‘Coinnigh súil air. Gaeilgeoir líofa atá freisin ann’ –bhí an ceart ag Phil Stuart faoi Jarlath Burns

Bhí ár gcolúnaí an-tógtha leis an mbealach ar chuir Uachtarán CLG cos i dtaca ina n-aghaidh siúd a cháin an eagraíocht as an mbeartas GAA GO

‘Coinnigh súil air. Gaeilgeoir líofa atá freisin ann’ –bhí an ceart ag Phil Stuart faoi Jarlath Burns

Jarlath Burns, ar chúl, ceathrú duine ó clé

Ba é Phil Stuart an té ba thúisce a luaigh an t-ainm Jarlath Burns liom. Tá sin os cionn deich mbliana fichead ó shin.

Lena linn féin, bhí Phil ar dhuine de na peileadóirí lár páirce ab fhearr sa tír. Cuir a leathbhádóir Jim McKeever lena ais agus ba chinnte nach raibh sárú na beirte ar fáil. Faraor ní bhfuaireadar ach aon deis amháin ar chluiche ceannais na hÉireann. B’in i 1958 nuair a bhuaigh Áth Cliath ar Dhoire.

Ní raibh Stuart ach bliain is fiche ag an am agus níor mhilleán do a cheapadh go mbeadh lá eile ann. Ní raibh. D’fhág teacht chun cinn an Dúin agus athbheochan an Chabháin go mba iadsan a bhuaigh Craobh Uladh chuile bhliain go dtáinig 1970.

Faoin am sin bhí Phil curtha faoi i mBéal Feirste agus é ag teagasc san áit ar a dtugtar Ollscoil Mhuire inniu air. Is ansiúd a chaith sé an chuid eile dá shaol oibre, é i gceannais ar Rannóg an Léinn Éireannaigh faoin am a ndeachaigh sé ar scor os cionn 20 bliain ó shin. Maireann an fear graí i gcónaí, buíochas le Dia.

Chomh maith le bheith ag teagasc in Ollscoil Mhuire, bhí baint mhór ag an Stíobhardach le foirne peile na háite agus i lár na 1980idí nuair a fuair institiúidí 3ú leibhéal nach mbíodh i gceist sa gcomórtas go dtí sin áit i gComórtas Mhic Shigiúir, b’iomaí sin uair a labhair mé leis faoi sin.

Go luath sa mbliain 1989 agus muid i mbun comhrá d’inis sé dom faoi mhac léinn óg as Ard Mhacha a bhí ina chaptaen ar an bhfoireann – strapaire fir 6’ 3” a raibh Jarlath Burns mar ainm air agus a raibh áit anois aige freisin ar phainéal a chontae dúchais.

“Coinnigh súil air. Gaeilgeoir líofa atá freisin ann,” a deir Phil. Chuir an abairt dheireanach sin an solas dearg ag caochadh idir mo dhá chluais. D’iriseoir a bhí ag obair tríd an meán sin bhí a leithéid d’eolas chomh tábhachtach leis an gcothú míorúilteach a fuair na hIosraeilítigh fadó ar fhágáil na hÉigipte dóibh.

An bhliain chéanna sin d’éirigh le hOllscoil Mhuire Corn Mhic Shigiúir a thabhairt leo. Leathbhádóir Phil Stuart i 1958, Jim McKeever a bhí mar chóitseálaí, eisean anois freisin ag teagasc san Ollscoil.

Jarlath Burns. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Bhí foireann sin na hollscoile ar an gcéad dream a bhain úsáid as an teicneolaíocht nua a bhí ag teacht chun cinn – tomhas ar VO2 na n-imreoirí, tomhas a dhéanamh ar a raibh de gheir sa gcolainn mar aon le modhanna nua aclaíochta.

Bhí siad in ann an cloigeann a oibriú freisin. Ábhar múinteoirí ab ea na mic léinn agus bhí seachtain sa téarma leagtha amach do theagasc i scoileanna taobh amuigh den choláiste. Tráthúil go leor d’éirigh leo siúd a bhí i gceannas na foirne ‘turas páirce seachtaine’ a bhain leis an Tíreolas a eagrú in áit éicint i gCo. an Dúin. Ar chúis éicint ba iad na peileadóirí amháin a roghnaigh an cúrsa.

