A bhfreagra tugtha ag Luimneach, an gcuirfidh Tiobraid Árann ceist eile orthu?

Tá cluichí móra sa dá chúige an deireadh seachtaine seo agus Corcaigh agus an Clár go háirithe faoi bhrú cheana féin

A bhfreagra tugtha ag Luimneach, an gcuirfidh Tiobraid Árann ceist eile orthu?

An raibh daoine ann a cheap go raibh Luimneach ag sleamhnú ar gcúl, go raibh laigí á nochtadh féin? Bhuel, má bhí, fuair na daoine sin an chéad dréacht d’fhreagra Luimnigh Dé Domhnaigh seo caite.

Ach ní freagra cuimsitheach dearfach a bhí ann. Bhíodar ag streachailt leis an imirt don chéad leath ar fad agus, ait go leor, bhíodar fós ag iarraidh a mbuille a aimsiú sa chéad ceathrú den dara leath.

Ach mar a dúirt laoch an cluiche Gearóid Hegarty i ndiaidh na himeartha, ‘Is minic, i gcluichí eile go rabhamar faoi bhrú isteach sa dara leath ach tá creideamh agus muinín i measc an ghrúpa gur féidir linn an jab a chríochnú, mar atá déanta go minic againn.’

Agus rinneadar an beart arís.

Chuir na fir ionaid Donnacha Ó Dálaigh, Conor Boylan agus Adam English go mór leis an gcríoch láidir a bhí acu.

Ar an taobh eile de, caithfidh go raibh díomá ar an gClár. Bhíodar an-mhaith sa chéad leath ach thráigh an fuinneamh iontu i rith an dara leath. Agus fiú amháin nuair a tháinig Tony Kelly isteach agus ceathrú uaire fágtha, ní rabhadar ábalta (nó níor ligeadh dóibh ) smacht a fháil arís ar an imirt.

Mar a tharlaíonn sé, lig cúl báire an Chláir Éamonn Foudy isteach cúig chúl sa chéad chluiche a d’imir siad anuraidh. Ní dóigh liom go mbeidh Eibhear Quilligan róshásta lena thaispeántas siúd sa chúl an Domhnach seo caite ach an oiread.

Tá gach imreoir tábhachtach ach tá tábhacht faoi leith ag baint leis an bhfear idir na postaí agus an fear a thógann na pocanna saora. Beidh an Clár ag súil le taispeántas níos fearr ón gcúl báire i gCorcaigh amárach.

Ní raibh an fhisiciúlacht ná an teannas céanna thoir i bPort Láirge agus a bhí in Inis ach bhí imreoirí agus leantóirí contae amháin sásta agus iad ag dul abhaile. Bhí an bua tuillte ag Port Láirge. D’imir siad go maith ó thús deireadh an uair seo, rud nach bhfuil déanta i gcónaí acu. Ón uair a scóráil Jamie Barron an chéad chúl bhí fir na nDéise in ard a meanman. Tá briseadh acu an deireadh seachtaine seo agus iad sa bhaile arís an tseachtain seo chugainn i gcoinne Thiobraid Árann.

Bhí an-díomá ar Chorcaigh mar bhí sé an-tábhachtach dóibh go mbuafaidís an cluiche sin. Anois tá siad faoi bhrú. Tá an Clár acu sa bhaile amárach agus, dar ndóigh, iadsan faoi bhrú freisin.

Bunaithe ar an séasúr go dtí seo agus cluichí na seachtaine seo caite caithfidh go bhfuil an Clár níos fearr ná Corcaigh .

Beidh an-choimhlint i bPáirc na nGael i Luimneach freisin agus Tiobraid Árann ag tosnú a bhfeachtas craoibhe. Tá Luimneach go láidir mar rogha na coitiantachta agus an stádas sin tuillte acu. Tá buntáiste acu sa mhéad is go bhfuil cluiche imeartha agus buaite acu. Is deacair a rá conas mar a bheidh na Tiobraid Árannaigh.

I gCúige Laighean an Domhnach seo caite, tháinig Baile Átha Cliath ar ais ón mbás le dhá chúl fhíordhéanacha a thug comhscór dóibh agus pointe craoibhe amháin, pointe a d’fhéadfadh a bheith an-tábhachtach roimh dheireadh an fheachtais. Bhí na Carmannaigh (a raibh ceithre chomhscór i mbliana acu) níos fearr, gan a bheith iontach, agus nuair a bhí an fhead deiridh ag teannadh linn bhí cuid dá leantóirí ar a slí amach. Ó thuaidh i mBéal Feirste a bheidh siad tráthnóna agus caithfidh go bhfuil a gcéilí comhraic Aontroim in ísle brí i ndiaidh dóibh léasadh a fháil i gcoinne Chill Chainnigh. É sin ráite, ní raibh ach ceithre chúilín eatarthu nuair a d’imríodar a chéile i Loch Garman anuraidh.

Sa Ghaillimh a bheidh cluiche an lae sa chúige sin amárach agus na Cait ag teacht ar cuairt. Tá sé deacair go leor a rá cé a bhuafaidh an ceann seo. Bhí comhscór eatarthu sa réamhbhabhta anuraidh agus bhí bua thar a bheith déanach ag Cill Chainnigh sa chluiche ceannais. Ní bheidh mórán eatarthu.

Dé Sathairn, 27 Aibreán

Craobh Shinsir Laighean
Aontroim v Loch Garman – Páirc Uí Chorragáin, 3.00in (Beo ar GAAGo)
Ceatharlach v Áth Cliath – Páirc Uí Chuilinn, 6.00in

Dé Domhnaigh, 28 Aibreán

Craobh Shinsir Laighean
Gaillimh v Cill Chainnigh – Staid an Phiarsaigh, 2.00in (Beo ar RTÉ 2)
Craobh Shinsir na Mumhan
Corcaigh v An Clár – Páirc Uí Chaoimh, 2,00in (Beo ar GAAGo)
Luimneach v Tiobraid Árann – Páirc na nGael, 4.00in (Beo ar RTÉ 2)

Fág freagra ar 'A bhfreagra tugtha ag Luimneach, an gcuirfidh Tiobraid Árann ceist eile orthu?'

  • JP

    Míle buíochas libh as an eolas breise sin faoi amchlár srl na gcluichí a thabhairt. Is mór an gar é agus na cluichí go léir ag teacht i muin mhairc a chéile anois.
    Aon tseans go bhféadfaí an gar céanna a dhéanamh dúinn i gcás an rugair, muran miste le E. uasal Ó N. é?