An doiléire agus an débhrí – cur chuige an Taoisigh agus é ag caint faoi cheist chonspóideach pholaitiúil

Cén líon eallach (agus ba bainne san áireamh) atá inmharthana in Éirinn? Nó i bhfocail eile, cé mhéad ainmhí ba chóir a cheadú sa “tréad náisiúnta”?

An doiléire agus an débhrí – cur chuige an Taoisigh agus é ag caint faoi cheist chonspóideach pholaitiúil

Bhí plean talmhaíochta a mhol fóram talmhaíochta Fhine Gael á sheoladh ag Simon Harris Déardaoin nuair a dúirt sé nár shíl sé go raibh laghdú ar an tréad náisiúnta eallach riachtanach.

Tá laghdú ar an tréad á mholadh nó á thuar le tamall ag saineolaithe a deir nach laghdófar dá cheal astaíocht mheatáin an stáit mar atá socruithe ag an rialtas.

Aontaíonn an Comhaontas Glas le tuairim na saineolaithe ach níl an laghdú díreach a theastaíonn molta ag an bpáirtí ná ag páirtí ar bith eile. Is léir dóibh uilig an dúshlán agus an deacracht pholaitiúil.

Tá laghdú caoga faoin gcéad faoi 2030 ar ár n-astaíocht charbóin iomlán beartaithe de réir dlí, agus glanlaghdú iomlán faoi 2050. Spriocanna breátha, ach cad faoin bhfírinne?

Tá cur síos beacht ar an scéal dáiríre i dtuairisc a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil i mí Eanáir.

1. Ní leor polasaí an rialtais chun na spriocanna thuas a shroichint.

2. Is dócha go mbeidh laghdú ar an líon eallach sa stát riachtanach.

3. Beidh forbairt níos tapúla ar fhoraoiseacht riachtanach freisin.

Dúirt an Taoiseach Déardaoin gur chóir tacú le feirmeoirí, ach go raibh an pláinéad trí thine agus go mbeadh “athruithe suntasacha” riachtanach. Níor thairg sé mioneolas faoi na hathruithe ná faoin tacaíocht a thabharfaí.

Ní chuirfidh easpa sonraí i gcaint pholaitiúil iontas ar léitheoir ar bith, go háirithe agus toghcháin romhainn an mhí seo chugainn agus olltoghchán le fógairt faoi cheann naoi mí ar a dheireanaí. Ach tá an débhrí i mbriathra Simon Harris follasach.

Níl gá le gearradh siar san earnáil talmhaíochta, dar leis, ach beidh “athruithe suntasacha” de dhíth amach anseo. Níl brú ná fonn ar an Taoiseach ná ar pholaiteoir ar bith labhairt ar dhóigh níos soiléire faoi na cúrsaí seo, ach rachaidh an brú agus an riachtanas i dtreise tar éis an olltoghcháin.

Mar shampla, mura laghdaíonn féar agus beathú níos glaine astaíocht na hearnála talmhaíochta, dúiseofar arís machnamh dáiríre ar an laghdú ar “an tréad náisiúnta” a luadh mar fhéidearthacht i dtuairisc na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil.

Dúirt an Taoiseach nach mbeadh ciondíothú (nó i nglanGhaeilge, marú) eallach san áireamh. Ar ndóigh d’fhéadfaí laghdú ar “an tréad náisiúnta” mar a thugtar air a chur i bhfeidhm le beartais níos boige.

Thagair Simon Harris d’ábhar conspóideach eile nach mian le polaiteoirí a phlé faoi láthair. Dúirt sé nach ndearnadh botún agus an tréad ba déiríochta á mhéadú go leanúnach le tacaíocht rialtais le deich mbliana anuas.

Léiríonn figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh anseo gur tháinig méadú thart ar a cúig faoin gcéad ar “an tréad náisiúnta” eallach (ó 6.9 milliún go dtí os cionn 7.3 milliún ainmhí) idir 2015 agus 2023.

Tháinig méadú 22 faoin gcéad ar líon na mba déiríochta (ó 1.29 milliún ainmhí go dtí níos mó ná 1.64 milliún) sa tréimhse chéanna.

Má ghlactar leis nach féidir líon na n-eallach sa tír a mhéadú go brách gan spriocanna reachtúla astaíochta a chur i leataobh, talamh a dhíghradú agus aibhneacha a thruailliú, is léir an cheist a chaithfear a fhreagairt uair éigin.

Cén líon eallach (agus ba bainne san áireamh) atá inmharthana in Éirinn? Nó i bhfocail eile, cé mhéad ainmhí ba chóir a cheadú sa “tréad náisiúnta”?

Tá an cheist á seachaint le fada ag polaiteoirí ar chaon taobh. Ní féidir agus ní cóir í a sheachaint ar feadh i bhfad eile.

Ní bhaineann an riachtanas ná an phráinn le feirmeoirí amháin, agus bhí an ceart ag Simon Harris a rá gur dea-shampla d’earnálacha eile an dul chun cinn atá á dhéanamh ag feirmeoirí.

Ach mar a dúirt sé Déardaoin: “tá an pláinéad trí thine”.

Fág freagra ar 'An doiléire agus an débhrí – cur chuige an Taoisigh agus é ag caint faoi cheist chonspóideach pholaitiúil'

  • Eoghan Ó Néill

    Is cead abhann a truailliú atá sa Nitrates Derogation agus fágann sin nach mbeadh rath ar gnáthdhuine a bheadh ag iarraidh iascaireacht bradán nó breac ann. Ní maith le húinéirí talún go mbeadh éinne a rá leo go gcaithfidh siad athruithe a dhéanamh ar an dóigh a úsáideann siad a gcuid maoine ach tá i bhfad barraíocht CH4 á sceitheamh as páirceanna na hÉireann agus is léir ón Earrach fuar fliuch i mbliana toradh an ardú teochta ar an fharraige mhór. Tráthúil i bhfad níos coillte a phlantáil agus an córas tacaíochta ó cháin-íochóirí do úinéirí talún a chur faoi scrúdú.

  • Gourmand leathGhlas

    Ní luaitear muicfheoil sa alt. Ar scála domhanda, táirgeann muca thart ar 0.03 gigatonnes de meatán eintreach in aghaidh na bliana, fíorbheagán i gcomparáid le 1.64 Gt ó athchogantaigh ar nós ba, caoirigh agus gabhair.
    https://businesswales.gov.wales/farmingconnect/news-and-events/technical-articles/part-1-greenhouse-gases-produced-pig-rearing#:~:text=On%20a%20global%20scale%2C%20pigs,to%20their%20different%20digestive%20strategies.
    Tá droch íomhá ag an muicfheoil. Faoi láthair más maith leat muicfheoil d’ardchaighdeán a itheadh ní mór aithne a chur ar feirmeoirí orgánacha agus an fheoil a cheannach díreach uathu ar phraghas níos airde ná muicfheoil mhonarcha.
    An fhadhb le muca mhonarcha ná go gcaitear go han dona leo de gnáth agus iad sáinnithe istigh i spás cúng agus cuirtear antaibheathaigh lena mbia go huathoibríoch.