Moladh i dtuarascáil rialtais go bhfaighfí ‘réiteach’ ar cheist scála pá oibrithe Raidió na Gaeltachta

Deirtear i dtuarascáil neamhspleách nua a d’fhoilsigh an Rialtas inné gur cheart teacht ar réiteach ar an neamhréir idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ

Moladh i dtuarascáil rialtais go bhfaighfí ‘réiteach’ ar cheist scála pá oibrithe Raidió na Gaeltachta

Moltar i dtuarascáil nua a choimisiúnaigh an rialtas go dtabharfaí aghaidh ar an neamhréir idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ agus go bhfaighfí “réiteach” ar an gceist.

Tá an tuarascáil faoi chúrsaí íocaíochta agus acmhainní daonna in RTÉ ar cheann de dhá thuarascáil faoi chúrsaí rialachais in RTÉ a choimisiúnaigh an Rialtas mar gheall ar roinnt conspóidí a bhain leis an gcraoltóir le tamall.

116 moladh san iomlán atá sa dá thuarascáil a cuireadh faoi bhráid an rialtais agus meastar go mbeidh ar RTÉ plean a ullmhú as seo go ceann sé seachtaine do chur i bhfeidhm na moltaí.

Tá ceist an phá ina cnámh spairne le fada ag lucht ceardchumainn Raidió na Gaeltachta agus tá a gcás pléite ag polaiteoirí i dTeach Laighean a deir nach bhfuil sé cothrom go mbeadh daoine in RTÉ a bhíonn ag obair trí Bhéarla ag fáil pá níos mó ná a gcomhghleacaithe a bhíonn ag obair trí Ghaeilge.

Deirtear sa tuarascáil faoi chúrsaí acmhainní daonna agus pá go bhfuil i bhfad an iomarca grád in RTÉ – os cionn 160 acu – agus gur cheart córas níos éifeachtaí agus níos oiriúnaí a thabhairt isteach mar ábhar práinne.

Deir an Coiste Comhairleach Saineolaithe a d’ullmhaigh an tuarascáil don rialtas, go bhfuil geallta ag RTÉ go n-ullmhóidh siad plean maidir le cur i bhfeidhm an athbhreithnithe i mbliana.

Moltar sa tuarascáil go bhfaighfí réiteach ar cheist an phá i Raidió na Gaeltachta mar chuid den athbhreithniú sin agus den idirbheartaíocht a bheidh le déanamh le fostaithe faoi chóras grád nua.

Deirtear nach raibh caighdeán na hidirbheartaíochta ag RTÉ go nuige seo “sách maith” agus go bhfuil dualgas ar lucht bainistíochta dul i gcomhairle le fostaithe oiread agus is féidir.

26 moladh ar fad atá san Independent Review of Contractor Fees, Human Resources (HR) and Other Matters in RTÉ, ina measc caidhp ar phacáistí scarúna a íoctar le fostaithe atá ag fágáil, bandaí pá nua do láithreoirí agus foilsiú eolais faoi chostais na mbainisteoirí sinsearacha agus aon leas pearsanta a d’fhéadfadh a bheith acu.

Dúirt Kevin Bakhurst, ceannasaí RTÉ, níos túisce i mbliana go bhfuil cás le freagairt ag an gcraoltóir faoin neamhréir idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ.

Ag cruinniú le foireann RTÉ i mí Feabhra faoi róil agus gráid san eagraíocht, thagair an tArd-Stiúrthóir go sonrach do chás oibrithe RnaG.

Tá ceist an phá ina cnámh spairne le fada ag lucht ceardchumainn sa stáisiún Gaeltachta.

D’fhógair RTÉ in 2021 go raibh tús á chur le hathbhreithniú ar na scálaí pá ar fad atá i bhfeidhm san eagraíocht.

Dúradh go dtabharfaí aghaidh sa tuarascáil sin ar cheist na neamhréire idir an pá a fhaigheann oibrithe Raidió na Gaeltachta agus oibrithe RTÉ.

Níl an leagan amach céanna ar struchtúr foirne RnaG agus atá ar struchtúr foirne RTÉ, ach maítear, mar shampla, gur chóir go mbeadh Clár-Reachtaire i RnaG ar an scála céanna pá is a bheadh léiritheoir in RTÉ toisc na freagrachtaí céanna a bheith orthu.

Idir €45,000-€64,000 a fhaigheann Clár-Reachtaire in RnaG, grád nach ann dó aon áit eile in RTÉ.

Le linn a thréimhse dheireanach in RTÉ, bhí caidreamh maith ag Bakhurst le roinnt mhaith d’iriseoirí agus lucht bainistíochta Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ba mhinic é ar cuairt sa dá stáisiún.

Fág freagra ar 'Moladh i dtuarascáil rialtais go bhfaighfí ‘réiteach’ ar cheist scála pá oibrithe Raidió na Gaeltachta'