An gcreideann an ceathrú cuid den phobal i ndáiríre go ndéantar trialacha le drugaí nua ar an bpobal i ngan fhios dúinn?
Chuireas an-spéis i dtorthaí suirbhé a d’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin a léirigh go maíonn mionlach suntasach den phobal go gcreideann siad i dteoiricí comhcheilge áirithe.
Mar shampla nuair a fiafraíodh de rannpháirtithe faoi ráiteas a deir go bhfuil ‘grúpa beag rúnda daoine freagrach as gach cinneadh mór a dhéantar i bpolaitíocht an domhain’ d’aontaigh 10% díobh gur cinnte go raibh sé seo fíor agus 24% eile gur dócha go raibh sé fíor. Dúirt nach mór aon cheathrú (24%) gur dócha nó gur cinnte go ndéantar ‘trialacha le drugaí nó teicneolaíochtaí nua go rialta ar an bpobal i ngan fhios dóibh agus gan a gcead’.
Tá spéis agam san ábhar seo mar gheall ar mo chuid taighde ag iarraidh dul i ngleic le bréagaisnéis faoi ionradh na Rúise ar an Úcráin. Thuig mé go soiléir go luath gur beag éifeacht a bhí ag fianaise, faisnéis ná fíricí ar mheon sciar áirithe den phobal.
Ceann de na feiniméin spéisiúla ar thug mé faoi deara faoi dhaoine áirithe ná seo.
D’fhógródh duine A píosa áirithe bréagaisnéise. Bhréagnódh duine B an bhréagaisnéis le fianaise. Ansin déarfadh duine A: ‘Ach cad faoi seo?’ agus iad ag bogadh ar aghaidh go píosa faisnéise nó bréagaisnéise eile.
D’fhéadfadh sé seo tarlú arís agus arís eile gan aon iarracht á déanamh acu dul i ngleic leis an mbréagnú agus gan aon tionchar ag an bhfianaise nó na fíricí ar a dtuiscint nó a meon. Ba léir seachas an rud a chreid siad a bheith bunaithe ar an bhfianaise gur a mhalairt a bhí ag tarlú – go raibh an ‘fhianaise’ á múnlú ag an idé-eolaíocht.
Ach fós féin bhíos ag streachailt leis an gceist: an gcreideann siad i ndáiríre sa bhréagaisnéis nó na teoiricí comhcheilge a mhaíonn siad a chreideann siad iontu?
D’fhéadfainn a chreidiúint faoi chorrdhuine gur bréagadóireacht chomhfhiosach a bhí ar bun acu, ach i bhformhór na gcásanna chuaigh sé dian orm sin a chreidiúint, go háirithe i gcás daoine a bhfuil aithne phearsanta agam orthu agus nach gcreidim gur daoine mí-ionraice iad.
Sna míonna roimh agus i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2016 i Meiriceá mhaígh na milliúin de phobal Mheiriceá gur chreid siad scéal ‘Pizzagate’ – go raibh Hillary Clinton agus a comhghuaillithe i mbun buíon péidifileach a bhí ag feidhmiú as íoslach pizzeria in Washington DC.
I mí na Nollag 2016 tháinig fear le raidhfil isteach de ruathar sa bhialann agus é ag iarraidh an bhuíon péidifileach a aimsiú agus a ruaigeadh. Úsáideadh seo mar fhianaise faoi thionchar dainséarach na dteoiricí comhcheilge ar an bpobal. Ach má smaoiníonn tú faoi ar feadh meandair, d’fhéadfaí an argóint a dhéanamh gur a mhalairt glan a léiríonn sé.
Má chreid na milliúin de phobal Meiriceá i ndáiríre go raibh buíon péidifileach ag feidhmiú amach as an pizzeria, an bhfuil sé inchreidte nach raibh ach duine amháin acu sásta rud éigin a dhéanamh chun na páistí a shábháil?
Agus má smaoiníonn muid faoi, nach minic a tháinig iompar pearsanta daoine salach ar an gcreideamh a mhaígh siad go láidir a bheith acu? Tá go leor samplaí againn de sin san Eaglais Chaitliceach in Éirinn.
Mar a tharlaíonn sé tá smaointeoirí agus scoláirí tar éis dul i ngleic le paradacsa seo an chreidimh. Is é tuairim an fhealsúnaí Francach Dan Sperber go bhfuil dhá saghas creidimh ann.
Tugann sé creideamh ‘fíriciúil’ nó fíorasach ar an gcéad saghas. Sampla de sin is ea an creideamh go bhfuil tíogair dainséarach. Treoraíonn an creideamh seo sna fíricí ár n-iompar – seachnaíonn muid tíogair! Níl aon rogha againn ach é sin a chreidiúint nó gan é a chreidiúint. Is féidir le fianaise nua creideamh atá bunaithe ar fhíricí a athrú.
An dara saghas creideamh tugann Sperber an creideamh ‘siombalach’ air. Braitheann tú go bhfuil an cineál sin creidimh fíor ach níl an tionchar céanna aige ar ár n-iompar. Is feidhm shóisialta go príomha atá ag an gcreideamh bunaithe ar shiombail agus mar sin is féidir linn leanúint orainn ag creideamh i rud fiú nuair a bhréagnaíonn na fíricí an rud a chreidimid ann.
Dar leis an bhfealsúnaí Meiriceánach Neil Van Leeuwen, baineann creideamh atá bunaithe ar shiombail go mór le féiniúlacht grúpa daoine agus feidhmíonn an sórt sin mar chineál suaitheantais a léiríonn cé muid féin.
