‘Aistear na nGael’ – cúrsa do dhéagóirí Gaeltachta le reáchtáil arís

Reáchtáladh Aistear na nGael den chéad uair in 2023 nuair a thaistil déagóirí ó cheantair Ghaeltachta fud fad na hÉireann go Corca Dhuibhne

‘Aistear na nGael’ – cúrsa do dhéagóirí Gaeltachta le reáchtáil arís

Tá sé deimhnithe ag Údarás na Gaeltachta agus ag Roinn na Gaeltachta go gcuirfear maoiniú suas le €50,000 ar fáil don chúrsa seachtaine ‘Aistear na nGael’ i mbliana.

Reáchtáladh Aistear na nGael den chéad uair in 2023 nuair a thaistil déagóirí ó cheantracha Gaeltachta fud fad na hÉireann go Corca Dhuibhne le seachtain a chaitheamh le chéile i mbun imeachtaí spóirt agus cultúir.

Déanfar cinneadh faoi cá reáchtálfar ‘Aistear na nGael’ i mbliana bunaithe ar an toradh a bhí ar chomórtas inar tugadh deis d’eagraíochtaí iarratas a dhéanamh ar reáchtáil an chúrsa.

Ba é Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne a bhunaigh Aistear na nGael in iarracht daoine óga as an nGaeltacht a mhealladh le roinnt ama a chaitheamh i gcuideachta a chéile i “suíomh spraíúil Gaeltachta a thagann le heispéireas na gcoláistí samhraidh”. Ghlac os cionn 30 duine óg as gach cearn den Ghaeltacht páirt sa chúrsa a bhí ar siúl i mí Lúnasa 2023.

Fanfaidh rannpháirtithe le mná tí dála na scoláirí a thagann chun na Gaeltachta sa samhradh agus déanfaidh siad campáil, siúl sléibhe, turas báid, ióga, Zumba, peil agus tuilleadh nach iad. Tá an cúrsa dírithe ar chainteoirí líofa Gaeilge a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht oifigiúil agus atá idir 14-18 mbliana d’aois.

Is iad aidhmeanna an chúrsa ná “gréasán sóisialta” a chruthú do dhéagóirí Gaeltachta agus deis a thabhairt dóibh aithne agus eolas a chur ar a chéile, ar chanúintí a chéile, agus ar na cosúlachtaí agus éagsúlachtaí atá idir na ceantracha Gaeltachta ar mhaithe le “féiniúlacht Ghaeltachta” agus mórtas teanga, áite agus pobail a chothú.

Tá súil ag an Roinn agus ag an Údarás cumas agus saibhreas teanga na ndéagóirí a fhorbairt tríd an scéim agus “eispéireas agus siamsaíocht thaitneamhach a chur ar fáil faoi mar a dhéantar i gcoláistí samhraidh na Gaeltachta”. Murab ionann agus na coláistí samhradh, a bhfreastalaíonn daltaí meánscoile orthu sa samhradh, ní bhíonn ranganna foirmiúla teanga i gceist.

Cuirfear lóistín agus béilí ar fáil do na déagóirí agus is iad mná tí na Gaeltachta a bhfuil aitheantas oifigiúil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge Roinn na Gaeltachta a chuirfidh ar fáil iad.

Fág freagra ar '‘Aistear na nGael’ – cúrsa do dhéagóirí Gaeltachta le reáchtáil arís'

  • John Prendergast

    Bhí sé ar siúl chomh maith in 2019 i gCorca Dhuibhne chomh maith mar eolas, agus baineadh ana shúp as, ach ainm eile é. Ana shásta go mbeidh sé ar siúl don 3ú uair!

  • Bríd-Síle Ní Fhlatharta

    Cén áit & cén uair a bheidh an cúrsa seo ar siúl? Cén chaoi a féidir cur isteach ar an gcúrsa seo?