Na fothoghcháin a d’fhéadfadh teacht i ndiaidh vóta na hEorpa…

Is beag caint atá déanta go fóill faoi na hathruithe a d’fhéadfadh tarlú má thoghtar leithéidí Barry Cowen, Michael McNamara nó Kathleen Funchion chun na hEorpa

Na fothoghcháin a d’fhéadfadh teacht i ndiaidh vóta na hEorpa…

Cé nach bhfuil muid ach roinnt míonna ó olltoghchán, ciallaíonn an coinníoll a bhaineann le reáchtáil fothoghcháin le tamall de bhlianta anois go bhféadfadh sraith fothoghchán a bheith romhainn ag brath ar an méid a tharlaíonn sna toghcháin Eorpacha an mhí seo chugainn.

Tá go leor den phlé agus den anailís faoi na toghcháin Eorpacha bunaithe ar na hiarrthóirí sin atá ag cur a n-ainm chun cinn ar mhaithe le hainm in airde a fháil dóibh féin roimh na olltoghchán. Meastar gur mar réiteach don olltoghchán agus an feachtas le suíochán Dála a fháil dóibh féin atá leithéidí John Mullins agus Cynthia Ní Mhurchú ag seasamh.

Is beag caint atá déanta go fóill faoi na hathruithe a d’fhéadfadh a tharlú má thoghtar leithéidí Barry Cowen, Michael McNamara nó Kathleen Funchion chun na hEorpa. Fágfaidh sin folúntais le líonadh sa Dáil agus sa Seanad freisin má thoghtar leithéidí Lisa Chambers agus Lynn Boylan. Chomh maith le folúntais ó thaobh suíochán, tá an baol ann má thoghtar Teachta Dála rialtais nó dhó go mbeadh fadhbanna ag an rialtas a bhfuil tromlach an-bheag acu faoi láthair.

Móramh beag dá leithéid ba chionsiocair leis an moill seacht mí dhéag ó reáchtáil na dtoghchán Eorpach i Meitheamh 2009 go dtí gurbh éigean fothoghchán a ghairm i mí na Samhna 2010 tar éis dúshlán cúirte ó Pearse Doherty agus Sinn Féin. Rialaigh an chúirt go raibh an mhoill i ngairm fothoghcháin míréasúnach ach níor leag iad síos aon teorainn ná aon riail faoin amscála go gcaithfí fothoghchán a reáchtáil.

Ritheadh reachtaíocht le in 2011 a leag amach gur sé mhí ar a mhéid a bheadh suíochán folamh sula rithfí fothoghchán. Ní éiríonn go maith le páirtithe rialtais i bhfothoghcháin ná i leithéidí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach a reáchtáiltear idir dhá olltoghchán. Is iad Páirtí an Lucht Oibre agus a gceannaire Ivana Bacik a bhuaigh an fothoghchán deiridh a reáchtáladh sa tír in 2021 i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas.

Beidh na páirtithe ar fad ag faire na dtorthaí i dtús na míosa seo chugainn, ní hamháin le leide a fháil faoina dtacaíocht i measc an phobail ach freisin féachaint an mbeidh siad ag cailleadh Teachta Dála nó Seanadóir agus dá réir anmbeidh folúntas le líonadh.

Ansin a thosóidh an comhaireamh – má bhíonn dó nó trí d’fholúntais le líonadh an dtosóidh clog na sé mhí ag comhaireamh ón uair go dtoghtar iad i dtús an Mheithimh nó nuair a thagann an Pharlaimint le chéile i Strasbourg den chéad uair ar an 16 Iúil?

Más ó mhí Iúil é bheadh go mí Eanáir ann le fothoghchán a reáchtáil agus sa gcás sin ba bheag an chiall a bheadh le fothoghcháin i bhfoisceacht cúpla seachtain d’olltoghchán. Sin má leanann an rialtas go dtí tús na bliana nua – b’fhéidir go bhfuil an ceart acu siúd atá ag tuar nach dteastóidh fothoghchán ar bith mar go bhfuil an 15 Samhain roghnaithe cheana féin ag an Taoiseach don olltoghchán.

Fág freagra ar 'Na fothoghcháin a d’fhéadfadh teacht i ndiaidh vóta na hEorpa…'