Tá taighde ann a thugann le fios go bhfuil tuiscint ag leibhéal éigin ag daoine a chreideann i mbréagaisnéis nach bhfuil sí iomlán fíor nó bunaithe ar fhíricí. I bpáipéar a foilsíodh in 2015 fuair an t-eolaí polaitiúil as Meiriceá John Bullock amach go raibh difríochtaí móra i smaointeoireacht Daonlathaigh agus Poblachtánaigh faoi cheisteanna a raibh tábhacht pholaitiúil ag baint leo, ar nós líon na ndaoine a maraíodh i gcogadh na hIaráice.
Ach nuair a tugadh duais airgeadais do rannpháirtithe as na freagraí cearta a thabhairt tháinig laghdú 80% ar líon na bhfreagraí míchearta.
Tá tábhacht gan amhras le caighdeáin agus dea-chleachtais san iriseoireacht, le maoiniú na meán agus le rialú na meán sóisialta. Ach tá sé soineanta a cheapadh gur féidir a chur ina luí ar gach duine gan creidiúint i dteoiricí comhcheilge nó i mbréagaisnéis ach an t-eolas cuí a chur ar fáil dóibh. I ndeireadh na dála, is fíor go pointe áirithe, go gcreideann muid an rud is mian linn a chreidiúint.
Gabriel Rosenstock
An rud faoi chomhchealga: taitníonn comhchealga le gach éinne, dar le Dan Brown, údar The Da Vinci Code. Ní chreideann Alan Moore, áfach, i gcomhcheilg ar bith. Níl na hIlluminati i gceannas ar an domhan, ná na baincéirí Giúdacha, na Máisiúin, na hÍosánaigh ná dream ar bith eile. Tá an fhírinne níos scanrúla ná sin: níl éinne i gceannas. N’fheadar an bhfuil an ceart aige?
Tá dearcadh eile ar an scéal ag Richard Belzer: ‘Tá gach aon ní ina chomhcheilg . . . Nuair a thagann beirt le chéile chun rud éigin a chur i gcrích, sin is comhcheilg ann.’
https://theanarchistlibrary.org/library/hakim-bey-the-ontological-status-of-conspiracy-theory
Tá alt léannta ar chúrsaí comhcheilge ag Hakim Bey agus fáil air san Anarchist Library. Ní sheasfainnse le gach rud atá scríofa agus déanta ag Hakim Bey, beannacht Dé leis, ach an bhfuil comhcheilg ar bun in Éirinn chun nach mbeadh a chuid leabhar ar fáil sna siopaí? Cá bhfios!
JP
“…creideann muid an rud is mian linn a chreidiúint.”
Tagaim leat sa méid sin.
D’éirigh idir mé féin agus sean-chara liom mar gheall ar na teoiricí comhcheilge céanna.
Fear ábalta, oilte, cliste agus ceoltóir clasaiceach.
Ach chuirfeadh a chuid tuairimí soir agus siar ó thuaidh ar fad thú!
Rudaí áiféiseacha gan bun ná barr leo; comhcheilg ab/is ea an Covid, an téamh domhanda, WHO, an imirce, tá gach rud á rialú ag dornán beag daoine, Bill Gates mar cheannasaí orthu srl srl.
Cheapas go minic gur mar mhagadh a bhí sé ach níorbh ea.
Thugadh sé ‘normies’ nó caoire ar na daoine NÁR ghéill sna teoiricí amadántúla sin aige agus mise san áireamh.
Ba chuma cén fhianaise a chuirfeá ar a shúile dhó ní éireodh leat aon cheart a bhaint de ná é chur dá bhuille (buile).
Thuigeas ag deireadh thiar gur sotal agus ego is ea an rud ar fad, nó cuid mhaith dó.
Agus leanbaíochas.
‘Tá fhios agamsa rud ná fuil a fhios agatsa ná ag éinne eile.”
“Táimse níos fearr ná tusa.”
É ag ransú leis go dólámhach i bpóirsí an idirlín siar amach san oíche.
Dalladh bréagaisnéise á sheoladh aige chugam gan stad ansin.
Bhréagnófá é ach ní thiocfadh aon lagú ná aon cheist air.
Thuigeas go raibh sé i ndaorbhroid airgid agus an-chuid trioblóidí pearsanta is pósta aige.
Fothragadh ceart ina shaol.
Thuigeas go raibh baint mhór aige sin leis chomh maith.
Bhí/tá fearg chun an tsaoil air, níor éirigh an saol leis ná níor éirigh sé sa saol.
Deirtear go minic gur geall le conairt nimhe mórchuid den dream a úsáideann na meáin shóisialta.
(Níl fhios agam féin dada faoi.)
Bainid earraíocht astu chun a bhfearg, a bhfíoch agus a ndíomá a agairt ar an saol. Tugann sé ardú céime agus cumhachta dóibh ina súile féin.
Agus tá díoltas sa treis chomh maith.
Níl aon bhaint aige le ceart ná mícheart, baint dá laghad.
Tá fuar agat bheith ag argóint nó ag réasúnú le daoine mar sin.
Nach casta, callóideach, truamhéalach álainn é an duine.
JP
Is fiú a lua chomh maith gur fear iontach is ea Putin ag a lán acu agus, dar ndó’, tionscal mór aigesin is ea an bhollscaireacht.