Humza Yousaf ag éirí as céad-aireacht Pharlaimint na hAlban

Bhí ceannaire Pháirtí Náisiúnta na hAlban, faoi bhrú mór ó d’fhógair sé an tseachtain seo caite go raibh deireadh á chur aige leis an socrú cumhachta a bhí aige le Páirtí Glas na hAlban

Humza Yousaf ag éirí as céad-aireacht Pharlaimint na hAlban

Humza Yousaf. Pic: gov.scot/flickr

Tá Humza Yousaf ag éirí as céad-aireacht Pharlaimint na hAlban agus gan caite aige sa phost ach breis is bliain.

Bhí Yousaf, ceannaire Pháirtí Náisiúnta na hAlban, faoi bhrú mór ó d’fhógair sé an tseachtain seo caite go raibh deireadh á chur aige leis an socrú cumhachta a bhí aige le Páirtí Glas na hAlban.

Bhí an Páirtí Glas le ceangal faoin gcinneadh sin agus shocraigh siad láithreach go dtacóidís le rún mímhuiníne in Yousaf.

Agus a chinneadh éirí as á fhógairt inniu aige, dúirt Yousaf nár thuig sé cé chomh mór is a ghoillfeadh a chinneadh ar an bPáirtí Glas.

“Is é an tátal a bhain mé as an scéal ná nárbh fhéidir an caidreamh a chur ina cheart ar gach taobh den scoilt pholaitiúil gan duine eile a bheith i gceannas,” arsa Yousaf.

Dúirt sé go raibh sé ag súil go gceapfaí a chomharba a luaithe agus ab fhéidir.

Cuireadh síos sa pharlaimint rúin mhímhuiníne sa rialtas agus in Yousaf féin agus ba chosúil nach mbeadh dóthain vótaí aige teacht slán.

Mhaígh Yousaf go bhféadfadh sé teacht slán ón vóta muiníne ach margadh a dhéanamh ar mhaithe le vótaí a mhealladh, ach dúirt sé nach raibh sé ag iarraidh a chuid prionsabal a thréigeadh chun greim a choimeád ar an gcumhacht.

Meastar gurb é an margadh a bhí i gceist aige ná socrú a dhéanamh leis an bpáirtí Alba.

Dúirt Yousaf gur shíl sé gurb é an cinneadh ceart é deireadh a chur leis an socrú comhoibrithe leis an bPáirtí Gals.

Dúirt Keir Starmer, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, gur údar lagmhisnigh a bhí sa scéal agus dúirt sé go raibh cúrsaí ina gcíor thuathail i bparlaimint na hAlban ag an SNP.

“Mar sin tá Parlaimint na hAlban ina cíor thuathail agus tá parlaimint Westminster ina cíor thuathail.

“Agus go bunúsach tá muintir na hAlban á ligean síos. Tá duine as gach seachtar ar liostaí feithimh, tá géarchéim costas maireachtála ann agus níl faic le tabhairt ag SNP ach an rírá.”

Tuairiscítear go bhfuil brú á chur ar John Swinney, iarcheannaire an SNP agus iar-leaschéad-aire na parlaiminte, seasamh do phost an chéad-aire.

Anuraidh a ceapadh Humza Yousaf  ina cheannaire ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban, an SNP agus ina chéad-aire ar Pharlaimint na hAlban.

Agus gan é ach 37 bliain d’aois bhí sé ar an duine ab óige riamh le bheith ina chéad-aire ar Pharlaimint na hAlban. Chomh maith leis sin, bhí sé ar an gcéad duine sa phost sin ar de bhunadh na hÁise é.

28 lá atá ag baill na parlaiminte le céad-aire nua a cheapadh.

Fág freagra ar 'Humza Yousaf ag éirí as céad-aireacht Pharlaimint na hAlban'