille, an bhean a scríobh ‘Amhrán na Trá Báine’.

Is scríbhneoir as Béal Feirste ó dhúchas é Seán Ó Muireagáin, a ghnóthaigh aitheantas as na cnuasaigh ghearrscéalta Gáire in Éag agus Bádh B’fhéidir, agus tá ardmholadh faighte ag an úrscéal is deireanaí leis, Sí.

Is scríbhneoir as Baile Átha Cliath í Anna Heussaff a bhfuil cáil uirthi as a cuid úrscéalta bleachtaireachta do dhaoine fásta agus a húrscéalta do pháistí. Ainmníodh Sa Pholl Báite, an ceathrú mistéir bhleachtaireachta léi, ar an ngearrliosta do Ghradaim Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana ag Gradaim Leabhair An Post 2023.

Cead isteach €10 agus ticéid anseo.

Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath

Leanfaidh imeachtaí Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh an 8 Samhain agus meascán imeachtaí do dhaoine fásta agus do dhaoine óga trí Ghaeilge á reáchtáil i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

I measc na n-imeachtaí, beidh plé ar an bhficsean staire ag an ócáid ‘Macallaí na Staire / Echoes of History’ ar an Satharn an 7 Samhain in éineacht le Liam Mac Cóil, Réaltán Ní Leannáin, Darach Ó Scolaí agus an tOllamh Michael Cronin, beidh Móroíche Filíochta agus Ceoil ar bun sa tráthnóna le Róise Ní Bhaoill, Mícheál Ó Ruairc agus ceol le Éire Ní Fhaoláin agus Cú Chulainn Ó Faoláin.

Tuilleadh eolais anseo.

CEOL

Albam nua eisithe ag Caitlín Nic Gabhann

Sheol Caitlín Nic Gabhann a halbam nua An Ciúnas ag ócáid sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath inné. Seo é an dara halbam aonair ag an gceoltóir consairtín agus damhsóir arb as Cill Dhéagláin i gcontae na Mí ó dhúchas di.

Tá buíon ceoltóirí le cloisteáil ina teannta ar an albam seo, ina measc Mark Kelly (Altan), Trevor Hutchinson (Lúnasa, The Waterboys), Seán Óg Graham (Beoga), Graham Henderson, agus Frankie, Rosie agus Conal Ó Maonaigh. Ceol séimh, bog atá ar an albam seo a tharraingíonn ar ghnéithe machnamhacha den cheol traidisiúnta.

Tá an t-albam ar fáil ar CD, vinil, agus go digiteach trí Bandcamp. Tuilleadh eolais anseo.

Lá Idirnáisiúnta na bPíobairí Uilleann

Beidh Lá Idirnáisiúnta na bPíobairí Uilleann á cheiliúradh ar an Satharn, an7 Samhain agus imeachtaí éagsúla beartaithe ar fud na tíre, agus ar fud an domhain, i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Cuirfear ócáid ar bun i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire ar an Satharn, 7 Samhain ón 1-3pm ina mbeidh an píobaire Brian Stafford ag caint faoi stair na huirlise, ag casadh ceoil agus beidh deis ag an lucht éisteachta páirt a ghlacadh ann freisin. Níl aon táille ar an imeacht seo agus is féidir bualadh isteach gan áirithint a dhéanamh roimh ré.

In Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin, cuirfear seisiún oscailte ar bun ag tosú ag a 9:00 i.n. Beidh seisiún ag Píobairí Chorcaí sa Corner House ón 3-5pmagus fáilte á cur acu roimh chách. Cuirfear seisiún ar bun in Inis, Co. an Chláir mar chuid de TradFest na hInse ag tosú ag 4.30pm i Lucas Bar, Inis.

Tuilleadh eolais anseo.

Diamaint agus Meirg, togra Dylan-Baez ag IMRAM

Tionscadal nua ó IMRAM bunaithe ar an gcaidreamh cruthaitheach agus pearsanta a bhí ag Bob Dylan agus Joan Baez. Spreagadh spéis as an nua le deireanas sa ré seo de cheol na beirte ó tháinig an scannán beathaisnéise A Complete Unknown amach anuraidh.

D’éirigh go maith leis an dá thionscadal a d’eagraigh IMRAM cheana ar Bob Dylan, ceann acu bunaithe ar na hamhráin is mó clú aige agus an ceann eile ar na hamhráin gaspal. Beidh an ócáid seo ar bun in Amharclann Smock Alley ar an Satharn an  14 Samhain ag 7:30pm. Ticéid anseo.

DRÁMA

PYGMALION 26 san Axis, Baile Munna

Leanfaidh Aisling Ghéar ar aghaidh leis an gcamchuairt náisiúnta le Pygmalion 26 ón Luan 9 go Déardaoin an 12 Samhain agus iad ar stáitse san Axis i mBaile Munna ag a 8pm gach oíche. Athinsint ar dhráma cáiliúil George Bernard Shaw atá ann agus an dráma suite i mBéal Feirste i rith Oireachtas na Samhna 2025.

Pléann an dráma le ceisteanna a bhaineann le haicmí sóisialta agus na bealaí ina ndéantar breithiúnas ar dhaoine bunaithe ar an mblas a bhíonn ar a gcuid cainte.

Ticéid agus tuilleadh eolais anseo.

Seó ilmheán faoi bhus an 424 ag IMRAM

Beidh seó ilmheán An 424: An Bus go dtí an Ghealchathair á léiriú ag IMRAM in Amharclann Smock Alley ar an Aoine an 13 Samhain ag 7.30pm. Is é an 424 an uimhir atá ar an mbus a théann an bóthar ó chathair na Gaillimhe siar go Conamara trí Chois Fharraige. Is í Majella Ní Chríocháin, bainisteoir IMRAM a chuir an seó le chéile agus an turas ar an mbus seo, na daoine a bhíonn air agus an tírdhreach mar inspioráid aici.

Le linn an tseó, léifidh an file Laoighseach Ní Choistealbha, arb as Dún na nGall di ach a bhfuil cónaí uirthi i gCarna, an t-úrscéalaí Jackie Mac Donncha as Cill Chiaráin agus an file, ceoltóir agus craoltóir Cúán de Búrca, as Baile Átha Cliath, saothar nua a spreag a dturais ar an mbus. Seinnfidh Trá Pháidín, arbh é An 424 a gcéad albam, ceol agus cuirfidh an craoltóir agus scannánóir Donal Dineen íomhánna ar fáil.

Tuilleadh eolais agus ticéid anseo.

Fág freagra ar 'An Fhéile Bheag Filíochta, Mórléamh Gala IMRAM, Albam nua ag Caitlín Nic Gabhann, Lá na bPíobairí Uilleann'