Saothar faoi na deiseanna nár tapaíodh agus brionglóidí nár fíoraíodh

Tugann Dark Matter sinn ar thuras eachtrúil tríd an réaltacht mhalartach

Saothar faoi na deiseanna nár tapaíodh agus brionglóidí nár fíoraíodh

Is cuid de nádúr an duine é smaoineamh ar an gconair nár siúladh, an deis nár tapaíodh, na brionglóidí nár fíoraíodh; an mhalairt saoil. Sin é atá idir chamáin sa saothar Dark Matter (AppleTV+). Amhail saothair cosúil le Constellation, 3 Body Problem agus Everything Everywhere All At Once tugann an tsraith naoi gclár seo faoin réaltacht mhalartach. Tá sé bunaithe ar úrscéal den teideal céanna le Blake Crouch agus sé an fear céanna a dhein an saothar a chóiriú don scáileán mar aon le bheith mar cheannléiritheoir.

Ag pointe amháin deir carachtar é seo linn: “Baineann ár saol le roghanna. Cruthaíonn gach rogha domhan ar leith agus ar an mbonn sin, go teoiriciúil, táimid ag maireachtaint i ndomhain éagsúla ag an am céanna.” Sách ráite. Tugann sin a léargas féin ar théama an tsaothair mar aon le blaiseadh a thabhairt don tslí go ndéanann sé béarlagair agus teoiricí na fisice a chniotáil le heilimintí den saothar scéinséara.

Is fisiceoir cumasach é Jason Dessen (Joeld Edgerton) atá ag maireachtaint go sona sásta i Chicago an lae inniu. É ag obair leis mar léachtóir, cé nach é an coláiste is measúla ar domhan é. Tá sé pósta le Daniela (Jennifer Connelly) agus duine clainne orthu. Gnóthaíonn a chara Ryan (Jimmi Simpson) duais mhór eolaíochta agus tá smut den éad le sonrú. Aiféala faoi na deiseanna nár tapaíodh, b’fhéidir. É á chur abhaile orainn gur roghnaigh sé an saol ciúin teaghlaigh seachas a bheith gafa lena ghairm. Agus é ag teacht abhaile ón dtigh tábhairne ina raibh an bua sin á cheiliúradh, déantar é a fhuadach, cuirtear instealladh ann agus nuair a dhúisíonn sé tá in áit nach n-aithníonn sé agus timpeallaithe ag daoine nach n-aithníonn sé. Léirítear dúinn go bhfuil a mhacasamhail ó réaltacht eile tar éis áit a mhalartú leis. Tá an Jason 2 seo tar éis gaisce a dhéanamh sa ghairm agus rúin na réaltachta malartaí a scaoileadh. Tá sé míshásta lena shaol, áfach agus sin cúis an fhuadaigh.

Séard a leanann ná Jason 1 ag iarraidh ciall a dhéanamh den saol nua agus a shlí a dhéanamh ar ais abhaile. Lena chois sin tá Jason 2 ag iarraidh feidhmiú mar fhear céile agus mar athair.

Coincheap suimiúil a dhéantar a chíoradh go pointeáilte. Tá rian den scéinséir ann agus Jason 1 ag iarraidh ciall a dhéanamh den saol mór, ait.  Tá rian den dráma teaghlaigh le sonrú i scéal Jason 2 agus é ag iarraidh ciall a dhéanamh den domhan beag sin. Ina lár istigh tá an scéal grá le Daniela; go raibh tráth dá saol ann go raibh an rogha ag an dá Jason a saol a chaitheamh léi agus gur dhein an bheirt acu cinntí difriúla. Aisteoir iontach é Edgerton agus éiríonn leis an dá Jason a thabhairt leis go paiteanta. Tá Connelly í féin os cionn a buille agus ní haon dóithín í Braga ach an oiread, mar an síceolaí agus leannán Jason 2.

Breac amháin sa bhainne ná go ndéantar iarracht, amhail saothair eile ar na saolta seo, an iomarca a shniogadh as an gcoincheap. Naoi gclár atá againn nuair a dhéanfadh 4-6 cinn an beart.

Saothar suimiúil, taitneamhach.

Fág freagra ar 'Saothar faoi na deiseanna nár tapaíodh agus brionglóidí nár fíoraíodh'