Ba chóir rogha a thabhairt do mhuintir Thuar Mhic Éadaigh dul isteach le Gaillimh do thoghchán – Éamon Ó Cuív

Deir an t-iar-aire Gaeltachta go ndéanfadh sé ciall dá mbeadh an ceantar Gaeltachta i ndeisceart Mhaigh Eo i dtoghcheantar na Gaillimhe do thoghchán Údarás na Gaeltachta agus gur chóir freisin go mbeadh ionadaí ag na hoileáin Ghaeltachta ar an mbord

Ba chóir rogha a thabhairt do mhuintir Thuar Mhic Éadaigh dul isteach le Gaillimh do thoghchán – Éamon Ó Cuív

Tá ráite ag Éamon Ó Cuív gur chóir cuid de phobal Ghaeltacht Mhaigh Eo a chur isteach i dtoghcheantar Chonamara do thoghchán Údarás na Gaeltachta.

Tá sé deimhnithe anois ag an Rialtas nach mbeidh na toghcháin do bhord an Údaráis ag dul ar aghaidh i mí an Mheithimh mar a bhí beartaithe toisc nach mbeidh an reachtaíocht réidh in am agus deir Ó Cuív gur chóir an deis a thapú roinnt leasuithe a dhéanamh.

I measc na leasuithe a bheidh á moladh aige, deir an t-iar-aire Gaeltachta gur chóir muintir Thuar Mhic Éadaigh agus an chuid eile de phobal Ghaeltacht dheisceart Mhaigh Eo a chur isteach i dtoghcheantar na Gaillimhe do thoghcháin an Údaráis.

Faoi mholtaí an Rialtais, níl ach ball amháin ó Ghaeltacht Mhaigh Eo le toghadh ar bhord nua Údarás na Gaeltachta. Maíonn Ó Cuív go bhfágann cúrsaí daonra go bhfuil sé beagnach cinnte gur iarrthóir ó cheantar Iorrais in iarthuaisceart an chontae a bheidh i gceist, ceantar atá “píosa fada ar shiúl” ó Thuar Mhic Éadaigh, atá buailte ar an teorainn le Gaillimh.

Deir Ó Cuív go mb’fhearr an rogha a thabhairt do mhuintir Thuar Mhic Éadaigh a bheith istigh i dtoghcheantar na Gaillimhe do thoghcháin an Údaráis, dar leis-sean, agus níos mó seans ann go dtoghfaí duine ó Dhúiche Sheoigheach nó ón gceantar máguaird.

“Tá triúr le bheith tofa i nGaillimh agus duine le bheith tofa i Maigh Eo. Creidim gur cheart dul i gcomhairle le muintir Thuar Mhic Éadaigh, atá i gceantar pleanála teanga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh,” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc.

“Is é sin an t-aon cheantar ina dtéann teorainn na Gaeltachta thar theorainn contae. Ba cheart an rogha a fhágáil fúthu ar mhaith leo a bheith áirithe i dtoghcheantar na Gaillimhe agus a bheith istigh le Dúiche Sheoigheach nó ar mhaith leo a bheith i dtoghcheantar Mhaigh Eo.”

Deir Ó Cuív go mbeadh sé “an-éasca” an t-athrú a dhéanamh agus nach gá ach a chur sa reachtaíocht go bhfuil na toghcheantair bunaithe ar na limistéir pleanála teanga.

Tá cuid de dheisceart Mhaigh Eo curtha i nDáilcheantar Ghaillimh Thiar ach níl Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh san áireamh ansin. Tá molta ag an gCoimisiún Toghcháin go n-aistreofaí an chuid de Mhaigh Eo atá i nDáilcheantar Ghaillimh thiar ar ais chuig Dáilcheantar Mhaigh Eo don chéad olltoghchán eile.

Deir Éamon Ó Cuív freisin gur cheart an reachtaíocht a leasú chun a chinntiú go bhfuil ionadaí do na hoileáin Ghaeltachta ar bhord an Údaráis.

“Beidh mise ag moladh go láidir go mbeidh ball a bhfuil buanchónaí orthu ar oileán Gaeltachta ainmnithe ar bhord Údarás na Gaeltachta,” a dúirt sé.

Bord 16 comhalta atá le bheith i gceist. Déanfaidh an pobal deichniúr a thoghadh agus roghnófar an seisear comhaltaí eile trí chomórtas poiblí. Ag moladh gur ó oileán Gaeltachta a bheidh duine den seisear sin atá Ó Cuív.

Dúirt Ó Cuív go raibh sé mar nós aige nuair a bhí sé ina aire duine ó oileán Gaeltachta a ainmniú ar bhord Údarás na Gaeltachta ach nach raibh sé sin leagtha amach sa reachtaíocht.

Tar éis don Rialtas ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) a fhoilsiú an tseachtain seo caite, deimhníodh nach mbeadh na toghcháin á reáchtáil ag an am céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ar an 7 Meitheamh. Níl aon dáta nua socraithe d’fhilleadh thoghchán an Údaráis.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais le Tuairisc go bhfuil cinneadh le déanamh ag an gcoiste an tseachtain seo an bhfuil siad chun scrúdú réamhreachtaíochta a dhéanamh ar na ceannteidil nuafhoilsithe nó an bhfanfar go bhfoilseofar an bille féin. Reáchtáil an coiste sraith cruinnithe faoi fhilleadh na dtoghchán anuraidh.

Fág freagra ar 'Ba chóir rogha a thabhairt do mhuintir Thuar Mhic Éadaigh dul isteach le Gaillimh do thoghchán – Éamon Ó Cuív'

  • Pádraig Ó h-Éanacháin

    Aontaím dhéanfadh sé ciall. Ar a laghad tá sé níos gaire ná Mhaigh Eo thuaidh. Tá ceangal láidir le Tuar Mhic Éadaigh agus Dúiche Sheoigheach le fada an lá.
    Ach in ndaire ba cheart go ionadaiocht ag Chúile Gaeltacht ar an Údarás.