Mórshuirbhé le déanamh faoi dhearcadh mhuintir na hÉireann i leith na Gaeilge

Tá maoiniú curtha ar fáil d’Fhoras na Gaeilge chun mórthaighde a choimisiúnú faoi dhearcadh an phobail i leith na teanga, an chéad mhórshuirbhé dá leithéid le 10 mbliana

Mórshuirbhé le déanamh faoi dhearcadh mhuintir na hÉireann i leith na Gaeilge

Tá €250,000 á chur ar fáil ag an Rialtas chun mórshuirbhé faoi dhearcadh mhuintir na hÉireann i leith na Gaeilge a dhéanamh den chéad uair le deich mbliana.

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a chuirfidh an maoiniú ar fáil d’Fhoras na Gaeilge chun an obair thaighde a choimisiúnú.

Léirigh na mórshuirbhéanna go léir a rinneadh le 50 bliana anuas faoi dhearcadh daoine i leith na Gaeilge go bhfuil tacaíocht láidir i measc an phobail don teanga agus do bheartais stáit a chabhródh léi.

Is léir, áfach,  ó fhigiúirí daonáirimh agus taighde eile nár tógadh ar an tacaíocht sin nó nár spreag an tacaíocht sin aon mhórathrú chun feabhais ar chás na Gaeilge.

Léirigh an mórshuirbhé a dhein An Coiste um Thaighde ar Dhearcadh an Phobail i dTaobh na Gaeilge a foilsíodh i 1975 agus dhá shuirbhé eile de chuid Institiúid Teangeolaíochta Éireann,  i 1983 agus 1993, gur go raibh móramh suntasach ar son tuilleadh tacaíochta stáit don Ghaeilge.

Aontaíodh go láidir le ráitis gur cheart tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do ghaelscoileanna, tuilleadh seirbhísí poiblí i nGaeilge a chur ar fáil agus tuilleadh caiteachais stáit a dhéanamh ar an nGaeilge.

Ba léir an tacaíocht sin a bheith ann ó dheas i gcónaí sa suirbhé thuaidh-theas a dhein Foras na Gaeilge ag tús na mílaoise.

Léirigh an mórshuirbhé deireanach, a rinne an ESRI i gcomhar le Foras na Gaeilge agus a foilsíodh in 2015, go raibh dearcadh dearfach ag 67% den phobal ó dheas i leith na Gaeilge agus ag 45% den phobal ó thuaidh.

Nochtadh staitisticí sa staidéar freisin a bhain le tuairim an phobail i leith na Gaeilge mar ábhar scoile agus faoin ngaelscolaíocht, faoin tacaíocht a thugann an stát don teanga sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di agus faoi choincheap an stáit dhátheangaigh.

Chomh maith leis na mórshuirbhéanna sin, léiríodh an patrún céanna ó thaobh na tacaíochta don teanga i bpobalbhreitheanna a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown do Tuairisc agus sna pobalbhreitheanna bliantúla a dhéanann Conradh na Gaeilge coimisiúnú orthu.

Ag cruinniú de bhord Fhoras na Gaeilge ag deireadh na bliana seo caite, dúradh go raibh €250,000 á chur ar fáil ag Roinn na Gaeltachta don mhórthaighde nua ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge.

Agus nach mór deich mbliana caite ó foilsíodh an mhórshuirbhé dheireanach, dúirt urlabhraí ón bhForas go raibh sé “cuí na sonraí sin a nuashonraí”.

Beidh ar Fhoras na Gaeilge próiseas tairisceana a chur ar bun chun dream a fháil a thabharfaidh faoin obair thaighde.

Fág freagra ar 'Mórshuirbhé le déanamh faoi dhearcadh mhuintir na hÉireann i leith na Gaeilge'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Tá sé thar am tabhairt faoina leithéid seo de shuirbhé. B’fhéidir go gcuirfeadh a thoradh deireadh leis an bhfimíneachas agus leis an cur i gcéill ar fad i leith na teanga atá go láidir sa tír seo. Ach ar ndóigh, d’fhéadfadh sé a mhalairt a léiriú agus go leanfaí ar aghaidh leis an an gcur i gcéill (‘Is Éireannaigh sinn, mar sin cinnte, tá bá againn leis an teanga agus a labhairt againn!’). Sa gcás sin ba airgead amú a bheadh sa morshuirbhé seo! Ní ón mbarr amháin a eascraíonn an cur i gcéill. Fásann sé ón mbun freisin.

  • Pól Ó Braoin

    Tá an t-eolas seo ag teastáil, cinnte. An faitíos atá orm féin ná go ndéanfar beag is fiú de na torthaí, bídis dearfach ná diúltach, agus nach dtiocfaidh athrú ar bith ar chúrsaí sa tír seo maidir leis an aitheantas a thabharfar don Ghaeilge ná do lucht labhartha na teanga. Ag smaoineamh ar an Rinn agus ar dhúnadh oifig an phosta ann san aon ghaeltacht atá aitheanta mar an áit inar tháinig borradh faoin úsáid atáthar á baint as an nGaeilge ann. Ceist náisiúnta ba cheart a bheith i sampla mar sin, an bhfuil muid faoi réir aire na huibhe a thabhairt dár bpobail ghaeltachta agus seirbhís mar sin a choinneáil ag feidhmiú dubh bán ná riabhach. Ábhar dóchais atá ann an tsuim a fheicim atá léirithe ag grúpaí Gaeilgeoirí i mbailte móra sa tír teacht le chéile agus an teanga a chleachtadh go rialta, ach mar sin féin beidh sé go deas na fíricí a fheiceáil ar bhonn eolaíoch agus cruthúnas ceart a bheith le feiceáil againn cén chaoi a bhfuil cúrsaí i leith na teanga ag dul.