Treoir tugtha do chomhaltaí Fhoras na Gaeilge gan cúrsaí a phlé roimh cruinnithe boird

Léirítear i miontuairiscí cruinnithe de chuid Bhord Fhoras na Gaeilge an imní atá san eagraíocht teanga maidir le cúrsaí maoinithe agus an baol ciorruithe atá ann dá réir

Treoir tugtha do chomhaltaí Fhoras na Gaeilge gan cúrsaí a phlé roimh cruinnithe boird

Tá treoir tugtha ag Foras na Gaeilge do chomhaltaí boird gan a bheith ag plé ábhar a bhaineann leis an mbord roimh cruinnithe boird oifigiúla.

De réir mhiontuairiscí chruinnithe boird na heagraíochta teanga, a bhfuil scagadh déanta ag Tuairisc orthu, bhí réamhchruinnithe a bhíodh ar siúl idir comhaltaí áirithe ina ábhar plé ag cruinniú boird ag deireadh na bliana seo caite.

Ag cruinniú ar an 3 Samhain 2023, tugadh tuairisc ar na nithe a pléadh ag cruinniú de choiste iniúchta na heagraíochta.

Mar chuid den chaint sin, aontaíodh nár cheart do bhaill an bhoird “fóraim phlé ná réamhchruinnithe a eagrú le plé a dhéanamh ar ábhar a bhain leis an Bhord taobh amuigh de na cruinnithe oifigiúla Boird agus Coistí [an Bhoird]”.

Dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge gurb é a bhí i gceist leis an treoir ná “dea-chleachtas i ngnéithe den rialachas corparáideach” a mheabhrú don bhord.

“Is gnáth-chur chuige a bhíonn i gceist ag an gCathaoirleach agus ag an bPríomhfheidhmeannach nithe éagsúla a mheabhrú don Bhord lena chinntiú go mbíonn an dea-chleachtas i bhfeidhm maidir le gach gné den rialachas corparáideach – an tábhacht a bhaineann le coimhlintí leasa féideartha a aithint, mar shampla, nó mar a bhí i gceist sa chás seo, nach mbeadh comhaltaí ag plé ceisteanna a bhain leis an mBord ach trí na fóraim atá dlite dó sin ag Foras na Gaeilge – Coistí Boird agus Cruinnithe Boird.”

Ag an gcruinniú céanna anuraidh, glacadh le leasuithe ar an nós imeachta maidir le comhfhreagras an bhoird. Dúirt an t-urlabhraí gur bhain na leasuithe le feidhm a bhaint as na bogearraí a bhíonn in úsáid ag Foras na Gaeilge do cháipéisí boird “le radharc a thabhairt do chomhaltaí ar chomhfhreagras”.

Tá léiriú sna miontuairiscí chomh maith ar an imní atá san eagraíocht le tamall maidir le heaspa acmhainní agus an t-éileamh leanúnach atá á dhéanamh ar ardú ar mhaoiniú an Fhorais.

Dúradh gur chúis imní iad cúrsaí buiséid agus go raibh plean le cur le chéile i mbliana le dul i ngleic leis an scéal ar bhealach a chinnteodh go mbeadh “na rudaí tábhachtacha atá á maoiniú faoi láthair fós á maoiniú sa bhliain úr”.

Dúradh ag an gcruinniú i mí na Samhna anuraidh go mbeadh costais na Líonraí Gaeilge ó thuaidh ar cheann de na rudaí is mó a chuirfeadh brú ar bhuiséad an Fhorais in 2024, go háirithe nuair a chuirfí boilsciú ar bhunchostais agus ar chíos san áireamh.

Freastalaíonn Líonraí Gaeilge ar cheantair lasmuigh den Ghaeltacht nach mbíonn ag freastal ar phobal na Gaeltachta ach a bhfuil méid áirithe cainteoirí Gaeilge iontu. Faoi láthair, tá maoiniú á chur ar fáil ag an bhForas do Líonraí Gaeilge i mBéal Feirste Thiar agus i gCarn Tóchair ó thuaidh agus i mBaile Locha Riach, i gCluain Dolcáin agus in Inis ó dheas.

Dúradh le comhaltaí boird an Fhorais ag cruinniú amháin go mbeadh deireadh ag teacht leis an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge i ndeireadh 2024 agus go mbeadh “cinntí” le déanamh i mbliana maidir leis an scéim don tréimhse 2025 – 2027.

Bhí ionadaithe ó na Líonraí Gaeilge i dTeach Laighean le gairid chun an obair a bhíonn ar bun acu agus na dúshláin a bhaineann léi a phlé.

‘Tá pleanáil teanga don Bhéarla i bhfeidhm ó Reachtanna Chill Chainnigh, nílimid ach ar an mbealach ar ais’

Dúirt cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais go raibh sé tábhachtach tacú leis na Líonraí.

“Ba mhaith leis an gComhchoiste gach cúnamh agus tacaíocht a thabhairt do na Líonraí Gaeilge agus do na ceantair nár éirigh leo stádas oifigiúil a bhaint amach go fóill mar Líonra Gaeilge,” a dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.

“Ba mhaith leis a dheimhniú freisin go dtiocfaidh fás agus méadú ar na Líonraí Gaeilge, agus go ndíreofar aird an Rialtais agus an phobail i gcoitinne ar an bhforbairt seo chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt di.”

Chomh maith le scéim na Líonraí, dúradh go raibh seans ann go gcaithfí laghdú a dhéanamh ar réimsí caiteachais eile. Luadh caiteachas foirne, an ciste tionscadail agus scéimeanna bliantúla, amhail Scéim na gCampaí Samhraidh agus Scéim na nImeachtaí Óige.

Cheadaigh Foras na Gaeilge  deontais de luacht €600,000 an tseachtain seo caite i réimsí na n-ealaíon agus óige, breis is €170,000 do Scéim na gCampaí Samhraidh ina measc.

Bhí an céatadán beag de bhuiséad an Fhorais a chaitear ar chúrsaí cumarsáide agus margaíochta – 2.2% – ina ábhar plé ag cruinniú boird chomh maith, ach dúirt urlabhraí le Tuairisc nach bhféadfaí an caiteachas sin a ardú gan airgead a bhaint ó réimsí eile.

Dúirt Foras na Gaeilge níos luaithe i mbliana gur gá don rialtas ó dheas athbhreithniú a dhéanamh ar an leibhéal maoinithe atá á chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Dúradh nach leor an cur chuige reatha chun infheistiú mar is cuí a dhéanamh i réimsí tábhachtacha ar fud na tíre.

Fág freagra ar 'Treoir tugtha do chomhaltaí Fhoras na Gaeilge gan cúrsaí a phlé roimh cruinnithe boird'