Ní leithscéal eile ach gníomh atá tuillte ag muintir Luimnigh tar éis bás gan ghá Aoife Johnston 

Is léir le fada go bhfuil gá le hathrú bunúsach ar riar agus struchtúr Ospidéal Ollscoile Luimnigh. Gníomh seachas focail chomhbhróin a theastaíonn

Ní leithscéal eile ach gníomh atá tuillte ag muintir Luimnigh tar éis bás gan ghá Aoife Johnston 

Chuir an Taoiseach ceist réasúnta faoi ospidéal ollscoile Luimnigh agus ceist a chuir Mary Lou McDonald air á freagairt aige sa Dáil Dé Céadaoin.

Bhain ceist cheannaire Shinn Féin le cás Aoife Johnston, an cailín sé bliana déag a fuair bás le seipsis in Ospidéal Ollscoile Luimnigh i mí na Nollag 2022.

Thug an giúiré ag an ionchoisne cróinéara a d’fhiosraigh a bás breithiúnas an lá dár gcionn gur de bharr ‘míthapa leighis’ (nó timpiste leighis) a d’éag sí. Dúradh leis an ionchoisne gur dócha go mbeadh biseach iomlán uirthi dá mbeadh drugaí frithbheathacha tugtha di in am.

Thagair Simon Harris sa Dáil don mhéadú 42% (nó 1,100 duine breise) ar fhoireann an ospidéil agus don mhéadú 44% ar a bhuiséad (níos mó ná ospidéal ar bith eile) le ceithre bliana anuas.

Tá ‘fadhbanna achrannacha’ le réiteach san ospidéal, a dúirt sé. Ní foláir fiafraí áfach, a dúirt sé, agus an oiread sin airgid á infheistiú, cén fáth nach bhfuil cóir leighis d’othair an ospidéil níos fearr ná mar atá?

Níor thagair an Taoiseach do na fadhbanna a luaigh Mary Lou McDonald: easpa leapacha agus an cosc reatha ar earcaíocht sa tseirbhís sláinte. Dar léise go bhfuil méadú 200 duine de dhíth ar fhoireann an ospidéil chomh maith le 288 leaba sa bhreis.

Ní haon rún é fíoréirim ráiteas Simon Harris. Níl lánmhuinín ag an rialtas as bainistíocht an ospidéil, mar a thug an t-aire sláinte le fios le gairid. Tar éis do Stephen Donnelly cuairt a thabhairt ar an ospidéal an mhí seo caite, dúirt sé go raibh comhrá an-díreach aige le lucht ceannais an ospidéil faoin athrú ar chóireáil agus ar shruthú othar a bhí de dhíth, dar leis. Ní raibh athruithe a cuireadh i bhfeidhm in ospidéil eile á gcur i bhfeidhm mar ba chóir i Luimneach, a dúirt an t-aire.

Ní féidir leis an Taoiseach, a bhí ina aire sláinte ó 2016 go 2020, ná le hionadaí rialtais ar bith a rá, áfach, nár cuireadh ar an eolas iad arís agus arís eile roimhe seo faoi dhrochstaid an ospidéil i Luimneach.

Sé mhí sular bhásaigh Aoife Johnston san ospidéal in 2022, bhí cur síos ar phlódú a chuir othair i mbaol i dtuairisc a d’fhoilsigh an tÚdarás Um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA). Nuair a thug cigirí ón Údarás cuairt gan choinne ar an ospidéal ar an 15 Márta 2022 bhí líon na n-othar san ionad práinne a dhá oiread níos mó ná an líon daoine ar leagadh amach é chun freastal orthu.

Dúirt na cigirí gur léirigh taifid an ospidéil nach raibh oiliúint suas chun dáta ach ar idir 60% agus 71% de na haltraí maidir le tacaíocht beatha agus seipsis – ábhar a raibh dlúthbhaint aige le bás Aoife Johnston.

Go gairid tar éis tuairisc HIQA a fhoilsiú, d’eisigh Grúpa Ospidéal UL, atá freagrach as an ospidéal, ráiteas inar glacadh go hiomlán le tuairimí na gcigirí. Ghabh stiúrthóir cliniciúil an ghrúpa, an tOllamh Brian Lenihan, leithscéal le hothair mar nár leor na beartais a cuireadh i bhfeidhm chun déileáil le méadú as cuimse ar éileamh an phobail.

Ní gá na drocheachtraí ná na tuairiscí eile a léirigh don rialtas agus do mhuintir an iardheiscirt, roimhe sin agus ó shin, go raibh cúrsaí go dona san ospidéal. Rinne Stephen Donnelly comparáid eile an mhí seo caite idir an feabhas atá ag teacht, dar leis, ar ionaid phráinne eile agus scéal an ospidéil i Luimneach.

Dá bhfágfaí Luimneach as an áireamh, a dúirt sé, léirigh na figiúirí is déanaí laghdú 17% ar líon na n-othar ar thralaithe. Ní laghdú ach méadú 50% a léirigh cuntas na dtralaithe i Luimneach.

Ní dhéanfaidh duine ar bith a chuala Carol Johnston, máthair Aoife, ag caint nuair a chríochnaigh an t-ionchoisne a d’fhiosraigh bás a hiníne dearmad ar feadh i bhfad ar a ndúirt sí. Dúirt sí féin agus athair Aoife lena n-iníon go mbeadh sí san áit cheart san ospidéal agus go dtabharfaí aire di. Mar is eol do chách anois, níor tugadh.

Bheadh eagla uirthi cóir leighis a lorg di féin nó dá páistí eile san ospidéal, a dúirt Carol Johnston. “Is bocht an scéal é,” a dúirt sí. Níl duine i Luimneach ná san iardheisceart nach n-aontódh léi.

Dúirt an Taoiseach sa Dáil go raibh súil ag an rialtas go mbeadh tuairisc an iarPhríomh-Bhreithimh Frank Clarke ar bhás Aoife Johnston ar fáil an mhí seo chugainn. Tarraingeofar aird chomh mhaith ar an ngéarchéim san ospidéal nuair a fhoilseoidh Sinn Féin plean feabhais don ospidéal an tseachtain seo chugainn.

Is léir le fada, áfach. go bhfuil athrú bunúsach ar riar agus ar spás nó méid an ospidéil de dhíth.

Moladh an óráid Dála inar ghabh Simon Harris leithscéal le gaolta na ndaoine a maraíodh i dtubaiste an Stardust 43 bliain ó shin.

Anois, tar éis ionchoisne cróinéara eile, tá riachtanas níos géire agus níos práinní ag brú airsean agus ar an aire sláinte.

Ní leithscéal, dá fheabhas é, ná comhbhrón, dá chroíúla é, a theastaíonn i Luimneach anois ach gníomh fiúntach.

Fág freagra ar 'Ní leithscéal eile ach gníomh atá tuillte ag muintir Luimnigh tar éis bás gan ghá Aoife Johnston '

  • An Sléibhteoir

    gníomh tuilte ag muintir Thiobraid Árann thuaidh agus ag muintir an Chláir atá caite isteach sna tráipéisí leo, agus deireadh curtha leis na rannóga éigeandála in Inis agus san Aonach Urmhumhan!