Ba chóir riail a leagan síos go mbeadh ar Údarás na Gaeltachta 30% nó níos mó dá bhuiséad a chaitheamh ar fhorbairt tionscal atá bunaithe ar an nGaeilge féin, a deir iar-aire Gaeltachta.
Dúirt Éamon Ó Cuív, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, gur léir ar fud na Gaeltachta an tionchar ar labhairt na Gaeilge agus ar an ngeilleagar a bhíonn ar infheistíocht in institiúidí, eagrais agus comhlachtaí a mbíonn a gcuid oibre bunaithe ar an teanga.
“Bhí riail ann go gcaithfeadh an tÚdarás 30% den bhuiséad d’fhorbairt tionsclaíochta agus cruthú fostaíochta a chaitheamh ar thionscail teangalárnaithe agus ba chóir an riail sin a thabhairt ar ais.
“Ní gá ach breathnú ar Chonamara agus ar an tionscal closamhairc agus cumarsáide ansin, le TG4, Raidió na Gaeltachta, Tuairisc.ie agus na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha le go bhfeicfidh tú an buntáiste mór a bhaineann le breathnú ar an nGaeilge mar acmhainn.
“Agus sí an Ghaeilge, mar theanga phobail, an t-aon acmhainn atá againn sa Ghaeltacht nach bhfuil ar fáil áit ar bith eile ar domhan. Bheadh sé chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta dá gcaithfeadh Údarás na Gaeltachta níos mó dá gcuid acmhainní ar fhostaíocht agus ar fhiontraíocht atá bunaithe ar an nGaeilge.”
Deir Ó Cuív gur chóir 30% de chaiteachas an Údaráis a chur ar leataobh do chomhlachtaí, institiúidí agus gnóanna Gaeilge agus go bhféadfaí an céatadán sin ardú go dtí 40%.
Dúirt Ó Cuív gur cruthúnas ar thábhacht na forbartha atá bunaithe ar teanga féin a bhfuil tarlaithe i gceantair Ghaeltachta éagsúla leis na blianta.
“I gcás na nDéise agus Ráth Chairn, is fiú scrúdú a dhéanamh orthu i gcomparáid le ceantair nach bhfuil an Ghaeilge chomh folláin iontu. Dar liomsa comharchumann agus an mheánscoil lán-Ghaeilge a rinne an difríocht i Ráth Chairn.
“Sna Déise bhí institiúidí Gaeilge ann a rinne difríocht, rudaí nach raibh in Uíbh Ráthach, mar shampla. Sa Rinn bhí Coláiste na Rinne agat, an mheánscoil arís, agus ansin tháinig Nemeton, an comhlacht léiriúcháin teilifíse, a bhunaigh tionscal nua trí Ghaeilge a bhí bunaithe ar an nGaeilge.
Is fiú scrúdú a dhéanamh ar na rudaí seo agus fáil amach an é sin an rud a chniog Uíbh Ráthach, mar shampla, nach raibh na hinstitiúidí ann. Tá an-tábhacht leis na hinstitiúidí Gaeilge
Sibéal
An-mhaith. Ach cén tuairim atá ag Mícheál Martin faoin smaoineamh agus an mbeidh sé sásta do bheith ag cur brú ar a son le Simon Harris? Is ar éigean a labhrann Martin faoin teanga sa Dáil ach ag an Ardfheis lean sé leis an gnáth ráiméis bréagach seo;
“Níl aon amhras ach go leanfaidh athbheochan na Gaeilge, ár dteanga iontach náisiúnta, ar aghaidh le díograis sna blianta amach romhainn,”
https://tuairisc.ie/leanfaidh-athbheochan-na-gaeilge-ar-aghaidh-micheal-martin/