Seo chugainn ‘A Man in Full’ agus an fear a bhláthaigh go déanach

Tugann David E. Kelley úrscéal Tom Wolf chuig an scáileán beag

Seo chugainn ‘A Man in Full’ agus an fear a bhláthaigh go déanach

Faoi dheireadh na nóchaidí bhí an dá scór slánaithe ag Jeff Daniels agus é ag strácáil leis in iomaire na haisteoireachta. É de cháil air go raibh sé taobh le Jim Carrey mar dhuine de na liúdramáin in Dumb and Dumber (1994). De réir scéil bhí sé chun a chaipín a chaitheamh leis an gcúram ach do lean sé leis ag rómhar ar a dhícheall.

Is de réir a chéile a bhláthaigh sé; taispeántais bhreátha uaidh sna scannáin The Squid and the Whale (2005) agus Good Night, and Good Luck (2005). Sé an scáileán beag a dhein a chóta bán dó, áfach. Thosaigh sé le The Newsroom (2012-2014) agus ó shin bhí Godless (2017), The Looming Tower (2018), The Comey Rule (2020) agus American Rust (2021-2024) againn. Ghnóthaigh sé cúig ainmniúchán Emmy agus dhá bhua a bhí aige (The Newsroom agus Godless). Bhláthaigh sé agus na cúlfhiacla curtha go maith aige.

Seo chugainn arís an fear a bhláthaigh go déanach le saothar tathagach teilifíse eile. Tá an mhionsraith seo bunaithe ar úrscéal ó Tom Wolfe a foilsíodh i 1998 agus sé an ceardaí David E. Kelley a thug chuig an scáileán beag é. Ní nach ionadh bhí an lucht féachana ar tinneall. Tá an saothar bunaithe ar  Charlie Croker, piarda mór an eastáit réadaigh in Atlanta Florida.

I dtosach an chéad ghála címid Shania Twain ag canadh ag a chóisir lá breithe; na trí scór slánaithe aige. Bean óg lena thaobh, é saibhir is cumhachtach. De gheit tosnaíonn rudaí ag titim ó chéile. Tá $800 ar iasacht aige ó bhanc amháin agus tá an feidhmeannach díograiseach, naimhdeach Harry Zale (Bill Camp) á thóraíocht.

Tosnaíonn an t-ísliú céime. Fan na slí tugtar léiriú ar chiníochas agus cúbláil is soiniciúlacht na polaitíochta. Ní i gcónaí a aimsíonn an saothar an sprioc maidir leis na téamaí sin ar fad. Gan amhras ní féidir comparáidí le Succession (2018-2023) a sheachaint agus tosnóidh tú ag smaoineamh ar fhear na gruaige oráiste chomh maith.

Tá cliar bhreá againn sa saothar (Tom Pelphrey, Aml Ameen, William Jackson Harper, Diane Lane agus Lucy Liu ina measc). Laigeacht sa saothar ná nach mbaintear dóthain úsáide as an mbeirt bhan, Lane go háirithe. Is ise iarbhean chéile Charlie agus tuiscint faoi leith aici ar mheon agus gníomhartha fill an phríomhcharachtair. Is cuma ann nó as í go rómhinic.

Sé Daniels a dhéanann an tsraith seo a iompar. Fear cumhachtach, uaillmhianach, dochloíte. Fear a dhein a shaibhreas le bladhmann agus tiarnúlacht.  Le tuin chainte fhadálach an deiscirt is féidir leis a bheith mealltach agus bagarthach in aon chomhrá amháin.

An saol ar a thoil aige tráth, an bhreis ina aghaidh anois. É ag taoscadh na farraige ag iarraidh an saol a bhí aige a tharrtháil. An-seans go mbeidh ainmniúchán Emmy eile ar na bioráin.

Fág freagra ar 'Seo chugainn ‘A Man in Full’ agus an fear a bhláthaigh go déanach'