Jonathan Hill le héirí as mar phríomhfheidhmeannach ar an FAI

Deir an FAI go n-éireoidh Hill as a phost ar an 30 Aibreán agus go gceapfar príomhfheidhmeannach eatramhach ina áit

Jonathan Hill le héirí as mar phríomhfheidhmeannach ar an FAI

Tá Príomhfheidhmeannach an FAI Jonathan Hill chun éirí as a phost.

Tá trí bliana go leith caite ag Hill i gceannas ar an eagraíocht ach fógraíodh ag cruinniú de bhaill foirne an FAI ar maidin go raibh sé le fágáil ag deireadh na míosa seo.

Ceapadh Hill mí na Samhna 2020 agus an FAI ag iarraidh cúrsaí a a chur ina gceart i ndiaidh na ré conspóidí ina raibh John Delaney i bhfeighil ar an eagraíocht.

Bhí Hill faoi bhrú le tamall mar gheall ar roinnt conspóidí eile.

Rinneadh é a cheistiú ag Coiste um Chuntais Phoiblí an Oireachtais níos luaithe i mbliana tar éis don FAI €12,000 breise a íoc leis mar chúiteamh ar laethanta saoire nár thóg sé, rud a d’fhág go raibh a theacht isteach níos airde ná an tuarastal a aontaíodh mar chuid den phacáiste tarrthála a chuir an Rialtas ar fáil don eagraíocht in 2020. Cuireadh maoiniú stáit an FAI ar fionraí de dheasca na heachtra. Dúirt Hill gur míthuiscint a bhí i gceist agus d’íoc sé an t-airgead ar ais leis an FAI. Ag cruinniú i dTeach Laighean, dhiúltaigh Uachtarán an FAI muinín a léiriú i Hill.

Tá cáineadh déanta ar an FAI freisin faoin méad ama atá caite acu ag iarraidh teacht ar bhainisteoir nua ar fhoireann shinsir na bhfear. Tháinig deireadh le conradh Stephen Kenny mí na Samhna seo caite ach tá an fhoireann fós gan bainisteoir. Tuigtear go bhfuil bainisteoir nua le fógairt an tseachtain seo.

Fuarthas locht ar Hill chomh maith nuair a bhí foireann na bhfear fágtha gan aon phríomhurraí ar feadh beagnach ceithre bliana nó gur fhógair Sky an mhí seo caite go raibh siad chun urraíocht a dhéanamh ar fhoireann na bhfear chomh maith le foireann na mban.

Bhí míshástacht ann freisin nach raibh cónaí ar Hill in Éirinn agus go mbíodh sé ag taisteal ó Shasana chun an jab a dhéanamh.

Deir an FAI go gcríochnóidh Hill sa phost ar an 30 Aibreán agus go mbeidh príomhfheidhmeannach eatramhach i gceannas go dtí go gceapfar duine go buan.

Ghabh Paul Cooke agus Tony Keohane, uachtarán agus cathaoirleach Bhord an FAI, buíochas le Hill as an obair a rinne sé mar phríomhfheidhmeannach.

Fág freagra ar 'Jonathan Hill le héirí as mar phríomhfheidhmeannach ar an FAI'