Muintir Brown fós ar thóir na fírinne agus an chirt

Thug  an clár truamhéalach ‘Murder of a GAA Chairmain’ cuntas ar iarrachtaí mhuintir Sheán Brown clabhsúr éigin a fháil

Muintir Brown fós ar thóir na fírinne agus an chirt

Beidh feidhm leis an Acht Oidhreachta ó thuaidh ag tosach na míosa seo chugainn. Tá cad é achrann tarraingthe ag an dlí conspóideach seo i measc an phobail óir go gcuirfidh sé srian is bac ar dhaoine teacht ar an bhfírinne agus ar chothrom na Féinne maidir le marú a ndaoine muinteartha.

Rialtas na Breataine agus lucht na bunaíochta thall ag maíomh gur iarracht atá ann bogadh ar aghaidh, gach n-aon eile nach mór ag maíomh gur iarracht atá ann claonpháirteachas agus gníomhartha fill a cheilt. Chinn Rialtas na hÉireann dul i muinín na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

Tá an dáta cinniúnach ag teannadh linn, áfach agus is iad muintir Brown a thuigeann sin go maith. Ar an 12 Bealtaine 1997 bhí Seán Brown, cathaoirleach chumann CLG Bhaile Eachaidh ag cur gheataí na páirce faoi ghlas nuair a d’fhuadaigh buíon den LVF é. Tugadh greadadh dó agus deineadh é a lámhach. Fuarthas a chorp an lá dár gcionn 10 míle ó bhaile. Tá muintir Brown ag snámh in aghaidh easa ó shin is iad ar thóir an chirt agus na fírinne. Thug clár tráthúil Murder of a GAA Chairman (RTÉ1, Dé Luain) éachtaint thruamhéalach ar a dturas 27 bliain.

D’fhéadfaí an clár pointeáilte, tomhaiste seo a dheighilt ina dhá chuid. Sa chéad chuid tugadh cuntas ar Sheán féin, ar oíche a mharaithe agus ar an gcomhthéacs polaitiúil ag an am. Fear lách, dea-chroíoch agus fear mór pobail is CLG lena chois sin.

Bhí an Tuaisceart ar tí pléascadh an uair úd agus léirsithe Dhroim Crí faoi lán seoil. Tháinig conspóid chun cinn i mBaile Eachaidh chomh maith mar gheall ar mháirseáil áitiúil ansin. Thug muintir Sheáin, a bhean Bridie ina measc, tuairiscí léanmhara, ionraice dúinn. Bhí ionchur chomh maith ó Niall Murphy, dlíodóir an teaghlaigh, an t-iriseoir Susan McKay, Jarlath Burns agus a thuilleadh nach iad.

Ansan tá an dara cuid; éagóir an chórais dlí agus cirt. Diaidh ar ndiaidh nochtadh dóibh nach raibh na póilíní chun tabhairt faoin gcás mar ba cheart. Cumaliomachas, tarraingt na gcos agus scaoileadh le fianaise imeacht le cúr na habhann. Iad ag maíomh nach raibh na ceamaraí i mbeairic Dhroichead Thuama ag obair nuair a ghabh carranna an LVF an treo sin oíche a mharaithe.

D’éirigh rudaí níos measa. I rith an choiste cróinéara tháinig sonraí creathnacha chun cinn in ainneoin go raibh go leor de na comhaid folaithe; breis agus caoga leathanach i gcomhad amháin. Admhaíodh áfach gur cuireadh an faireachas a bhíothas a dhéanamh ar dhuine de bhuíon an LVF ar ceal oíche an dúnmharaithe agus tosnaíodh é arís an lá dár gcionn.

Dúradh go raibh tuairim is 25 duine páirteach sa dúnmharú agus gur “gníomhairí de chuid an Stáit” cuid acu. Ar deireadh b’éigean don chróinéir deireadh a chur lena fhiosrúchán mar gheall ar an gcoinneáil siar ar eolas. Mura raibh an ghoimh ort faoin scéal seo roimh an gclár, beidh ina dhiaidh.

Ba dhóigh leat go gcuirfeadh sé alltacht ar aon duine cóir.

Ní hamlaidh atá. Ag deireadh an chláir meabhraigh an scríbhneoireacht ar an scáileán dúinn gur chinn Státrúnaí an Tuaiscirt, Chris Heaton-Harris, anuraidh an dlí a chur ar an gcróinéir mar gheall ar an eolas a scaoil sé.

Níl deireadh leis an bhfeachtas mar níl deireadh leis an éagóir.

Fág freagra ar 'Muintir Brown fós ar thóir na fírinne agus an chirt'