Bronntanas gan choinne ó Mháire Mhac an tSaoi

Tá saothar deireanach le Máire Mhac an tSaoi díreach foilsithe –cóiriú Nua-Ghaeilge ar thrí cinn de na dánta is cumhachtaí ó ré na Sean- agus na Meán-Ghaeilge

Bronntanas gan choinne ó Mháire Mhac an tSaoi

Ó am go chéile cuirim rudaí i dtaisce in áit atá chomh sábháilte sin go ndearmadaim féin cár chuireas iad.

Is mar sin a tharla go raibh dearmad glan déanta agam ar a bhfuil sa leabhar is déanaí de chuid Mháire Mhac an tSaoi, atá díreach foilsithe ag Leabhar Breac agus Ionad Léann na hÉireann, nó gur thánag ar na lámscríbhinní agus na litreacha a bhfuil an leabhar san bunaithe orthu.

Sa bhliain 1999, d’iarras ar Mháire cóiriú Nua-Ghaeilge a dhéanamh ar thrí cinn des na dánta is cumhachtaí ó ré na Sean- agus na Meán-Ghaeilge, ‘Amhráin Amhairgin’, ‘An Chailleach Bhéarra’, agus ‘Amhra Choilm Chille’ le haghaidh scannáin go rabhas ag obair air leis an stiúrthóir Tom Collins.

Ní raibh d’aithne agam uirthi ag an am ach gur labhraíos léi uair amháin ar an bhfón sa bhliain 1984 is gur iarradh orm í a chur i láthair nuair a thug sí léamh filíochta i mbialann Iodálach i gcathair Melbourne sa bhliain 1994. Ní raibh focal Gaeilge ag an gcuid is mó dá raibh i láthair an oíche sin ná aon Bhéarla ar a cuid dánta ag an bhfile. Bhain an fhilíocht croitheadh as an slua mar sin féin, mar a bhain tocht fíochmhar an fhile agus í á rá leo go raibh an teanga a raibh a saol caite aici á buanú chomh hársa le sibhialtacht na Gréige agus ómós dá réir dlite di.

Ní haon iontas, más ea, gur chuig Máire Mhac an tSaoi a chuas féachaint an mbeadh sí sásta na seandánta a bhí uainn a ghléasadh is a chur i láthair sa Nua-Ghaeilge. Mar ba nós léi, ghlac sí leis an gcuireadh gan mhoill is chuaigh i mbun oibre láithreach.

Tá an fuadar a bhí uirthi agus í ag gabháil den obair le brath sna litreacha agus sna dréachtaí lámhscríofa a chuir sí chugam de réir mar a bhí sí réidh leo. Tá focail scriosta amach agus leasuithe eile déanta aici thall is abhus sa lámhscríbhinn; agus nótaí curtha aici lena cuid Gaeilge féin ar eagla nach dtuigfí a raibh i gceist aici. Níos faide ar aghaidh sa phróiseas, dhein sí eagarthóireacht bhreise ar a cuid oibre féin de réir mar a rith sé léi go bhféadfaí feabhas a chur ar línte áirithe.

Ní hamháin nach raibh aon leisce uirthi dul in aghaidh na scoláirí a bhí ag plé leis na dánta céanna roimpi, ba dhóigh leat ar uairibh gurb amhlaidh a bhain sí sásamh as dul in aghaidh an tsrutha. ‘Nílim cinnte an féidir an t-athshuíomh so a chosaint, ach is maith liom é,’ a deir sí go gealgháireach i gceann de na nótaí a chuir sí lena leagan féin de ‘Amhráin Amhairgin’.

Cé gur saothar cumasach scoláiriúil é  Amhráin Amhairgin, Cailleach Bhéarra, Amhra Choilm Cille – Three Early Irish Poems in Modern Irish versions, tá an greann agus an súgradh a bhí chomh láidir leis an uaisleacht, an intleacht, agus an díograis chuthaigh i leith na teanga agus an traidisiúin i bpearsain Mháire Mhac an tSaoi le brath sa saothar déanach seo ó dhuine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge agus na hÉireann.

Bronntanas gan choinne is ea é d’éinne a bhfuil suim aige nó aici sa litríocht.

Fág freagra ar 'Bronntanas gan choinne ó Mháire Mhac an tSaoi'

  • Eibhlín Gleeson

    Cailltaisce: nuair a churieann tú rud i dtaisce daingean ach ná feidir leat é a aimsiú níl sé caillte ach i dtaisce