Lámhscríbhinn Ghaeilge ón 19ú céad tagtha chun solais arís tar éis 70 bliain in Ollscoil Illinois

Sna 1860idí agus é ag druidim i dtreo dheireadh a shaoil is ea rinne Tomás ‘an tSneachta’ Ó Conchubhair aistriúchán Gaeilge ar chuid den dán fada Paradise Lost

Lámhscríbhinn Ghaeilge ón 19ú céad tagtha chun solais arís tar éis 70 bliain in Ollscoil Illinois

Leathanach ón lámhscríbhinn agus scríbhneoireacht Thomáis ‘an tSneachta’ Uí Chonchubhair. Le caoinchead an Rare Book and Manuscript Library, University of Illinois at Urbana-Champaign

Tá lámhscríbhinn Ghaeilge a breacadh i Londain níos nó ná céad go leith bliain ó shin agus a chuaigh amú ar scoláirí na Gaeilge beagnach 70 bliain ó shin tagtha chun solais arís i Meiriceá le déanaí.

Sna 1860idí agus é ag druidim i dtreo dheireadh a shaoil is ea a bhreac Tomás ‘an tSneachta’ Ó Conchubhair, scríobhaí, file agus táilliúir as iarthuaisceart Chorcaí, an lámhscríbhinn ‘nua’ seo atá tagtha chun solais. Bhí cuid mhór dá shaol caite ag Tomás an tSneachta i Londain faoin am sin ach lean sé de bheith ag cóipeáil lámhscríbhinní Gaeilge agus de bheith ag cumadh filíochta i nGaeilge le linn na mblianta fada a chaith sé i Sasana Victoria.

Foilsíodh cnuasach beag dá chuid filíochta sa bhliain 1953 arna chur in eagar ag Eibhlín Ní Dhonnchadha agus thug an tOllamh Meidhbhín Ní Úrdail cuntas ar na lámhscríbhinní a bhreac sé roinnt bheag blianta ó shin chomh maith. Tá formhór mór na lámhscríbhinní a ghraf sé le linn a thréimhse i Londain anois ar coimeád i leabharlanna in Éirinn.

Ach bhain mistéir ar leith le lámhscríbhinn amháin dár bhreac Tomás ‘an tSneachta’ nár soiléiríodh go dtí anois. Is é sin an t-aistriúchán Gaeilge a rinne sé den chéad chuid den dán fada Paradise Lost, dán a chum an file Sasanach John Milton sa dara leath den seachtú céad déag. Rinneadh an lámhscríbhinn a mhicreascannánú sna 1950idí nuair a bhí sí i seilbh Robert Barry, díoltóir leabhar in New Haven, Connecticut. Cuireadh an miceascannán i dtaisce sa Leabharlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ach ní raibh a fhios ag duine ar bith céard a bhain don lámhscríbhinn féin ina dhiaidh sin.

Is é an Dr Peadar Ó Muircheartaigh as Ollscoil Dhún Éideann a bhfuil spéis ar leith aige i lámhscríbhinní na Gaeilge a chuaigh sa tóir ar an lámhscríbhinn agus a d’aimsigh an leabhar lámhscríofa in Ollscoil Illinois i gceartlár Mheiriceá.

“Bhí a fhios gur i seilbh Robert Barry in New Haven Connecticut a bhí an lámhscríbhinn ag tús na 1950idí nuair a rinneadh micreascannánú uirthi ach ní raibh a fhios ag aon duine cérbh é Barry nó céard a bhain don lámhscríbhinn ina dhiaidh sin. Glacadh leis go raibh an lámhscríbhinn caillte ó shin. Nuair a fuair mé amach go mba dhíoltóir leabhar é Barry, fuair mé amach freisin go raibh an-spéis aige i saothar John Milton, an file Sasanach a chum Paradise Lost sa seachtú céad déag,” a deir Ó Muircheartaigh.

Tar éis dó taighde a dhéanamh ar Robert Barry, fuair Ó Muircheartaigh amach go raibh Barry fostaithe ag daoine in Ollscoil Illinois Urbana-Champaign chun leabhair luachmhara a bhain le Milton – idir leabhair chlóite agus lámhscríbhinní – a bhailiú agus a cheannach thar ceann Ollscoil Illinois. Leabhair agus lámhscríbhinní Béarla a bhí sa mhórchuid, ach bhí lámhscríbhinn Ghaeilge amháin ina measc chomh maith.

“Nuair a thuigeas an bhaint a bhí ag Barry le hOllscoil Illinois thuig mé láithreach go raibh seans an-mhaith ann gur ansin a bhí an lámhscríbhinn Ghaeilge seo nár chualathas trácht uirthi le beagnach 70 bliain.”

Is iomaí lámhscríbhinn Ghaeilge a tugadh go Meiriceá san am a caitheadh agus tá bailiúcháin mhóra in Ollscoil Harvard, in Ollscoil Notre Dame agus i Leabharlann Huntington California, ach níl ach ceann amháin in Ollscoil Illinois. Tá an lámhscríbhinn seo eisceachtúil ar ábhar eile, chomh maith, ó tharla gur breacadh i Londain í.

Mar a mhíníonn Ó Muircheartaigh san alt ‘Paradise lost and found: The story of an Irish manuscript in Illinois’ a foilsíodh an tseachtain seo caite ar an North American Journal of Celtic Studies, is é a tharla gur bronnadh an lámhscríbhinn ar an Athair Eoghan Ó Gramhnaigh cúpla mí sula ndeachaigh Ó Gramhnaigh go Meiriceá sa bhliain 1894. Is dócha gur thug Ó Gramhnaigh an lámhscríbhinn leis agus go bhfuil sí i Meiriceá ó shin.

Tá stair fhada úinéireacht na lámhscríbhinne rianaithe siar chuig an scríobhaí ag Ó Muircheartaigh: Ba é an sagart eile, James O’Laverty, staraí agus fear mór lámhscríbhinní as Co. an Dúin a bhronn an lámhscríbhinn ar an Athair Ó Gramhnaigh sna 1890idí. Cheannaigh O’Laverty an lámhscríbhinn sin agus roinnt lámhscríbhinní eile nuair a díoladh leabharlann Sheáin Uí Dhálaigh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1878. Ba chara leis an scríobhaí é Seán Ó Dálaigh agus go deimhin bhíodh Ó Dálaigh agus Tomás ‘an tSneachta’ ag cur litreacha agus leabhair chuig a chéile go minic.

Fág freagra ar 'Lámhscríbhinn Ghaeilge ón 19ú céad tagtha chun solais arís tar éis 70 bliain in Ollscoil Illinois'