Céard le haghaidh na páirtithe? Cén leas ar a ndéanann siad freastal?

Tá ceisteanna bunúsacha le freagairt ag Fianna Fáil agus Fine Gael faoi cá bhfuil a dtriall ach tá na ceisteanna céanna le freagairt ag Sinn Féin

Céard le haghaidh na páirtithe? Cén leas ar a ndéanann siad freastal?

Tús maith leath na hoibre, deirtear, ach go fírinneach ní cheapaim go bhfuil tús maith déanta ag Simon Harris ó ceapadh é ina Thaoiseach.

Cinnte, léirigh sé go bhfuil fuinneamh aige, agus b’fhéidir, cumas cumarsáide, ach is ar éigean go raibh aon substaint sa mhéad a bhí le rá aige, agus ba mhasla don Dáil, ceapaim, gur tábhachtaí leis labhairt le ceannairí eile ná labhairt leis an Dáil féin.

Aithnítear cheana go bhfuil jab mór le déanamh aige má tá sé chun Fine Gael a neartú arís. Is cosúil go gcreideann sé féin gur gá d’Fhine Gael filleadh ar na seanphrionsabail a bhí ag an bpáirtí riamh – dlí is ord, bainistiú coimeádach ar airgeadas poiblí, laghdú ar an státchóras (seachas ar ndóigh maidir le dlí is ord).

Go hachomair, páirtí den eite dheis réasúnta, seanchoimeádaigh maidir le creideamh agus cúrsaí pearsanta sóisialta fágtha ar leataobh.

Is éard a spreag an freagra seo ó Harris ná an éiginnteacht taobh istigh de Fhine Gael faoi céard le haghaidh an páirtí. Comhartha de sin ar ndóigh go bhfuil trian de Theachtaí Dála reatha an pháirtí i ndiaidh a fhógairt nach seasfaidh siad arís, agus amhras mór faoina bhfuil ar intinn ag an iarThaoiseach Leo Varadkar, ag Simon Coveney is ag Paschal Donohoe.

Ar bhealach tá sé deacair é seo a thuiscint, mar léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil Fine Gael chun cinn go rialta ar Fhianna Fáil, cé gur minic nach mbíonn mórán sa difiear. Ach tá faitíos ar an bpáirtí i gcoitinne faoina bhfuil i ndán dóibh sna toghcháin atá ag teacht.

Is léir, sa gcomhthéacs sin, go raibh Harris ag iarraidh go dtiocfadh lucht buntacaíochta Fhine Gael amach ag vótáil. Ach an mó an tacaíocht atá ann go forleathan i dtaobh iarchleachtas is iar-dhearcadh Fhine Gael?

Tá an cheist chéanna á cur ag Fianna Fail orthu féin, nó ag gnáthbhaill an pháirtí ar aon chuma, seachas ag leithéid Micheál Martin. Cad chuige a bhfuil an páirtí ann?

Bhí alt ag an Teachta Dála Willie O’Dea san Sunday Independent le déanaí inar cháin sé easpa gníomhaíochta Fhianna Fáil i gcomparáid leis an iarracht oscailte seo ag Simon Harris Fine Gael a athshocrú.

Bhí sé ag gearán go raibh cuma lag ar Fhianna Fáil sa gcaoi go raibh siad sásta suí síos go ciúin is ligean do Fhine Gael an t-athshocrú seo a dhéanamh agus na páirtithe ag dul i dtreo olltoghcháin.

Ach níor fhreagair sé an cheist céard le haghaidh a bhfuil Fianna Fáil ann nó céard le haghaidh ba chóir dóibh a bheith ann?

Cinnte, tá cuid mhaith den seanfheisteas a bhíodh ag Fianna Fáil goidte ag Sinn Féin. Ní haon chara le Sinn Féin é Willie O’Dea, cé go bhfuil a dhearcadh pearsanta polaitiúil beagnach mar an gcéanna leo maidir le cúrsaí sóisialta is eacnamaíochta. Ach níl a fhios aigesean ach an oiread cén chaoi leis an bhfeisteas sin a fháil ar ais.

Tuigeann sé áfach gur lámh ina mbás féin ag Fianna Fáil é a bheith ag sodar i ndiaidh Fhine Gael. Nach bhfágann sé sin an páirtí san fhaopach, idir charraig agus trá?

Sa gcomhthéacs sin, cá seasann Sinn Féin?

Gan dabht is é a mian i dtaobh athaontú na tíre atá mar phríomhsprioc acu go hinmheánach, ach tá tacaíocht an pháirtí ó dheas bunaithe ar an dóchas go réiteoidh siad na fadhbanna a bhaineann le tithíocht, le sláinte, le forbairt na tuaithe, le saol maireachtála níos fearr a chinntiú.

Tá comharthaí ann, ámh, go bhfuil an páirtí sásta comhghéilleadh a dhéanamh anseo is ansiúd ionas nach dtabharfaidh siad deis do lucht rialaithe na tíre is na meán iad a ionsaí.

An féidir a rá dáiríre nach ceart a bheith ag brath ar an earnáil phríobháideach agus ag an am céanna a rá gur mar cheann feadhna ar an Fhiontar Eorpach is cóir don pháirtí a bheith? An tAontas Eorpach a áitíonn ina ‘bhunreacht’ féin go gcaithfear tús áite a thabhairt don mhargadh?

Níor aontaigh mé féin leis an streachailt armtha nuair a bhí sí ar siúl, ach ceapaim go bhfuil an iomad leithscéalta ar bun acu, iad róshásta polasaí a athrú má fheictear dóibh gur míbhuntáiste é. Is dóigh liom go bhfuil an iomad den athrú polasaí sin ar bun acu lena chur in oiriúint do na dreamanna láidre sa bpolaitíocht.

Ar deireadh thiar, tá an cheist chéanna le cur orthusan: céard le haghaidh a bhfuil siad ann? Athchóiriú ó bhun go barr a dhéanamh ar an tsochaí, mar a mhaíonn siad ó am go chéile, nó leagan nua den seandearcadh nár éirigh le Fianna Fáil a chur i gcrích?

Neosfaidh an aimsir.

Fág freagra ar 'Céard le haghaidh na páirtithe? Cén leas ar a ndéanann siad freastal?'

  • WTF

    An bhfuil siad sásta leas na tíre a dhéanamh i gcás nach ionann é agus a n-uaillmhianta féin? Mmmm…