Chuile mhaidin, tráth ar cheart dóibh a bheith i seomraí ranga ar fud na 6 Chontae thugadar aghaidh ar an turas páirce. Más fíor ar chuala mé, b’fhada ina dhiaidh go bhfuair na húdaráis amach go mba ar pháirc imeartha a bhí i gceist!

Ar liosta na n-imreoirí i gCluiche Ceannais Mhic Shigiúir 1989, thug mé faoi deara go mba ‘Silverbridge Harps’ a bhí mar ainm ar an gclub lenar imir Burns. Dá bharr ghlac mé leis go mba ‘Cláirsigh Dhroichead an Airgid’ a bhí le tabhairt i nGaeilge orthu nó gur mheabhraigh duine níos éirimiúla dom go bhféadfainn a bheith ag dul amú.

Bhí an ceart ag an té sin. ‘Béal Átha an Airgid’ a mhol www.logainm.ie dom nuair a lorg mé comhairle.

Tá droichead le feiceáil ceart go leor ar bhruach an tsráidbhaile ar theacht isteach duit ó Chrois Mic Lionnáin, ach ní dóigh liom go bhfuil aon cheangal idir ‘airgead’ agus ainm na habhann atá faoi.

Tá Béal Átha an Airgid buailte ar an teorainn. Dá n-íosfadh préachán bricfeasta péiste ar pháirc na gCláirseach, ní bheadh aon ocras fós air faoin am a sroichfeadh sé ceann na nEimiteach i gCrois an Mhaoir i gContae Lú – gan d’eitilt le déanamh aige ach beagán le cois dhá mhíle.

Is díol suime gur in ómós do William Orr a ainmníodh an club ba thúisce a bunaíodh i bparóiste an Chreagáin Uachtaraigh ar a n-áirítear Béal Átha an Airgid in 1887. Preispitéireach ab ea Orr a chuaigh isteach sna hÉireannaigh Aontaithe. Ciontaíodh agus cuireadh chun báis san éagóir é as coir nach ndearna sé i 1797.

An bhliain dár gcionn le linn Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe deirtear go mba ‘Remember Orr’ an rosc catha a bhí acu le linn Chath Aontroma.

Le filleadh ar an am atá anois ann, tá eolas forleathan ag mórán chuile dhuine anois faoina raibh i ndán do Jarlath Burns agus Corn Mhic Shigiúir crochta aige in 1989. Chaith sé 13 bliain ag imirt d’Ard Mhacha, ina chaptaen nuair a bhuaigh siad Corn an Anglo Celt i 1989. Agus é éirithe as an imirt chuaigh sé i mbun riaracháin – mar chathaoirleach ar an gCoiste Imreoirí ba thúisce a bunaíodh, mar chathaoirleach ar choistí i bPáirc an Chrócaigh agus mar Uachtarán ó thús na bliana seo.

Le linn cuid mhaith den achar sin bhí sé ina phríomhoide ar Choláiste Naomh Pól ar an Sruthán ina chontae dúchais áit a bhfuil 1,800 dalta.

Séard a d’fhág Burns i m’intinn an tseachtain seo go raibh mé an-tógtha leis an mbealach ar chuir sé cos i dtaca ina n-aghaidh siúd a cháin Cumann Lúthchleas Gael as an mbeartas GAA GO a thosaí agus airgead a ghearradh ar dhaoine as na Cluichí Gaelacha a fheiceáil ar theilifís.

Níl mé cinnte an aontóinn le chuile rud a dúirt sé. Fós thug sé an-sásamh dom nár ghéill sé orlach dóibh siúd atá ag iarraidh a theacht i dtír ar an ábhar ar mhaithe leo féin – polaiteoirí go háirid.

Bhí Burns chomh daingean agus a bhí sé ar pháirc na himeartha.

Níor thaithnigh lucht na faille ariamh liom.

Fág freagra ar '‘Coinnigh súil air. Gaeilgeoir líofa atá freisin ann’ –bhí an ceart ag Phil Stuart faoi Jarlath Burns'